© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com
Nuacht
Fógraíonn an tAire Gormley Liosta Sealadach nua na hÉireann um Oidhreacht Domhanda
Inniu, (13 Aibreán 2010), d’fhógair an tUasal John Gormley, T.D., Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Liosta Sealadach nua na hÉireann d’ainmniúcháin ionchasacha chuig an Liosta Oidhreachta Domhanda. Táthar tar éis an Liosta Sealadach nua a chur faoi bhráid UNESCO agus é ar intinn é a chur i láthair do chruinniú an Choiste Oidhreachta Domhanda atá le bheith ar siúl ó 25 Iúil – 3 Lúnasa 2010 i mBrasília.
I bhfógairt an Liosta Shealadaigh nua, léirigh an tAire Gormley go bhfuil sé sásta “go gcuimsíonn an Liosta nua na réadmhaoine sin a mbaineann luach uilíoch sárscéimhe leo, a fhreastalaíonn ar chritéir inscríbhinne um Oidhreacht Domhanda UNESCO i dtéarmaí ionracais agus údarachta agus ag a bhfuil an féidearthacht is fearr i leith inscríbhinn na todhchaí ar an Liosta Oidhreachta Domhanda”. Dúirt sé go raibh sé thar a bheith sásta an Liosta Sealadach nua a chur i láthair ina chuimsítear oidhreacht agus cultúr saibhir na hÉirinn.
Sa bhreis air sin shonraigh an tAire Gormley go bhfuil an tábhacht a bhaineann le cosaint na hoidhreachta nádúrtha agus cultúrtha ilghnéitheach aitheanta ag Éire le fada an lá. “Is cuid dár leagáid iad ár gcuid réadmhaoine oidhreachta ní hamháin in Éirinn ach ar bhonn domhanda chomh maith”, a dúirt sé.
D’aithin an tAire obair an tSainghrúpa Chomhairligh faoi chathaoirleacht an Tiarna Donald Hankey, sainghrúpa a bhunaigh an tAire chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Liosta Sealadach. Ghabh sé buíochas freisin leo siúd uile a chur aighneachtaí faoi bhráid, a d’éascaigh láithreoireachtaí chuig na húdaráis áitiúla agus a d’fhreastail ar thráthnónta faisnéise poiblí i rith cur i gcrích an Liosta Shealadaigh agus an próiseas comhairliúcháin a bhain leis.
Ar deireadh d’aibhsigh an tAire don athuair “nach dtarlóidh ainmniúchán aon réadmhaoine, ón Liosta Sealadach nua, le haghaidh inscríbhinne ar an Liosta Oidhreachta Domhanda ach tar éis comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara ábhartha. Tá sé beartaithe go dtarlódh a leithéid de chomhairliúchán trí mheán comhpháirtíochta bunaithe le haghaidh gach ainmniúchán molta.”
Féadfar cóipeanna de Liosta Sealadach nua na hÉireann mar aon le cur síos réadmhaoine, fírinniú ar an luach uilíoch sárscéimhe, critéir de chuid Treoirlínte Oibriúcháin UNESCO a comhlíonadh, ráitis údarachta agus ionracais, agus comparáid le réadmhaoine comhchosúla eile a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne www.environ.ie agus féadfar iad a fháil freisin ach dul i mbun teagmhála leis an Rannóg um Beartas Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta, An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, uimhreacha gutháin 053-911 7391 & 053-911 7388.
CRÍOCH




































































