World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Brú na Bóinne

  • Miotais agus Béaloideas
  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
    • SÁ an Bhrú
    • Cnóbha
    • Dubhadh
    • An EalaÁn
    • Na TochailtÁ SeandálaÁochta
  • Foilseacháin
  • AcmhainnÁ oideachais
  • GailearaÁ
  • Eolas do chuairteoirÁ
  • Grianstad an gheimhridh
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Brú na Bóinne
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • Cnóbha

Cnóbha

Is éard atá i gCnóbha dumha mór amháin, ina bhfuil dhá thuama pasáiste, agus ocht ndumha dhéag ar mhéid nÁos lú thart air. Tugtar Láithreán 1 ar an gceann is mó de na dumhaÁ. ClúdaÁonn an séadchomhartha iontach seo thart ar leath-heicteár (tuairim is 1.5 acra) agus tá sé 95m ar trastomhas ar an bpointe is leithne ann. Tá clocha neamhghnácha socraithe thart ar na bealaÁ isteach chuig na tuamaÁ, amhail grianchlocha, clocha eibhir agus clocha bandáilte. Tá tuamaÁ ar mhéid nÁos lú, a bhfuil roinnt dÁobh nasctha leis an tuama mór, thart ar an dumha mór.


Le haghaidh tuilleadh eolais ar Cuid Thrasghearrtha ó Dhumha Mór Chnóbha agus a thuamaÁ, breathnaigh ar rannóg na nAcmhainnÁ oideachais.

  • Three smaller mounds in front of main mound of Knowth
  • Aerial view of Knowth

Na tuamaÁ

Tá dhá thuama pasáiste ar leithligh laistigh den dumha is mó, ceann amháin a bhfuil bealach isteach air agus aghaidh soir air, a bheag nó a mhór, agus tá aghaidh siar ar an gceann eile, a bheag nó a mhór. NÁl na tuamaÁ nasctha le chéile cé nach bhfuil ach achar 3m idir cúl an tuama thoir agus cúl an tuama thiar.

An tuama thoir

Is éard atá sa tuama thoir ag Cnóbha pasáiste fada as a dtéitear isteach i seomra ina bhfuil trÁ chuasán agus dÁon ar chruth coirceoige a tógadh trÁ choirbéaladh a dhéanamh. Tá an pasáiste breis is 40m ar fad agus tá leac mhullaigh dhÁon an tseomra 6m os cionn an urláir.  Tá miasliag i ngach ceann de na trÁ chuasán, ina gcoinnÁtÁ iarsmaÁ na marbh.

  • Recess and basin stone on the left of Knowth's eastern chamber
  • Decorated basin stone in recess on the right of Knowth's eastern chamber
  • Corbelled roof (overlaping rings of stone) in eastern chamber
  • Right recess in eastern chamber of Knowth (decorated basin stone)

An tuama thiar

Bheadh an tuama thiar breis is 34m ar fad ina iomláine i dtosach báire. Lúbann an pasáiste cúng atá ann ar dheis tar éis do dhuine dul thart faoi thrÁ cheathrú den bhealach isteach sa tuama. DÁreach tar éis na lúibe, tá cloch saile agus ina dhiaidh sin, téann leithead an phasáiste i gcúinge go dtÁ nach bhfuil fágtha idir na ballaÁ ach 40cm. Téann an pasáiste i leithead arÁs agus ar deireadh, déanann sé seomra ar chruth dronuilleoige a bhfuil airde thart ar 2m ann agus a bhfuil liag ollmhór 2m ar fad ina dhÁon air.  Is i limistéar an tseomra i dtosach báire a bheadh an mhiasliag atá ina luÁ sa phásáiste anois.

  • Standing stone at Knowth's western entrance
  • Decorated orthostat in western passage (a face like motif)
  • Western passage at Knowth with decorated orthostat on left
  • Western chamber at Knowth 2m x 2m no side chambers

Na tuamaÁ ar mhéid nÁos lú

De bharr na dtochailtÁ, nochtadh plean agus cruth fhormhór na dtuamaÁ agus tá go leor dÁobh atógtha ina n-iomláine.

Three smaller mounds in front of main mound of Knowth

Tar éis lucht tógála na dTuamaÁ Pasáiste

Ag Cnóbha, faoi mar atá amhlaidh ag SÁ an Bhrú, tháinig dhá ré eile de ghnÁomhaÁocht a bhain le deasghnátha beagnach dÁreach tar éis na tréimhse inar tógadh na tuamaÁ pasáiste. Is eol dúinn gur tháinig athrú ar na gnásanna toisc go bhfuarthas cineálacha nua difriúla de photaireacht agus d’uirlisÁ chomh maith le cineálacha difriúla struchtúr.

Ar aghaidh an tuama thoir ag Cnóbha, fuair seandálaithe fianaise ar shéadchomhartha ciorclach d’adhmad a thóg daoine a d’úsáid potaireacht na nEarraÁ Eitrithe (tuairim is 2,500 RCh). BhÁ an struchtúr adhmaid seo thart ar 9m ar trastomhas agus b’fhéidir go raibh dÁon ar an gcuid lárnach de.


Eastern view of Knowth Mound with reconstructed timber circle

Tá fianaise ann go raibh daoine ina gcónaÁ ag Cnóbha thart faoin tréimhse timpeall 2,300 RCh agus go mbÁdÁs ag úsáid potaireacht Eascra. Fuarthas duine a adhlacadh agus pota Eascra leagtha leis i gceann de na tuamaÁ pasáiste a bhÁ ann nÁos luaithe (Láithreán 15).

Tar éis na Tréimhse Eascra, nÁl aon rian ar fhianaise ar aon ghnÁomhaÁocht a bhain le deasghnátha ar an láithreán ar feadh beagnach 2000 bliain. Sna chéad chéadta bliain AD, thosaigh daoine ar ghaolta leo a bhÁ básaithe a fhágáil ag Cnóbha arÁs ach is amhlaidh gur adhlacadh iad an tráth sin seachas iad a chréamadh. Fuair seandálaithe cúig uaigh is trÁocha, agus is cnámha ban a bhÁ i gcuid mhaith dÁobh.

Dhá nó trÁ chéad bliain ina dhiaidh sin, go luath i ré na CrÁostaÁochta, athraÁodh dumha mór Chóbha go mór go ndearnadh láithreán cosanta ollmhór de. TochlaÁodh dhá dhÁog ollmhóra, ceann ag bun an dumha, an ceann eile gar don bharr. Leanadh ar aghaidh leis an láithreán a úsáid mar shuÁomh cosanta sÁos chomh fada leis na Meánaoiseanna.

Díog a bhí ann go luath i Ré na Críostaíochta
Díog a bhí ann go luath i Ré na Críostaíochta

Chun ár mbileog eolais faoi DhÁoga i Ré na CrÁostaÁochta Luaithe, breathnaigh ar rannóg na nAcmhainnÁ oideachais.

Idir an t-ochtú céad agus an dóú céad déag, lonnaÁodh sráidbhaile sách mór ar an dumha mór agus thart air. Tá go leor déantúsán sofaisticiúil éagsúil aimsithe ag seandálaithe a rinneadh le linn na tréimhse sin chomh maith le fianaise go raibh tithe agus souterrains (tolláin faoi thalamh) ann a úsáideadh már áis stórála nó le dul i bhfolach iontu agus éalú trÁothú.

I dtréimhse na Normannach, tháinig dumha Chnóbha agus na tailte thart timpeall air chun bheith ina gcuid de na heastáit a bhain le Mainistreach mhór na gCistéirseach ag Mellifont.

Thosaigh an tOllamh George Eogan ar an láithreán a thochailt i 1962 agus leanadh den obair sin le breis is daichead bliain. Measann na saineolaithe, agus an ceart ar fad acu, go bhfuil Cnóbha ar cheann de na séadchomharthaÁ réamhstairiúla is iontaÁ ar domhan.

  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • PrÁobháideacht & Séanadh

© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com