© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com
Liosta Sealadach
An Liosta Sealadach
Is éard is Liosta Sealadach ann fardal de na maoine sin a bhfuil faoi thír a bhreithniú lena n-ainmniú don Liosta Oidhreachta Domhanda.
Chuir an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil Grúpa Comhairleach Saineolaithe ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2008 chun athbhreithniú a dhéanamh ar liosta sealadach na hÉireann de mhaoine a ainmneofar don Liosta Oidhreachta Domhanda amach anseo. Tugadh faoin athbhreithniú i rith 2008 agus 2009, tráth a bhreithnigh an Grúpa cé na maoine ab fhearr a chomhlíon na critéir go n-inscríobhfaí ar an Liosta Oidhreachta Domhanda iad. Tar éis don Ghrúpa comhairliúchán poiblí a dhéanamh, tograí a mheasúnú agus aighneachtaí a bhreithniú, d’fhaomh an tAire an Liosta Sealadach nua agus cuireadh faoi bhráid UNESCO é i mí an Mhárta 2010. Tagann sé in ionad an liosta a bhí ann roimhe agus a cuireadh le chéile in 1992.
Tá an Liosta Sealadach nua seo le feiceáil thíos in ord aibítreach ach ní gá gurb é sin an t-ord ina rachfar ar aghaidh leis na maoine a ainmniu lena n-inscríobh. Ní dhéanfar aon mhaoin a ainmniú as an Liosta Sealadach lena hinscríobh ar an Liosta Oidhreachta Domhanda ach tar éis do chomhairliúchán a bheith tarlaithe leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus leis na pobail áitiúla. Ba cheart do mhaoin a bheith ar Liosta Sealadach Páirtí Stáit ar feadh bliana, ar a laghad, sular féidir é a ainmniú lena hinscríobh ar an Liosta Oidhreachta Domhanda.
An Liosta Sealadach – Éire 2010 (In Ord Aibítreach)
- An Bhoireann
- Achaidh Chéile agus Móintigh Iarthuaisceart Mhaigh Eo
- Cathair Mhainistreach Chluain Mhic Nóis agus a Thírdhreach Cultúir
- Baile Atha Cliath – Cathair Stairiúil Bhaile Átha Cliath
- Láithreáin Mhainistreacha na Meánaoiseanna Luatha (Cluain Mhic Nóis, Darú, Gleann Dá Loch, Inis Cealtra, Ceanannas agus Mainistir Bhuithe)
- Láithreáin Ríoga na hÉireann (Caiseal, Dún Ailinne, Cnoc Uisnigh, Coimpléacs Ráth Cruachan agus Coimpléacs na Teamhrach)
- Caisil an Iarthair
- Tentative List 2010 - Short Description of Properties (PDF, 35kb)
- Burren Tentative List Submission Format(PDF, 98kb)
- Céide Fields and NW Mayo Boglands Tentative List Submission Format (PDF, 47kb)
- The Monastic City of Clonmacnoise and its Cultural Landscape Tentative List Submission Format (PDF, 49kb)
- Early Medieval Monastic Sites Tentative List Submission Format (PDF, 60kb)
- The Historic City of Dublin Tentative List Submission Format (PDF, 55kb)
- The Royal Sites of Ireland (Cashel, Dún Ailinne, Hill of Uisneach, Rathcroghan Complex and Tara Complex) Tentative List Submission Format (PDF, 44kb)
- Western Stone Forts Tentative List Submission Format (PDF, 138kb)
Gníomhaíonn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta thar ceann na hÉireann mar Pháirtí Stáit sa Choinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda. Tá sí freagrach as cáipéisí an ainmniúcháin a chur faoi bhráid UNESCO le cur san áireamh sna maoine atá ar an Liosta Oidhreachta Domhanda agus as tuairisc a thabhairt do UNESCO faoi staid ár maoine Oidhreachta Domhanda ó thaobh cúrsaí caomhnúcháin.
Bíonn cuid mhaith oibre agus ama i gceist le cáipéisí ainmniúcháin agus plean bainistíochta a ullmhú le haghaidh maoine lena n-áirítear próiseas comhairliúcháin phoiblí. Tógfaidh an staid sin den phróiseas chomh maith leis an gcomhairliúchán poiblí dhá bhliain ar a laghad.
Ina dhiaidh sin, tógann próiseas an inscríofa thart faoi bhliain go leith ón tráth a gcuirfear cáipéisí iomlána an ainmniúcháin agus an plean bainistíochta faoi bhráid an Choiste Oidhreachta Domhanda lena mbreithniú. Le linn na tréimhse sin, déanfaidh na Comhlachtaí Comhairleacha don Choiste - ICOMOS (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Shéadchomharthaí agus Láithreáin) agus IUCN (an tAontas Idirnáisiúnta ar son an Dúlra a Chaomhnú) – an mhaoin a ainmníodh a mheasúnú le féachaint an gcomhlíonann sí na ceanglais lena hinscríobh ar an Liosta Oidhreachta Domhanda agus déanfaidh siad a dtuairisc don Choiste.





















