World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Sceilg Mhichíl

  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
    • An Mhainistir
    • An Díseart
    • Na Tithe Solais
    • Tochailtí Seandálaíochta
    • Oibhreacha Caomhnúcháin
  • An Oidhreacht nádúrtha
  • Foilseacháin
  • Gailearaí
  • Eolas do chuairteoirí
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Sceilg Mhichíl
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • Tochailtí Seandálaíochta

Tochailtí Seandálaíochta

Excavating within the Large Oratory

Ó lár na 1980aidí, bhí tochailtí ina ndlúthchuid de na hoibreacha caomhnúcháin a dhéantar ar an oileán. Díríodh an obair thochailte ar Léibheann an Aireagail Bhig agus ar an áit laistigh den Aireagal Mór i 1986-7. Tar éis na hoibre tosaigh sin, díríodh tochailtí a rinneadh i 1990 ar Ghairdín Uachtarach na Manach agus ar an mbealach ón oirthear isteach i nGairdín Íochtarach na Manach. 


Excavating human remains on the east side of St. Michael’s Church

Rinneadh obair idir 1993 agus 2004 i nGairdín Íochtarach na Manach, ó dheas ón Aireagal Mór, sa limistéar soir ó Reilig na Manach agus ag an sistéal thiar siar ón gclós inmheánach.  Deisíodh na Céimeanna Thoir agus Thuaidh faoi mhaoirseacht seandálaithe le linn na tréimhse sin.

Idir 2004 agus 2008, díríodh tochailtí ar an mBinn Theas agus imscrúdaíodh roinnt mhaith léibheann lena n-áirítear léibhinn an Aireagail agus an Ghairdín.  Sainaithníodh limistéir fhairsinge le linn na dtochailtí sin a bhíodh á n-úsáid mar chairéal don mhainistreach.  Thángthas ar bhealach chuig an mullach a bhí ann níos luaithe freisin.

Tá tuilleadh eolais ar na tochailtí sa Phlean Bainistíochta atá ar fáil ar an suíomh idirlín seo.

  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2010 Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com