© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com
An Ealaín
Tá an ealaín ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí a baineann leis na séadchomharthaí i nGleann na Bóinne. Tá roinnt den ealaín fíoriontach ar fad: meascáin áille de bhíseanna, muileataí, rachtáin, triantáin agus línte comhthreomhara agus stuanna comhthreomhara. Tá ealaín dá leithéid le feiceáil go háirithe ar liaga a bhaineann le struchtúr na dtuamaí ach tá sí le feiceáil ar roinnt déantúsán freisin. Is i gCnóbha atá thart faoi 45% den ealaín ar fad is eol a bheith i dtuamaí na hÉireann agus beagnach 30% den ealaín mheigiliteach uile dá bhfuil san Eoraip.
An Teicníc
Baineadh úsáid as dhá phríomhtheicníc agus an ealaín á cur ar na liaga — an greanadh agus an piocadh. Is éard a bhí i gceist leis an ngreanadh uirlis bhiorach a tharraingt ar an dromchla. Is é an piocadh an teicníc is mó as ar baineadh úsáid agus is éard a bhí i gceist leis sin bior géar a úsáid, a bhí déanta de bhreochloch nó de ghrianchloch is dócha, agus an uirlis sa láimh ag duine amhail is gur siséal nó pollaire a bhí inti agus í á greadadh suas anuas ar an dromchla.
An ealaín faoi cheilt
Tá na dearaí ar go leor de na liaga ar dhromchlaí atá ceilte anois. De bharr tochailtí, nochtadh gur snoíodh go leor de na liaga ar a mbéal fúthu agus ar aghaidh na dtaobhanna a bhí casta isteach chun na gcarn. B’fhéidir nach mbíodh tábhacht leis i gcónaí go mbeadh an dearadh ar fad le feiceáil ag an duine. B’fhéidir go raibh an ealaín le feiceáil ag spioraid na marbh nó ag na déithe. B’fhéidir gur claochlaíodh an liag ina liag iontach de bharr ghníomh na snoíodóireachta agus an uair a bhí sé sin déanta, nár ghá a thuilleadh go mbeadh an ealaín le feiceáil. Cé gur snoíodh go leor de na liaga sular cuireadh ina n-áit deiridh iad, is eol dúinn gur snoíodh roinnt liag in situ (mar a bhfuil siad anois) m.sh. an liag isteach chuig Sí an Bhrú. Is eol dúinn é seo toisc go dtagann deireadh leis an tsnoíodóireacht ar sheanleibhéal na talún.
Léirmhíniú
Cibé ciall a bhain leis an ealaín dar le lucht tógtha na séadchomharthaí, ní féidir linne ciall a bhaint astu a thuilleadh. Cuma cén chaoi a bhféachfaimid le hanailís a dhéanamh ar an ealaín nó le ciall a bhaint aisti, ní féidir linn í a fheiceáil mar a chonaic ár sinsear í 5000 bliain ó shin.
Teoiricí
Is iomaí teoiric a bhí ag cuairteoirí chuig na láithreáin in imeacht na mblianta. Deir go leor daoine go mb’fhéidir gurb í gluaiseacht na gréine agus na réalt atá i gceist le roinnt de chiorcail na mbíseanna agus de na ciorcail chomhlárnacha, a léiríonn gurbh iontach le daoine an tráth sin an t-athrú a thagadh ar an saol de réir mar a d'imigh na séasúir, chomh maith leis an mbealach a bhain na timthriallta sin lena saol féin. Teoiric eile atá ann is ea gur léarscáileanna atá sna dearaí atá snoite ar na liaga: léarscáileanna den cheantar, léarscáileanna den saol eile, léarscáileanna de na réaltaí. Ceapann go leor daoine gur íomhánna atá ann a chonaic na draoithe agus drugaí bréagchéadfaíochta á n-úsáid acu i rith deasghnátha. I measc na moltaí eile bhí an teoiric gur úsáideadh na liaga snoite mar ghairis mhachnaimh nó go léiríonn siad línte ceoil nó fuinnimh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an bhileog eolais faoin Ealaín sna Tuamaí atá i rannóg na nAcmhainní Oideachais.