World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Sceilg Mhichíl

  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • An Oidhreacht nádúrtha
  • Foilseacháin
  • Gailearaí
  • Eolas do chuairteoirí
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Sceilg Mhichíl
  • Eolas do chuairteoirí

Eolas do Chuairteoirí

A guide giving a talk to visitors in the monastery.

Carraig ghéarchrochta is ea Sceilg Mhichíl agus tá thart faoi 600 céim ar an mbealach suas chuig an mainistir. Má tá aon rud ag cur as do shláinte duine, ba cheart dó nó di an-mhachnamh a dhéanamh ar a chás nó ar a cás sula dtugtar cuairt ar an láithreán. Iarrtar ar chuairteoirí an-mhachnamh a dhéanamh freisin sula gcinneann siad leanaí óga a thabhairt chuig an oileán.  Má thugtar leanaí óga, ba cheart súil an-ghéar a choinneáil orthu i gcónaí. Ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta, agus lena mhéad a chuirfear as do ghnáthóga éan mara goir a laghdú chomh maith le méad aon dochair a dhéanfaí dóibh, caithfidh cuairteoirí fanacht ar na bealaí aitheanta do chuairteoirí agus iad ar an oileán.  Chun an fiadhúlra a chosaint, tá cosc ar mhadraí ar an oileán. Ba cheart do chuairteoiri na moltaí atá leagtha amach sna fógraí sábháilteachta ar an oileán a léamh go mion agus iad a leanúint go cúramach freisin. Is iad na Treoraithe na monatóirí oifigiúla ar an oileán, agus ní mór déanamh de réir a dtreoracha, go háirithe i ndáil le cúrsaí sábháilteachta, i gcónaí.

Íoslódáil Skellig Safe Access Guide [562 KB PDF]

Departing from Skellig Michael, leaving a turbulent wake.

Is féidir leis an bhfarraige a bheith garbh go maith agus ní féidir a rá roimh ré cén chaoi a mbeidh an aimsir, mar sin, moltar do gach cuairteoir éadaí teo a chaitheamh agus éadaí uiscedhíonacha a thabhairt leo. Ba cheart do gach cuairteoir coisbheart cuí a chaitheamh chun dreapadh suas an oileán toisc go bhféadfadh na céimeanna a bheith sleamhain go háirithe agus an aimsir fliuch. Níl aon leithreasa ar an oileán agus ba cheart do thaistealaithe a bheith ar an eolas go bhféadfadh achar ama suas le cúig huaire an chloig a bheith i gceist leis an turas ar fad.  Moltar do chuairteoirí bia a thabhairt leo agus a ndóthain le hól sa chaoi is nach mbeidh siad díhiodráitithe. Spreagtar cuairteoirí gan tásc ná tuairisc ar a gcuairt a fhágáil agus ba cheart dóibh aon bhruscar a thabhairt ar ais chun na mórthíre áit ar chóir é a chur i mbosca bruscair mar is ceart.

Íoslódáil Sceilg Mhichíl, Co Chiarraí. Treoir do Chuairteoirí chuig an Láithrean Oidhreachta Domhanda [PDF 6.7MB]

  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2010 Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com