World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Sceilg MhichÁl

  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • An Oidhreacht nádúrtha
  • Foilseacháin
  • GailearaÁ
  • Eolas do chuairteoirÁ
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Sceilg MhichÁl
  • Ceisteanna coitianta

Ceisteanna Coitianta

Leideanna d’úsáideoirÁ a úsáideann teicneolaÁochtaÁ cabhrach: Cliceáil ar theideal na gceisteanna thÁos chun mÁniú ar an ábhar a leathnú amach agus a léamh.

fold faq

Cathain a bhíonn an t-oileán oscailte do chuairteoirí?

Bíonn an t-oileán ar oscailt ó lár mhí na Bealtaine go deireadh mhí Mheáin Fómhair, ag brath ar an aimsir. Ba cheart do chuairteoirí seiceáil leis na bádóirí áitiúla le fáil amach cé acu bádóirí ag a bhfuil ceadúnas cuairteoirí a thabhairt i dtír ar an oileán. Bíonn an t-oileán dúnta gach tráth eile agus ba cheart go dtuigfeadh cuairteoirí nach bhfuil aon seirbhís treorach ná sláinte agus sábháilteachta ar an oileán lamuigh de na huaireanta sin.
 

fold faq

Cén chaoi a sroichfidh mé an t-oileán?

Imíonn báid as Baile an Ridire (Dairbhre), An Caladh, Baile an Sceilg agus Cathair Dónall. Tá an t-oileán 11.6 km ón mórthír agus maireann an turas ar an mbád idir 45 nóiméad agus beagán os cionn dhá uair an chloig, ag brath ar an áit a gcuirtear tús leis an turas. D’fhéadfadh an fharraige a bheith garbh agus níor cheart do dhaoine a gcuireann tinneas farraige as dóibh nó nach maith leo báid gan áit faoi dhíon do phaisinéirí an turas a dhéanamh ach le linn soininne.

fold faq

Cén t-eolas atá ar fáil faoin oileán?

Nuair a bhíonn an t-oileán ar oscailt do chuairteoirí, bíonn seirbhís treorach ann, agus is ag an mainistir atá bunáit na seirbhíse sin. Tugann na treoraithe cainteanna ag an mainistir agus bíonn siad ar fáil chun do chuid ceisteanna a fhreagairt. Bíonn súil ag na treoraithe ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta freisin mar sin déan cinnte go dtabharfaidh tú cluas dóibh agus aon treoir nó ordú á thabhairt acu.

fold faq

An féidir liom fanacht ar an oileán?

Níl aon chóiríocht ann do chuairteoirí ar an oileán.

fold faq

An bhfuil áiseanna leithreasa agus bia ar fáil ar an oileán?

Níl aon leithreasa ar an oileán agus níl aon soláistí ar fáil. Ba cheart do chuairteoirí na leithreasa ar an mórthír a úsáid agus ba cheart dóibh bia agus deoch a thabhairt leo don turas. Iarrtar ar chuairteoirí bia a ithe ag bun na gcéimeanna nó ag Christ’s Saddle. Moltar go dtógfadh cuairteoirí go leor uisce leo toisc go bhféadfadh fadhb a bheith ag daoine ó thaobh iad a bheith díhiodráitithe agus an aimsir te. Meabhraítear freisin do chuairteoirí a mbruscar ar fad a thabhairt ar ais leo nuair a fhágann siad an t-oileán.

fold faq

Céard is cóir dom a chaitheamh?

Ní féidir an aimsir ar Sceilg Mhichíl a thuar roimh ré agus ba cheart do chuairteoirí éadaí teo agus feisteas uiscedhíonach a thabhairt leo. Tá sé bunriachtanach go gcaithfí coisbheart cuí freisin toisc go bhféadfadh na céimeanna a bheith sleamhain go háirithe le linn báistí nó ina dhiaidh.

fold faq

An mbaineann cúrsaí sláinte agus sábháilteachta le hábhar?

Oileán géarchrochta is ea Sceilg Mhichíl agus bíonn ar an duine thart faoi 600 céim a dhreapadh ar an mbealach suas go dtí an barr chuig an mainistir, atá 180 méadar ar airde ó leibhéal na farraige.  Ba cheart d’aon chuairteoirí a bhfuil fadhbanna sláinte acu nó a mbíonn eagla orthu agus iad ard a machnamh a dhéanamh maidir le cé acu an n-oireann an turas dóibh. Ba cheart do gach cuairteoir a bheith cúramach agus é nó í agus dul suas agus anuas na ceimeanna toisc nach bhfuil aon ráille láimhe ann agus go dtéann an talamh le fána go rite amach ó na céimeanna.

fold faq

An féidir liom leanaí óga a thabhairt liom?

Moltar do chuairteoirí gan leanaí óga a thabhairt chuig Sceilg Mhichíl. Tá fáilte roimh leanaí níos sine, ar ndóigh, ach moltar do thuismitheoirí an chontúirt a bhaineann leis an turas a mhíniú dóibh agus súil ghéar a choinneáil orthu i gcónaí.

fold faq

An bhfuil fáil ar eolas ar Sceilg Mhichíl ar an mórthír?

Tá taispeántas agus físeán in Skellig Experience ar Dhairbhre, díreach os comhair An Caladh.

fold faq

An gceadaítear ainmhithe a thabhairt?

Ní cheadaítear ainmhithe a thabhairt ar an oileán toisc gur Tearmann Dúlra Reachtúil atá ann.

Visitors disembarking at the island’s pier in Blind Man’s Cove
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • PrÁobháideacht & Séanadh

© 2010 Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com