© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com
Brú na Bóinne
Tagraíonn ‘Brú na Bóinne’, a chiallaíonn an ‘pálás’ nó ‘teach mór’ na Bóinne, don limistéar atá laistigh den áit mar a lúbann Abhainn na Bóinne, ina bhfuil ceann de na tírdhreacha réamhstairiúla is tábhachtaí ar domhan. Tá sé suite gar do chósta thoir na hÉireann thart ar 40 km ó thuaidh ó chathair Bhaile Átha Cliath, tuairim is 8 km siar ó bhaile meánaoiseach Dhroichead Átha agus thart ar 5 km soir ó shráidbhaile Shláine.
Is iad na trí thuama pasáiste chlúiteacha, Cnóbha, Sí an Bhrú agus Dubhadh, is suntasaí ar an tírdhreach seandálaíochta laistigh de Bhrú na Bóinne, agus tógadh iad thart faoi 5,000 bliain ó shin san Aois Neoiliteach nó sa Chlochaois Dhéanach. Tá nócha séadchomhartha breise taifeadta sa limistéar rud a fhágann go bhfuil an áit ar cheann de na coimpléisc sheandálaíochta is suntasaí ó thaobh scála na séadchomharthaí agus a mhéad díobh atá lonnaithe ann, le cois na fianaise ábhartha a ghabhann leo. Is i dtuamaí Bhrú na Bóinne, go háirithe Cnóbha, atá an cnuasach is mó d’ealaíon mheigiliteach in Iathar na hEorpa.
Baineann tábhacht le hoidhreacht nádúrtha Bhrú na Bóinne freisin agus tá roinnt mhaith Limistéar Oidhreachta Nádúrtha ina gcuid de freisin. Áirítear Oileáin Abhainn na Bóinne i measc líon beag na samplaí sa tír de choillearnach fhliuch ghláir agus tugtar tús áite mar ghnáthóg di faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga.
Inscríobhadh Brú na Bóinne mar Láithreán Oidhreachta Domhanda sa bhliain 1993 mar aitheantas ar an sárluach uilíoch a bhaineann leis. Mar chúiseanna leis an láithreán a inscríobh amhlaidh, luadh an scála a bhaineann leis na tuamaí pasáiste a tógadh, an cnuasach tábhachtach d’ealaín mheigiliteach atá ann chomh maith le raon na láithreán agus an tréimhse fhada ghníomhaíochta a bhain go leanúnach leis an áit.
Réamhrá
Ba é Brú na Bóinne, ar a dtugtar an ‘Bend of the Boyne’ nó Gleann na Bóinne freisin, fócas lonnaíochtaí daoine le 6,000 bliain ar a laghad. Tá rianta fós fágtha ar an tírdhreach de na sraitheanna éagsúla gníomhaíochta sin agus iad carntha anuas ar a chéile, ach is iad na hiarsmaí ón tréimhse réamhstairiúil, go háirithe na tuamaí maorga iontacha ón Aois Neoiliteach nó ón gClochaois Dhéanach, a thugann braistint do dhuine gur áit speisialta atá ann, mar a mbíodh ról mór ag deasghnátha agus ag searmanais i saol na bpobal áitiúil thart faoi 5,000 bliain ó shin.
Brú na Bóinne sa Tréimhse Réamhstaire
Cuireadh tús leis an obair le reilig an tuama pasáiste i mBrú na Bóinne a thógáil am éigin thart faoi 3300 RChr agus faoin am sin, bhí an limistéar tagtha chun bheith ina thírdhreach oscailte feirmeoireachta agus fuarthas fianaise scaipthe ar fud na háite go raibh tithe cónaithe ann agus daoine ina gcónaí iontu. Má bhreathnaítear go grinn ar an mbealach a tógadh 40 tuama pasáiste ar a laghad, tá sé le feiceáil go raibh an-eolas ar fad ag lucht a dtógtha ar an ailtireacht, ar an innealtóireacht, ar an réalteolaíocht agus ar obair ealaíne, rud a thugann le fios go raibh sochaí shocraithe an-eagraithe ann inarbh éigean déanmhais bhuana fíorchasta a chruthú le haghaidh deasghnátha agus searmanas a bhain leis na bealaí a caitheadh leis na mairbh agus le nósanna le dul i dteagmháil lena sinsear.
Nuair a éiríodh as na tuamaí a úsáid, thart faoin mbliain 2900 RChr b'fhéidir, bhí na limistéir thart orthu fós an-tábhachtach mar lárionad searmanas, deasghnáth agus cónaithe chomh fada le tréimhse na Cré-Umhaoise Luaithe (c.2200 RChr). Tógadh ciorcail mhóra chré, ciorcail pholl agus ciorcail de phoill agus de chuaillí adhmaid (ar cuireadh síos orthu ar fad mar ‘heinsí’) a raibh claífoirt thart orthu. Tá cursas le feiceáil gar do Shí an Bhrú, agus is éard atá ann péire de g comhthreomhara agus de dhíoga comhthreomhara lena leagtar amach cosán nó bealach. Níl rian chomh láidir céanna ar an tírdhreach d’ábhar a bhaineann leis an tréimhse níos déanaí den Chré-Umhaois. Tá líon beag d’adhlacthaí ciste taifeadta ón tréimhse sin chomh maith le háiteanna inar adhlacadh daoine laistigh de dhíogaí fáinneacha, agus tá fulachtaí fia (dumhaí dóite) ann freisin. Tá fianaise le fáil go raibh gníomhaíocht ar siúl anois is arís ann i gcaitheamh na hIarannaoise (c. 500 RChr – AD 400), agus go raibh daoine á n-adhlacadh gar don phríomhdhumha ag Cnóbha agus ar léibheann na habhann ag Ros na Rí. Cuireadh rudaí Rómhánacha agus rudaí lenar bhain ardluach sa tréimhse dhéanach den Iarannaois, lena n-áirítear boinn agus seodra, i dtaisce i gcóngar Shí an Bhrú mar íobairtí móide.
Tháinig borradh faoi ghníomhaíocht ag Brú na Boinne an athuair nuair a tugadh an Chríostaíocht isteach go luath sa chúigiú céad. Déantar achoimre ar an tréimhse sin agus ar thréimhsí staire ina diaidh i rannóg an Chúlra Staire.
Ciorcal Heinse Adhmaid/Ciorcal na bPoll
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Chiorcail Heinsí Adhmaid /Chiorcail na bPoll , breathnaigh ar ár leathanach d'Acmhainní Oideachais.
Láithreán Oidhreachta Domhanda Brú na Bóinne
Inscríobhadh ‘Coimpléasc Seandálaíochta Lúb na Bóinne’ ar an Liosta Oidhreachta Domhanda i 1993 tar éis dó a bheith measta mar áit a chomhlíon trí chinn as na sé chritéar maidir le hoidhreacht chultúir lena mbaineann sárluach uilíoch. Ba iad seo a leanas na trí chritéar:
1. gur saothar máistreachta é lena léirítear sáréirim chruthaitheach an duine,
2. go dtugann sé fianaise ar leith, nó sárfhianaise ar a laghad, ar thraidisiún cultúir nó ar shibhialtacht atá ar marthain nó imithe i léig,
3. gur sárshampla ar fad é de chineál foirgnimh, de chineál coimpléasc ailtireachta nó teicneolaíochta nó de chineál tírdhreacha lena léirítear staid(eanna) suntasacha i stair an chine dhaonna.
Cuimsítear thart ar 780 heicteár i bpríomhláthair an Láithreáin Oidhreachta Domhanda, atá laistigh den limistéar mar a lúbann Abhainn na Bóinne. Síneann crios deighilte, ar thart ar 2,500 heicteár atá ann, chomh fada leis an Máiteog ó thuaidh agus cuimsítear Abhainn na Bóinne féin ó dheas sa chrios freisin. Síneann an crios deighilte a fhad le líne iomaire scairpe ónar féidir breathnú amach ar an bpríomhláthair sin. Socraíodh teorainneacha an chreasa deighilte tar éis do na radhairc isteach ar an bpríomhlimistéar agus amach as a bheith curtha san áireamh.
Bealaí Rochtana do Chuairteoirí
Más mian le cuairteoirí dul isteach go dtí Sí an Bhrú agus Cnóbha, ba cheart dóibh a thabhairt dá n-aire nach féidir sin a dhéanamh ach amháin trí pháirt a ghlacadh i dturais fhoirmiúla a fhágann Ionad Cuairteora Bhrú na Bóinne atá suite ar bhruach theas na habhann, gar do shráidbhaile Dhún Uabhair. Is féidir breathnú ar an dumha ag Dubhadh ach dul díreach chuig an láithreán ach ba cheart do dhuine a thabhairt dá aire nach bhfuil aon bhealaí ann atá oscailte don phobal le teacht ar na tuamaí iad féin. Leagtar mionsonraí iomlána na socruithe maidir le bealaí rochtana agus áiseanna atá ar fáil san Ionad Cuairteora amach sa rannóg Eolas do Chuairteoirí.












































