Carraig ghéarchrochta is ea Sceilg MhichÁl agus tá thart faoi 600 céim ar an mbealach suas chuig an mainistir. Má tá aon rud ag cur as do shláinte duine, ba cheart dó nó di an-mhachnamh a dhéanamh ar a chás nó ar a cás sula dtugtar cuairt ar an láithreán. Iarrtar ar chuairteoirÁ an-mhachnamh a dhéanamh freisin sula gcinneann siad leanaÁ óga a thabhairt chuig an oileán. Má thugtar leanaÁ óga, ba cheart súil an-ghéar a choinneáil orthu i gcónaÁ. Ar mhaithe le cúrsaÁ sábháilteachta, agus lena mhéad a chuirfear as do ghnáthóga éan mara goir a laghdú chomh maith le méad aon dochair a dhéanfaÁ dóibh, caithfidh cuairteoirÁ fanacht ar na bealaÁ aitheanta do chuairteoirÁ agus iad ar an oileán. Chun an fiadhúlra a chosaint, tá cosc ar mhadraÁ ar an oileán. Ba cheart do chuairteoiri na moltaÁ atá leagtha amach sna fógraÁ sábháilteachta ar an oileán a léamh go mion agus iad a leanúint go cúramach freisin. Is iad na Treoraithe na monatóirÁ oifigiúla ar an oileán, agus nÁ mór déanamh de réir a dtreoracha, go háirithe i ndáil le cúrsaÁ sábháilteachta, i gcónaÁ.
Is féidir leis an bhfarraige a bheith garbh go maith agus nÁ féidir a rá roimh ré cén chaoi a mbeidh an aimsir, mar sin, moltar do gach cuairteoir éadaÁ teo a chaitheamh agus éadaÁ uiscedhÁonacha a thabhairt leo. Ba cheart do gach cuairteoir coisbheart cuÁ a chaitheamh chun dreapadh suas an oileán toisc go bhféadfadh na céimeanna a bheith sleamhain go háirithe agus an aimsir fliuch. NÁl aon leithreasa ar an oileán agus ba cheart do thaistealaithe a bheith ar an eolas go bhféadfadh achar ama suas le cúig huaire an chloig a bheith i gceist leis an turas ar fad. Moltar do chuairteoirÁ bia a thabhairt leo agus a ndóthain le hól sa chaoi is nach mbeidh siad dÁhiodráitithe. Spreagtar cuairteoirÁ gan tásc ná tuairisc ar a gcuairt a fhágáil agus ba cheart dóibh aon bhruscar a thabhairt ar ais chun na mórthÁre áit ar chóir é a chur i mbosca bruscair mar is ceart.