© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com
Nuacht
Fadú le spriocdháta na n-aighneachtaí maidir le Plean Bainistíochta Láithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne
D’fhadaigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duibhneacháin T.D. inniu (29-06-2011) an spriocdháta ar a nglacfar le haighneachtaí lena meas ag an gCoiste Stiúrtha a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar dhréachtú Plean Bainistíochta nua do Láithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne. Áirítear an Grúpa atá ionadaíoch do na Páirtithe Leasmhara Áitiúla leis na hionadaithe atá ar an gCoiste. Is é 5 i.n., Dé hAoine, 30 Meán Fómhair 2011 an spriocdháta anois ar a nglacfar le haighneachtaí.
Dúirt an tAire Ó Duibhneacháin: “Bheartaigh mé an spriocdháta a bhí ann ar dtús a fhadú mar fhreagra ar iarratais a rinneadh ag cruinniú poiblí a tionóladh le deireanas in Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne. Is maith a thuigim go bhféadfadh imní go leor a bheith ar mhuintir na háite agus feictear dom gur cuí tuilleadh ama a thabhairt le go mbeidh an deis is fearr ag daoine lena dtuairimí a thabhairt.”
Ba mhaith leis an Roinn a chur in iúl go láidir nach gá aon leagan amach sonrach a bheith ar na h-aighneachtaí. Is ann do pháipéar comhairliúcháin agus do dhréacht de chreatdoiciméad don phlean bainistíochta a bhféadfaidh daoine a bhfuil sé i gceist acu aighneachtaí a chur isteach iad a úsáid mar threoir. Féadfar saincheisteanna bainteach le bainistíocht an Láithreáin Oidhreachta Dhomhanda, amhail, cosaint reachtúil an láithreáin lena n-áirítear an chosaint sin dá bhforáiltear faoin reachtaíocht phleanála, rochtain ar Bhrú na Bóinne, agus turasóireacht, a chlúdach sna haighneachtaí.
Tá cóipeanna den pháipéar comhairliúcháin agus den dréacht den chreatdoiciméad don phlean le feiceáil ar an suíomh gréasáin World Heritage Ireland www.worldheritageireland.ie nó féadfar iad a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Ray Connell, Uas., An Rannán um Beartas Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman nó glaoch ar 053 9117388.
Ní mór aighneachtaí a bheith i scríbhinn faoin teideal ‘Dréacht den Phlean Bainistíochta nua do LOD Bhrú na Bóinne’ agus ní mór iad a sheoladh chuig: Ray Connell, Uas., ag an seoladh thuas. Féadfar aighneachtaí a sheoladh isteach freisin le ríomhphost chuig an seoladh seo: worldheritageireland@environ.ie.
Ós go bhfuil fadú leis an spriocdháta is é 5 i.n. Dé hAoine, 30 Meán Fómhair 2011 an spriocdháta anois ar a nglacfar le haighneachtaí.




































































