© 2010 Dept. Environment, Heritage & Local Government.
Designed and Developed by Roomthree.com
Nuacht
Grianstad an Gheimhridh 2020
Grianstad an Gheimhridh
Osclófar iontrálacha do Ghrianstad an Gheimhridh 2020 an 1 Eanáir 2020.
Tagann daoine le chéile ag Sí an Bhrú roimhe éirí na gréine gach maidin ón 18ú Nollaig go dtí an 23ú Nollaig. Is ar 8.58am a éiríonn an ghrian.
Is le crannchur amháin a chinntear cé a rachaidh isteach sa seomra. Tá fáilte roimh gach duine eile teacht áfach agus seasamh lasmuigh den séadchomhartha.
Tarraingeofar an crannchur le haghaidh áiteanna ag Sí an Bhrú do Ghrianstad 2020 ar an 30ú Meán Fómhair 2020. Is leanaí ó thrí scoil áitiúla a roghnóidh na hiarratasóirí. Cuirfear scéala chuig na daoine ar éirigh leo faoi lár mhí Dheireadh Fómhair.
Déantar seasca ainm a tharraingt, agus tugtar cuireadh do gach duine den seasca duine sin a bheith i láthair i gcuideachta ar mhaidin ar leith. Bíonn deichniúr buaiteoirí an chrannchuir agus a n-aíanna sa seomra gach maidin. Déantar roinnt ainmneacha breise a tharraingt freisin agus cuirtear ar liosta sealadach iad. Bíonn an liosta sealadach ann i gcás nach mbítear in ann dul i
dteagmháil le duine ar tarraingíodh amach a (h)ainm don liosta tosaigh nó sa chás nach mbíonn sé nó sí in ann taisteal chuig Sí an Bhrú ar an dáta a tugadh dó nó di. Áit dho-inaistrithe a bhíonn i gceist leis na háiteanna ag Sí an Bhrú d’éirí na gréine. Ní féidir le buaiteoirí an chrannchuir a n-áit sa seomra a thairiscint do dhuine eile.
Bhí 30,861 iontrálacha ann do Ghrianstad 2019.
Ní féidir aon ráthaíocht a thabhairt go soilseoidh an ghrian an seomra ar aon cheann de na maidineacha....is ar an aimsir go huile is go hiomlán a bhraitheann sé sin!