© 2010 Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com



















Tá cáil idirnáisiúnta ar Sceilg Mhichíl, in éineacht leis an oileán taobh leis, an Sceilg Bheag, mar cheann de na láithreáin is tábhachtaí d’éin mhara goir in Éirinn. Mar gheall ar thréithe na n-oileán seo, is tearmann sábháilte iad do phobail éan mara mar ar féidir leo fanacht in aimsir neide agus a n-ál a thógáil. Tá cuimse bia san Aigeán Atlantach thart timpeall ar na hoileáin, ach bíonn sé deacair ar dhaoine teacht chuig an oileán agus coinnítear creachadóirí amach ó na hoileáin freisin. Baineann an-tábhacht ar fad leis na pobail éan seo.
Tá Oileáin na Scealg aitheanta leis na céadta bliain mar dhá cheann de na láithreáin is tábhachtaí in Éirinn d’éin mhara ghoir. De bharr mhéid na gcóilíneachtaí éan mara agus éagsúlacht na speiceas a bhíonn i láthair, is oileáin an-suntasacha iad seo, ar scála náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Mar gheall ar a thábhachtaí is atá sé ó thaobh cúrsaí éaneolaíochta, tá Sceilg Mhichíl ainmnithe mar Thearmann Dúlra Reachtúil, Limistéar faoi Chosaint Speisialta agus tá sé beartaithe é ainmniú mar Limistéar Oidhreachta Nádúrtha freisin.
Cothaítear roinnt de na pobail ghoir is mó ar domhan den chánóg dhubh agus den ghearr róid ar Sceilg Mhichíl, ar ghrúpa chúig oileán na mBlascaod agus ar Oileán na gCánóg chomh maith. Tá na speicis seo a leanas san áireamh leis na speicis eile d’éin mhara a bhíonn ag síolrú ar Sceilg Mhichíl: an fulmaire, an saidhbhéar, an fhoracha dhubh agus an puifín.
Tá Sceilg Mhichíl aitheanta mar áit thraidisiúnta ag an bhfabhcún gorm le bheith ag neadú ann, ach ní bhíonn na héin ag síolrú anseo gach bliain. Tá sé taifeadta go mbíonn péire cág cosdearg ag síolrú anseo. Tá na héin seo a leanas i measc na n-éan eile ar taifeadadh líon beag díobh a bheith ag síolrú ann: an fiach dubh, an riabhóg chladaigh agus an clochrán.
Taifeadadh roinnt mhaith mamach a bheith ar Sceilg Mhichíl in imeacht na mblianta freisin. Bíonn Rónta Glasa á dtriomú féin ar laftáin charraigeacha timpeall an oileáin agus cé nach aon ábhar suntais líon na rónta ar leibhéal náisiúnta, cuireann siad le héagsúlacht na n-ainmhithe a bhíonn ar an oileán. Tá an speiceas sin liostaithe faoi Iarscríbhinn II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga agus déantar monatóireacht ar phobal rónta glasa na hÉireann go rialta. Tá an coinín agus an luch thí ar mhamaigh eile a taifeadadh a bheith ar an oileán. Speiceas is ea an coinín nach bhfuil ar an oileán le fada, toisc gur tugadh isteach chun an oileáin iad go luath sa naoú céad déag é.
Tá cuid mhaith de Sceilg Mhichíl déanta de ghnáthóga nach bhfuil mórán d’fhásra iontu amhail aillte carraigeacha farraige agus carraigeacha nochta. Maidir leis an bhfásra a fhásann ann, is é an sórt fásra é a bhíonn le fáil in áiteanna cois farraige atá iontach nochta don ghaoth is don mhuir – cuireann sraith thanaí ithreach isteach ar an bhfás, chomh maith leis an talamh crochta, an cáitheadh sáile agus na gaotha móra. Tá speicis na bplandaí seo a leanas coitianta ar an oileán: rabhán, coireán mara agus cabróis na gcloch, agus is minic a fhásann leadhbanna den fheisciú dearg, den chopóg agus den lus Bealtaine mara.
Déantar socrú leis an Treoir ón gComhairle dar dáta an 2 Aibreán 1979 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (79/409/CEE) chun éin fhiáine a chaomhnú trí, i measc bearta eile, láithreáin thábhachtacha éaneolaíochta a rangú mar Limistéir faoi Chosaint Speisialta dóibh. Is é is éifeacht do na Rialacháin sin láithreán a aimniú mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta de réir Airteagal 4 den Treoir agus a shocrú gur cion forálacha na Rialachán sin a shárú.
Is féidir leat íoslódáil anois cóipeanna de I.R. Uimh. 74 de 2010 (238 KB)
© 2010 Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com