World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Brú na Bóinne

  • Miotais agus Béaloideas
  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
    • SÁ an Bhrú
    • Cnóbha
    • Dubhadh
    • An EalaÁn
    • Na TochailtÁ SeandálaÁochta
  • Foilseacháin
  • AcmhainnÁ oideachais
  • GailearaÁ
  • Eolas do chuairteoirÁ
  • Grianstad an gheimhridh
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Brú na Bóinne
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • Na TochailtÁ SeandálaÁochta

Na TochailtÁ SeandálaÁochta

Tá imscrúduithe seandálaÁochta á ndéanamh ar na séadchomharthaÁ meigiliteacha i mBrú na Bóinne le breis is céad bliain. TionscnaÁodh na himscrúduithe ar chúiseanna éagsúla lena n-áirÁtear taighde arbh é an bhunaidhm a bhÁ leis feabhas a chur ar na bealaÁ rochtana a bheadh ag cuairteoirÁ, na séadchomharthaÁ a léirmhÁniú lena gcur i láthair agus chun éascú le hobair caomhnúcháin.

Cuireadh tús le himscrúdú seandálaÁochta na linne seo ar shéadchomharthaÁ meigiliteacha i mBrú na Bóinne sa bhliain 1960 nuair a rinneadh tochailt ag an tuama pasáiste beag ag Halla an ToinlÁgh. Go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh tús leis na feachtais fhada tochailte ag SÁ an Bhrú agus ag Cnóbha faoi stiúir M.J. O'Kelly agus G. Eogan faoi seach.  Cé gur tionscnaÁodh iad chun feabhas a chur ar na bealaÁ rochtana do chuairteoirÁ agus ar an mbealach a chuirfÁ na séadchomharthaÁ i láthair, tháinig na tochailtÁ sin chun bheith ina dtionscadail mhóra taighde de réir a chéile, agus tá torthaÁ an taighde sin fós ag treorú ár dtuiscinte ar mhuintir na sochaithe a thóg na tuamaÁ iontacha seo, chomh maith lenár tuiscint ar leanúnachas úsáide na láithreán chomh fada lenár linn féin. Breathnaigh ar rannóg na bhfoilseachán le haghaidh tuilleadh eolais. 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar M.J. O’Kelly, breathnaigh ar rannóg na nAcmhainnÁ oideachais. 


  • Excavation Photo at Brú na Bóinne
  • Pre-Excavation Photo at Brú na Bóinne

Leis na tochailtÁ a rinne P.D. Sweetman sna 1970aidÁ agus sna 1980aidÁ, scrúdaÁodh roinnt mhaith séadchomharthaÁ ar chineál heinse a bhÁ iontu ag Baile Nua na Manach agus ag SÁ an Bhrú agus sna 1980aidÁ chomh maith, rinne A.Lynch tochailt ar scála beag ar chúl an dumha ag SÁ an Bhrú chun éascú le hoibreacha ag an gcarn chun an séadchomhartha a dhéanamh nÁos seasmhaÁ. D’imscrúdaigh G. Stout coimpléasc créfoirt ag Cnóbha, sÁos le fána ón bprÁomhthuama pasáiste, idir 2002-2004. LéirmhÁnÁodh é sin mar reilig ‘shaolta’ a bhain le tréimhse na meánaoiseanna luatha.

Sa chuid deiridh de na 1990aidÁ agus go luath sna blianta ó 2000 ar aghaidh, rinneadh tochailtÁ fairsinge i gcúlchrÁocha Bhrú na Bóinne, de bharr na mórscéimeanna bonneagair a tionscnaÁodh an tráth sin go prÁomha. Is cinnte go gcabhróidh torthaÁ na n-imscrúduithe sin go mór lenár dtuiscint ar an gcomhthéacs nÁos leithne a bhaineann le séadchomharthaÁ Bhrú na Bóinne.

Tá Creat Taighde curtha le chéile do Láithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne. Leis an gcreat sin, tá na bearnaÁ móra atá ann inár n-eolas aitheanta agus cabhróidh an creat le taighde a dhéanfar amach anseo a stiúradh i dtreo go méadófar ár dtuiscint ar an áit speisialta seo.


Le haghaidh tuilleadh eolais ar M.J. O’Kelly, breathnaigh ar rannóg na nAcmhainnÁ oideachais.

  • Newgrange mound before excavation and restoration
  • Newgrange mound before excavation and restoration
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • PrÁobháideacht & Séanadh

© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com