World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Sceilg MhichÁl

  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
    • An Mhainistir
    • An DÁseart
    • Na Tithe Solais
    • TochailtÁ SeandálaÁochta
    • Oibhreacha Caomhnúcháin
  • An Oidhreacht nádúrtha
  • Foilseacháin
  • GailearaÁ
  • Eolas do chuairteoirÁ
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Sceilg MhichÁl
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • An Mhainistir

An Mhainistir

Aerial view of the monastery from the south.

Tá clós inmheánach agus clós seachtrach thart ar an mainistir atá suite ar an ardchlár carraige a théann le fána ar mhullach oirthuaisceart an oileáin. Is maith mar a roghnaÁodh an suÁomh go mbeadh foscadh ag an mainistir agus go mbeifÁ in ann uisce a chruinniú agus bhÁ an-chuid cloch ar fáil, rud a d'éascaigh leis an bpróiseas leis an mainistir a thógáil. D'úsáid na manaigh córas de bhallaÁ coinneála chun léibhinn chomhréidhe a thógáil agus thóg siad a bhfoirgnimh orthu sin laistigh den chlós inmheánach. BhÁ limistéir gairdÁn le bia a fhás iontu ar fáil ar na léibhinn nÁos Ásle laistigh den chlós seachtrach.

Cells A, B and C within inner monastic enclosure.

Is sraith cillÁnÁ a dhéanann taobh thuaidh an chlóis inmheánaigh. An cillÁn comhchoiteann a bhÁ i gCillÁn A atá ar aghaidh an Aireagail Mhóir, agus bhÁ leibhéal uachtair laistigh den chillÁn sin freisin.  Tógadh na cillÁnÁ le linn tréimhsÁ difriúla ama agus léirÁtear leo an bealach a forbraÁodh nósanna tógála cloiche singile le linn thréimhse na meánaoiseanna luatha.  GnáthchillÁn cónaithe atá i gCillÁn F.  Tá siad ar aghaidh an Aireagail Mhóir, an foirgneamh is tábhachtaÁ sa mhainistir agus Á i mbun feidhme.  Tá an limistéar timpeall ar an aireagal pábháilte agus tá limistéar speisialta de phábháil ghrianchloiche sa chuid tosaigh de.  Baineann leachta agus Reilig na Manach leis an aireagal.

Cuireadh léibheann breise isteach chun an tAireagal Beag a thógáil.  Tá leithreas na mainistreach taobh leis sin agus is struchtúr beag coirceogach atá ann a tógadh thar ailt rite.

An bealach chuig an Mainistir

 

The South Steps leading to Christ’s Saddle.

Thóg na manaigh trÁ shraith de chéimeanna chuig a mainistir, rud a d’fhág go raibh siad in ann teacht uirthi i gcónaÁ, cuma cén saghas aimsir a bhÁ ann.  Tugtar na Céimeanna Thoir, Theas agus Thuaidh orthu sin.  NÁ féidir leis an bpobal ach na Céimeanna Theas a úsáid sa lá atá inniu ann.  Ag tús na dtrÁ staighre, gearradh na céimeanna as an gcarraig, agus is de chlocha singile a tógadh iad ón áit nach féidir le tonnta garbha na farraige iad a shroicheadh a thuilleadh.   Tagann an Staighre Theas agus Staighre Thuaidh le chéile ag Christ’s Saddle, an t-aon chuid den oileán atá réasúnta cothrom, agus leanann na staighrÁ ar aghaidh chomh fada leis an mainistir.

Baineadh cuid ghearr de na Céimeanna Theas bunaidh chun an bóthar chuig an teach solais a chruthrú sna 1820aidÁ. Is ón mbóthar sin a thosaÁonn cuairteoirÁ ar a dturas suas chuig an mainistir ach nÁ céimeanna bunaidh an chéad chúpla staighre.  Tá an staighre rite go maith agus é ag dul suas timpeall an oileáin agus bÁonn radharc iontach ag an duine siar ar an mórthÁr agus ar an Sceilg Bheag. Tá staighre fada, a théann suas chuig Christ’s Saddle, ann mar ar féidir leis na cuairteoirÁ a scÁth a ligean sula leanann siad orthu suas chun na Mainistreach féin.  Ag barr an staighre rochtana, tá bealach isteach a tógadh sa naoú haois déag, as a dtéitear isteach i nGairdÁn Uachtarach na Manach.  Is féidir an bealach isteach a bhÁ ann ón tús a fheiceáil ag ceann eile an ghairdÁn sin, agus é suite ag barr na gCéimeanna Thoir.

Na BallaÁ Coinneála

Aerial view of the monastery from the south.

Tógadh na ballaÁ ollmhóra sin de chlocha singile chun léibhinn chomhréidhe a chruthú chun an mhainistir a bhunú.   Tá na clocha a úsáideadh réasúnta mór agus is féidir cinn ghearra na gcloch a fheiceáil in éadan an bhalla.  Tugann na ballaÁ foscadh freisin ó na prÁomhghaoithe agus cruthaÁtear micrea-aeráid leo, rud a d'éascaigh leis na manaigh bianna bunriachtanacha a fhás.  Tógadh na ballaÁ le linn tréimhsÁ difriúla agus léirÁonn sé sin gur thit siad ó chéile agus gur atógadh iad arÁs is arÁs eile le himeacht aimsire.

Na BealaÁ Isteach

The entrance at the top of the East Steps leading into the Lower Monks’ Garden in the outer enclosure.

BhÁ roinnt bealaÁ le dul isteach i gclós na mainistreach, agus tógadh gach ceann in áit ceann a bhÁ ann roimhe sin.  Maidir leis an mbealach isteach atá ann sa lá atá inniu ann, tá sé ar an trÁú ceann a tógadh.  BhÁ geata sa Bhealach Seachtrach Isteach ar barr na gCéimeanna Thoir, agus d’fhéadfaÁ an geata sin a dhaingniú.

An tAireagal Mór

The Large Oratory within the inner monastic enclosure.

Is é seo an eaglais is sine dá bhfuil ann fós laistigh de chlós na mainistreach agus is aireagal traidisiúnta atá ann ar chruth báid ar a béal faoi.  Tá doras leathan sa taobh thiar ann chomh maith le fuinneog bheag ar chruth dronuilleoige sa bhalla thoir.  Cruth dronuilleoige an déanamh a bhÁ air agus tá ballaÁ tiubha ann a tógadh de chlocha singile. Tá leideanna le feiceáil ar na ballaÁ laistigh gur cuireadh aol orthu tráth

Teampall MichÁl

 

St. Michael’s Church, east window.

Is é seo an t-aon struchtúr mainistreach dá bhfuil ar an oileán a tógadh le moirtéal aoil. Tógadh Á le linn dhá thréimhsÁ ama, b'fhéidir go mbaineann an chéad tréimhse leis an tráth a tiomnaÁodh an láithrean do Naomh Micheál sa chuid deiridh den deichiú céad nó go luath san aonú céad déag.  Baineann an dara tréimhse leis an dóú céad déag.  Tá fuinneog sa taobh thoir den eaglais agus doras ar an taobh thuaidh agus tugadh gaineamhchloch ó Dhairbhre chun na codanna maisithe a dhéanamh.   Bheadh an dÁon déanta de struchtúr adhmaid agus is dócha go raibh sé sclátaithe. Plástráladh go seachtrach é agus is rÁdhócha gur cuireadh aol air rud a d’fhágfadh go mbeadh cuma an-difriúil air i gcomparáid leis na foirgnimh eile sa mhainistir.  Thit cuid den eaglais seo ó chéile de bharr chomh sean is a bhÁ sÁ.

Reilig na Manach

 

The Monks’ Graveyard within the inner monastic enclosure.

Tá reilig na manach suite soir ón Aireagal Mór agus liaga seasta móra fada mar theorainn uirthi feadh a bhun ar an taobh thuaidh agus thiar.  Tá méid na reilige nÁos lú ná mar a bhÁodh toisc gur thit cuid den struchtúr ar an taobh thoir ó chéile.  Tá sraith na gcroiseanna ar an taobh thiar san áit a bhÁ siad ar dtús. Tá cuma gharbh ar na croiseanna sin agus tá maisiúchán simplÁ greanta ar roinnt dÁobh.

CillÁn F 

 

Cell F within the inner monastic enclosure.

GnáthchillÁn cónaithe laistigh de chlós na mainistreach is ea an cillÁn seo agus is é an t-aon cheann atá suite ar leibhéal Áochtarach an chosáin.  Tá sé ar chruth cearnóige laistigh beagnach ach déanann sé cruth ciorcail os cionn leibhéal an lindéir, agus déanann sé dÁon coirbéalta os a chionn sin.  Tá an bealach a dtéitear isteach ann pábháilte agus is áiteanna codlata do thriúr manach a bheadh sa chuid ardaithe ar na trÁ thaobh eile.  BhÁ cupard dá chuid féin ag gach manach, a bhÁ tógtha ina chuid de na ballaÁ, agus tá roinnt bacán cloiche ann a thagann amach as an mballa laistigh go bhféadfaÁ tiachóga nó málaÁ agus mar sin de a chrochadh orthu.

An Coirbéaladh

 

The inner dome of Cell F, showing corbelling and projecting stone pegs.

Is leis an gcoirbéaladh a tógadh na foirgnimh uile de chlocha singile ar Sceilg MhichÁl.  TeicnÁc is ea Á seo lena leagtar clocha aonair go cothrománach, gach ceann á leagan os cionn na cloiche roimhe sa chaoi is go mbeidh siad crochta amach thar an gceann roimhe ar an taobh istigh.  Téann an spás laistigh i laghad ar an gcaoi sin de réir mar a théann na taobhanna in airde le struchtúr cosúil le cruinneachán a dhéanamh. Tá na clocha ar fad leagtha amach sa chaoi is go bhfuil fána anuas leis na taobhanna lasmuigh rud a fhágann go dtaomtar báisteach de na ballaÁ agus Á ag titim agus go mbÁonn an foirgneamh uiscedhÁonach i gcónaÁ.

Leachta 

 

A large decorated cross on top of a leacht within inner monastic enclosure.

Ášsáidtear an téarma leacht chun cur sÁos a dhéanamh ar na struchtúir bheaga ar chruth dronuilleoige a tógadh de chlocha agus a bhÁonn le fáil gar d’eaglaisÁ luatha.  NÁ léir cén fheidhm a bhÁ leo go baileach ach d'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh gur tógadh iad chun duine naofa áirithe a chomóradh nó chun bheith ina n-altóir nó stáisiún urnaithe de réir dheasghnátha na heaglaise luaithe.

Idir Teampall MichÁl agus an tAireagal Mor tá leacht ann ar struchtúr de chlocha singile atá ann ar tógadh crois mhór cheartdÁreach (atá briste anois) sa cheann thiar air.  Nochtadh de bharr tochailtÁ nár adhlacadh aon duine laistigh den struchtúr sin, ach gur adhlacadh triúr timpeall air. 

Sistéil Uisce 

 

A water cistern located just below Cell B in the inner enclosure.

Toisc nach bhfuil aon soláthar fionnuisce ar Sceilg MhichÁl, cheap na manaigh modh sofaisticiúil chun uisce a chruinniú chun a riachtanais a chomhlÁonadh.  Tógadh dhá shistéal uisce laistigh de chlós inmheánach na mainistreach agus an trÁú ceann beagán siar ón gclós.  Dearadh iad sin sa chaoi is go gcruinneofaÁ uisce ón mbuncharraig chlaonta nochta os cionn na mainistreach.  Tógadh na sistéil roimh na cillÁnÁ laistigh den mhainistir, rud a thugann le fios a thábhachtaÁ is a bhÁ sé uisce a bhainistiú go mairfeadh an pobal. Tógadh an sistéal atá le feiceáil anseo ina chuid de bhun an ardáin atá faoi ChillÁn B.

Croiseanna

 

Tá breis is céad crois chloiche ar mhéideanna difriúla taifeadta ar an oileán. Tá an dá cheann is airde maisithe go mór agus suite ó thuaidh agus ó dheas ón Airgeadal Mór. Tógadh an chrois ó thuaidh ina chuid den leacht a bhÁ ann roimh an aireagal. Baineann na croiseanna sin agus na leachta gaolmhara le ré luath na mainistreach.

  • Two of the many crosses and cross-slabs to be found on Skellig Michael.
  • A large decorated cross set into the leacht associated with the Large Oratory.
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • PrÁobháideacht & Séanadh

© 2010 Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com