World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Sceilg Mhichíl

  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • An Oidhreacht nádúrtha
  • Foilseacháin
    • Rogha as an Leabharliosta
  • Gailearaí
  • Eolas do chuairteoirí
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Sceilg Mhichíl
  • Foilseacháin

Foilseacháin

Skellig Michael, Co. Kerry: The Monastery and South Peak.  Archaeological stratigraphic report: excavations 1986–2010

Is éard atá sa tuarascáil seo ná cuntas iomlán ar na hoibreacha seandálaíochta a rinneadh laistigh den mhainistir agus ar struchtúir na Binne Theas. Tá sonraí stratagrafacha inti le pleananna, codanna agus grianghraif thaca; catalóg fríotha le cur síos agus léirmhínithe ó shaineolaithe ábhartha; na hamhshonraí agus na torthaí ó anailísí pailéachomhshaoil agus na hanailísí oistéseandálaíochta ar thaisí daonna; cuntas iomlán ar iarsmaí fána; agus na dátaí radacarbóin. Críochnaíonn an tuarascáil le ráiteas eatramhach ar shuntas an tsuímh. Is é aidhm na tuarascála sonraí na n-oibreacha seandálaíochta atá déanta go dtí seo a chur ar fáil, roimh an gclár foilseacháin ildisciplíneach atá beartaithe.

View: Interactive Viewing Tool Skellig Michael. Archaeological stratigraphic report

Íoslódáil: Skellig Michael. Archaeological stratigraphic report - Introduction [PDF 1MB]

Íoslódáil: Skellig Michael. Archaeological stratigraphic report - Full Report [PDF 25MB]

Skellig Michael World Heritage Site Management Plan 2008 – 2018 Cover

Skellig Michael World Heritage Site Management Plan 2008 – 2018
Forbraíodh an Plean Bainistíochta seo chun cabhair a thabhairt le Láithreán Oidhreachta Domhanda (LOD) Sceilg Mhichíl, ar a dtugtar an Sceilg Mhór freisin, a chosaint agus a chaomhnú.  Tugtar aghaidh ar bhealach comhtháite sa phlean ar shaincheisteanna a bhaineann le cúrsaí cultúir agus oidhreachta náisiúnta.  Tá sé táirgthe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (RCORÁ), Éire, i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP), agus forbraíodh é i gcomhairle le grúpaí leasmhara áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtais agus páirtithe leasmhara eile. Is é oileán Sceilg Mhichíl an limistéar a chuimsítear sa phlean, seachas an teach solais íochtarach (atá in úsáid), a chúirtealáiste agus an héileapad agus an stór ina aice láimhe.

Íoslódáil Plean Bainistíochta Sceilig Mhichíl Láithreán Oidhreachta Domhanda 2008 – 2018 [PDF 5.1MB]

Skellig Michael World Heritage Site Management Plan 2008 – 2018 Cover

Sceilg Mhichíl, Co. Chiarraí. Treoir do Chuairteoirí chuig an Láithreán Oidhreachta Domhanda

Treoir sho-úsáidte le léaráidí is ea é seo do chuairteoirí chuig Sceilg Mhichíl. Tá eolas ann maidir le hoidhreacht chultúir an oileáin chomh maith lena oidhreacht nádúrtha.

Íoslódáil Sceilg Mhichíl, Co. Chiarraí. Treoir do Chuairteoirí chuig an Láithreán Oidhreachta Domhanda [PDF 6.7MB]

 

Brú na Boinne World Heritage Site Management Plan Cover
Brú na Boinne World Heritage Site Management Plan Cover

Plean Bainistíochta Láithreán Oidhreachta Domhanda Sceilg Mhichíl
2008-2018

Forbraíodh an Plean Bainistíochta seo chun Láithreán Oidhreachta Domhanda (WHS) Sceilg Mhichíl a chosaint agus a chaomhnú. Tugann an plean aghaidh ar  shaincheisteanna oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha ar bhealach comhtháite. Tháirg an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (RCORÁ), Éire, i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP), an plean, agus forbraíodh é i gcomhairle le grúpaí leasmhara áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus páirtithe leasmhara eile. Clúdaíonn an plean oileán Sceilg Mhichíl, seachas an teach solais íochtarach (atá in úsáid) agus a chúirtealáiste agus limistéar an héileapad leis an aonad stórála in aice láimhe.

Íoslódáil Plean Bainistíochta Láithreán Oidhreachta Domhanda Sceilg Mhichíl 2008-2018 (3.18MB PDF)

  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2010 Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com