© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com
Miotais agus Béaloideas
Brú na Bóinne sna Miotais
Is iomaÁ tagairt atá le fáil i litrÁocht agus i dtraidisiún na Gaeilge Luaithe do shéadchomharthaÁ Bhrú na Bóinne (Pálas nó Teach Mór na Bóinne). Baineann siad le Tuatha Dé Danann, dream daoine osnádúrtha a bhain leis an mBandia Danu agus a rialaigh Á‰ire, de réir an tseanchais, sular tháinig na Ceiltigh go hÁ‰ireann agus a d’imigh leo siar i ndumhaÁ agus i liosanna sÁ ina dhiaidh.
An chaoi ar ainmnÁodh na séadchomharthaÁ
SÁ an Bhrú
Is Áoróineach an rud é go mbaineann an focal ‘nua’ leis an ainm Béarla, Newgrange, atá ar cheann de na séadchomharthaÁ réamhstairiúla is cáiliúla in Á‰irinn. Tar éis do Mhainistir na gCistéirseach a bheith curtha ar bun ag Mellifont gar don áit sa bhliain 1141, fuair an t-ord rialta seilbh ar an talamh thart timpeall ar an séadchomhartha. Rinneadh gráinseach de, nó grange sa Bhéarla, arbh é a bhÁ ann feirm ar imeall thalamh na mainistreach, agus is as sin a d’eascair ainm reatha an tuama pasáiste agus an bhaile fearainn thart timpeall air.
Sna finscéalta, ba é SÁ in Bhrú an t-ainm a tugadh ar an séadchomhartha, rud a chiallaigh Dumha ShÁ an Bhrú. Dúradh gur le hElcmar é a bhÁ pósta ar Boann (Abhainn na Bóinne). Chuir an Daghda Mór Elcmar ag imeacht ar thuras gnó. A fhad is a bhÁ Elcmar imithe, bhÁ mac darb ainm Oengus ag an Dagda agus ag Boann. BhÁ Elcmar imithe ar feadh beagnach bliain ach nuair a tháinig sé ar ais, ba chosúil nach raibh sé imithe ach ar feadh oÁche amháin. NÁos déanaÁ, bhÁ ar Oengas cleas a imirt ar a athair, an Daghda Mór, chun SÁ in Bhrú a fháil le hoidhreacht.
Mar a insÁtear i gceann de na scéalta is cáiliúla in Á‰irinn, TóraÁocht Dhiarmada agus Ghráinne, thug Oengus corp an ghaiscÁgh Diarmuid ar ais chuig SÁ an Bhrú lena choinneáil slán.
Dubhadh
Deirtear gur leis an dorchadas a bhaineann an t-ainm Dubhadh. Deirtear fosta gur duine de rÁthe na hÁ‰ireann, Bressal Bodibad, a thóg an dumha. BhÁ sé ag iarraidh dumha a thógáil a shroichfeadh na flaithis agus nÁor éirigh leis seirbhÁs fhir uile na hÁ‰ireann a dhaingniú lena thógáil ach ar feadh aon lá amháin. Toisc go raibh faitÁos air nár leor é sin, thoiligh a dheirfiúr an ghrian a stopadh sa spéir lena cumhachtaÁ draÁochta sa chaoi is go bhféadfaÁ an obair a chrÁochnú in am. Luigh Bressel lena dheirfiúr i rith an lae áfach, is é sin, rinne sé ciorrú coil, agus nuair a chaill sÁ a cuid cumhachtaÁ, fágadh sa dorchadas iad. D’fhill gach duine abhaile agus tréigeadh an cnoc. “Dubad meaning darkness shall be the name of that place forever”.
Cnóbha
Tá dhá scéal ann ina n-insÁtear an chaoi ar baisteadh Cnobga mar ainm ar Chnóbha. Sa chéad scéal, deirtear go dtagann an focal as na focail Cnoc Bua nó Bui. Is é Bui ainm 'chailleach' cháiliúil Bhéarfra. Oireann Bui do Chnóbha mar gheall ar ról na caillÁ i mbéaloideas na hÁ‰ireann mar bhandia na talún, chomh maith lena nasc leis an mbás.
Tá leagan nÁos áibhéilÁ ná sin le fáil sa scéal lena ndeirtear gur fuadaÁodh leannán Oengus ó fheis a raibh sÁ ag freastal air. Rith a raibh fágtha dá cuideachta ina diaidh chomh fada le Cnobga. BhÁ a cairde ag caoineadh in ard a gcinn agus chothaigh siad iad féin ar aon bhia amháin a rabhadar in ann a aimsiú ansin, an cnó coill.
An Béaloideas
I bhfad sular cuireadh tús leis an obair thochailte ag SÁ an Bhrú i 1962, bhÁ scéal ann go dtiteadh solas na gréine ar dhearadh na dtrÁ bhÁs i seomra cúil ShÁ an Bhrú ar laethanta áirithe sa bhliain (nÁ raibh aon duine in ann a rá cé na laethanta go baileach). BhÁ an tOllamh O’Kelly eolach ar an scéilÁn sin nuair a chuir sé tús lena chuid oibre. Mheas sé go raibh mearbhall ar lucht inste an scéil agus gur ceapadh go dtarlaÁonn an rud céanna ag SÁ an Bhrú is a tharlaÁonn ag Stonehenge Shasana, áit atá cáiliúil as an mbealach a ailÁnÁonn an ghrian le gnéithe den séadchomhartha sin. Chuimhnigh sé ar an scéal áfach nuair a athfhionnadh bosca an dÁn i 1963. Fuair sé amach i 1967 go scroicheann an solas, a bhriseann isteach sa seomra ar éirÁ na gréine lá ghrianstad an gheimhridh, an t-urlár dÁreach faoi bhun na dtrÁ bhÁs. NÁ fhéadfadh an solas sa seomra a bheith feicthe ag aon duine eile ar na saolta sin roimh an Ollamh O’Kelly, toisc go raibh bosca an dÁn lÁonta le clocha agus clúdaithe de bharr ballaÁ an chairn a bheith tite anuas. Tá sé beagnach dochreidte gur cruthaÁodh go raibh an ceart ag lucht inste scéil ar measadh ar feadh i bhfad nach raibh ann ach seanscéal na gcailleach.
Tugtar ‘na pluaiseanna’ ar shéadchomharthaÁ Bhrú na Bóinne go háitiúil. Tá sé ina ábhar suntais gur measadh ar feadh i bhfad ar fud an domhain gurbh áiteanna naofa a bhÁ i ‘bpluaiseanna’ cibé acu pluaiseanna nádúrtha nó saorga a bhÁ iontu.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le Cuid thrasghearrtha de Dhumha Mór Chnóbha agus a thuamaÁ , breathnaigh ar an rannóg na nacmhainnÁ oideachais .











































