© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com
An Coinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda – Céard atá i gceist leis?
Is éard is aidhm don Choinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda an comhoibriú i measc na náisiun a chur chun cinn chun an oidhreacht timpeall an domhain a chosaint i gcás gur oidhreacht í a mbaineann luach uilíoch chomh mór sin léi gur tábhachtach í a chaomhnú do ghlúin na linne seo agus do ghlúine amach anseo.
Ghlacadh leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Oidreacht Domhanda ag Comhdháil Ghinearálta UNESCO i 1972. Faoi láthair, tá 187 tír (ar a dtúgtar "Páirtithe Stáit”) tar éis an Coinbhinsiún a dhaingniú, Éire san áireamh sa bhliain 1991. Bunaíodh an Liosta Oidhreachta Domhanda leis an gCoinbhinsiún mar bhealach go n-aithneofar go mbaineann an oiread tábhacht le roinnt áiteanna, cibé acu áiteanna nádúrtha nó cultúir, go bhfuil freagracht ar an bpobal idirnáisiúnta ar fad ina leith. Nuair a shíníonn Páirtithe Stáit an Coinbhinsiún, geallann siad go gcaomhnóidh siad na Láithreáin Oidhreachta Domhanda ina gcríocha féin, agus ní amháin sin, ach go seachnóidh siad bearta a dhéanfar d’aon turas agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do Láithreáin Oidhreachta Domhanda i dtíortha eile. Ar an ábhar sin, is uirlis caomhnaithe oidhreachta an Liosta Oidhreachta Domhanda.
Is é an Coiste Oidhreachta Domhanda a dhéanann maoirseacht ar an gCoinbhinsiún agus tá an Coiste comhdhéanta de 21 tír atá tofa ag na Páirtithe Stáit. Tacaíonn Ionad Oidhreachta Domhanda UNESCO i bParás leis an gCoiste, a thugann comhairle do Pháirtithe Stáit maidir leis an bpróiseas ullmhúcháin le láithreáin a ainmniú, agus eagraíonn an Coiste cúnamh teicniúil ar iarratas agus comhordaíonn tuairisceoireacht maidir leis an mbail atá ar láithreáin. Comhordaíonn sé gníomhartha éigeandála freisin chun láithreáin atá faoi bhagairt a chosaint agus riarann an Coiste an Ciste Oidhreachta Domhanda freisin.




































































