© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com
Gluais
Antrapamorfach:
Téarma a úsáidtear i gcomhthéacs na healaíne Neoilití, tagraíonn sé d’ealaín lena ndéantar scáthchruth duine nó lena léirítear cineál éigin de thréith fhisiciúil an duine, an t-éadan go minic.
Aengus óg:
Sna finscéalta, dia an ghrá agus na hóige a bhí in Aengus, mac an Daghda Mhóir, agus bhí cónaí air laistigh de dhumha Shí an Bhrú.
Aircéiréalteolaíocht:
Rud is ea é seo atá tagtha chun cinn le déanaí sa tSeandálaíocht — pléann sé le gnéithe réalteolaíochta a bhaineann le séadchomharthaí seanda. Cuimsítear ailíniú na struchtúr leis an ngrian, leis an ngealach agus leis na plainéid agus an nasc a d’fhéadfadh a bheith ann idir an ealaín Neoiliteach agus fearann na spéartha.
Tréimhse an Aosa Eascra:
Tréimhse idirlinne sa tseandálaíocht is ea í seo idir an Aois Neoiliteach agus an Chré-umhaois (tuairim is 2300-2000 RCh). Earraí a bhaineann go sonrach leis an tréimhse seo is ea soithí a bhí iontach maisithe agus a raibh bun plánach fúthu. Is é an cineál adhlactha a bhain le Tréimhse an Aosa Eascra go coitianta an duine a chur agus eascra nó soitheach óil a chur in éineacht leis chomh maith le cumhdach caol láimhe agus scian chopair.
An Chré-umhaois:
Tréimhse sa tseandálaíocht a bhí ann ón tréimhse thart faoi 2000-600 RCh ar tháinig teicnící an bhruithnithe agus táirgeachta miotail isteach lena linn, cé gurbh uirlisí cloiche na huirlisí ab fhorleithne fós.
Boann:
Sna finscéalta, bandia na bó finne ab ea Boann, a nochtaigh í féin i gcruth Abhainn na Bóinne. Bhí sí pósta ar Elcmar draoi ar dtús, ach thosaigh sí ag comrádaíocht leis an Daghda Mór agus rugadh Aengus óg di dá bharr.
Rachtán:
Móitíf atá coitianta san ealaín Neoiliteach agus is éard atá ann patrún an fhiarláin.
Marcanna cuasaithe:
Loig bheaga, a bhíonn ar chruth ciorcail go hiondúil agus a bhíonn le fáil ar chlocha struchtúir Shí an Bhrú. Is rídheacair a rá cé acu an marcanna a tháinig chun bheith ar na clocha go nádúrtha atá iontu nó ar saothraíodh le láimh an duine iad. Ní eol cén fheidhm a bhí leo, má bhí feidhm ar bith leo.
Cursas:
Limistéar ar 2 líne de mhúrtha agus de dhíoga a dhéanann é agus ar minic é a bheith ailínithe ar shéadchomhartha nó dírithe ar ghné den tírdhreach. Is minic séadchomhartha nó gné den tírdhreach ina críoch ar chursas freisin. Níltear tagtha ar fhreagra deifnídeach fós maidir le cathain a tógadh iad agus cén fheidhm a bhí leo.
An deindreacroineolaíocht:
Tugtar dátú fáinní crainn uirthi seo freisin.
An Daghda mór:
Sna finscéalta, ba é an dia mór nó an dia maith é. Dia na flúirse a bhí ann a raibh coire na cuimse aige agus is minic a léirítear mar chleasaí é a raibh urbholg air. Baineann sé le go leor bandéithe na n-abhann agus bhí sé i measc dhéithe móra tábhachtacha na gCeilteach.
Nósanna Tógála na gCloch Singil:
Modh tógála a úsáidtear le foirgnimh a thógáil agus lena n-úsáidtear clocha beaga gearrtha gan oibreáin cheangail. Is sampla maith de na nósanna sin an tuama pasáiste in Maes Howe, Insce Orc, Albain.
Elcmar:
Sna finscéalta, ba é Elcmar an chéad té a chónaigh i Sí an Bhrú.
Fuinnimh thalúnda:
Creideann roinnt daoine gur suíodh Sí an Bhrú ar líne bháin nó ar líne fuinnimh d’aon turas. Tá roinnt mhaith collóirí tar éis a mhaíomh go bhfreagraíonn an láithreán i gcoitinne agus an seomra go speisialta go han-láidir do shlait chollóireachta.
Baois:
Foirgneamh baoise nó áiféiseach. Tógadh roinnt díobh mar shiombail stádais, tógadh roinnt eile chun fostaíocht a thabhairt do thionóntaí agus do thuathánaigh a bhí stiúgtha leis an ocras i rith bhlianta an ghorta mhóir. Creidtear gur le linn lár an 18ú céad a tógadh Baois Shí an Bhrú agus gur d’ábhar an chairn a tógadh é.
Gréabhaca:
Gaineamhchloch liathghlas - is clocha den sórt sin formhór chlocha na struchtúr ag Sí an Bhrú.
Séadchomhartha heinse:
Is minic a thugtar clós air seo a bhfuil claífort thart air agus is éard a bhíonn i gceist leis go hiondúil múr atá déanta d'ábhar a gearradh amach as an limistéar laistigh agus as an limistéar iata. Bíonn cruth ciorcail air go hiondúil, ach cruinneachánach fós. Is minic a bhíonn siad nasctha le tuamaí pasáiste, agus is sárshampla é heinse Dhubhadh.
An Iarannaois:
Tréimhse tar éis na Cré-Umhaoise. Ba í an Iarannaois an staid i bhforbairt aon dreama a d’úsáideadh an-chuid uirlisí agus arm arbh é an t-iarann an phríomh-chomhchuid iontu. Is minic a tharla athruithe eile i sochaí i gcomhthráth le hiarann a bheith á glacadh mar ábhar déanta uirlisí, lena n-áirítear athruithe ar chleachtais talmhaíochta, ar chreidimh reiligiúnda agus ar stíleanna ealaíne. In Éirinn, mhair an tréimhse seo ón mbliain 500 RCh go dtí go luath i dtréimhse na meánaoiseanna.
Lindéar:
Cloch phlánach a chlúdaíonn an doras. Ag Sí an Bhrú, is í seo an chloch mhaisithe atá socraithe os cionn bhosca an dín agus a gcuirtear suntas i ndearadh an mhuileata atá uirthi.
Lugh:
Duine de phríomhdhéithe Thuatha Dé Danann, ar a dtugtaí Lugh Lámhfhada, an Samildánach, an Lu freisin.
Muileata:
Patrún an mhuileata nó an diamaint a bhíonn le feiceáil san ealaín Neoiliteach.
Méisiliteach:
Focal ón nGréigis a chiallaíonn an Chloch Láir. Tagraíonn sé don tréimhse sular tugadh an fheirmeoireacht isteach, thart ar 8000-4000RCh.
Neoiliteach:
An Chlochaois nua. I réim nuair a tugadh an fheirmeoireacht isteach in Éirinn agus mhair an tréimhse chomh fada leis an gCré-Umhaois. Thart ar 4000-2000RCh
Ortastat:
Focal eile ar na liaga seasta atá ar thaobhanna phasáiste agus sheomra an tuama.
Pioc-Chóiriú:
Teicníc a d’úsáid ealaíontóirí Neoiliteacha lenar 'cóiríodh' dromchla na gcloch trí shiséal cloiche a úsáid chun dearadh a phiocadh amach ar an gcloch.
Pailéiliteach:
An tSean-Chlochaois an chiall bheacht atá leis an bhfocal seo agus tagraíonn sé don tréimhse tar éis na hOighearaoise deiridh.
Dátú Radacarbóin:
Teicníc eolaíochta a forbraíodh sna 1940aidí lena gcuirtear ar chumas duine ábhar orgánach a dhátú de réir a mhéid de charbón 14 atá ann.
Sraodbhalla:
Balla coinneála nó fásáil.
Clocha saile:
Clocha cothrománacha lena ndéantar an cuasán a dheighilt ó limistéar an tseomra agus limistéar an tseomra ón bpasáiste nó lena ndeighltear an pasáiste ina chodanna éagsúla.
Souterrain:
Baineann le tréimhse na Críostaíochta Luaithe i gcoitinne (5ú céad go dtí an 12ú céad). Struchtúr faoi thalamh a raibh pasáiste nó seomra amháin nó tuilleadh ann. Rinneadh de chlocha singile iad go hiondúil agus úsáideadh iad le hearraí a stóráil iontu agus b'fhéidir mar bhealaí éalaithe freisin. Tá tolláin sna dumhaí ag Cnóbha agus ag Dubhadh.
Tuatha Dé Danaan:
Dream daoine osnádúrtha a bhain leis an mBandia Danu agus a rialaigh Éire, de réir an tseanchais, sular tháinig na Ceiltigh go hÉireann agus a d’imigh leo siar i ndumhaí agus i liosanna sí ina dhiaidh.
Neamhdhifreáilte:
Cineál tuama pasáiste a bhfuil bealach pasáiste ann a théann in airde de réir a chéile le seomra a dhéanamh, agus nach bhfuil aon chuasáin ann.