© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com
Dubhadh
Is é Dubhadh an ceann is lú de thrí thuama mhóra Bhrú na Bóinne a bhfuil eolas ag daoine air. Cé go bhfuil sé chomh mór le Sí an Bhrú agus Cnóbha, níor tochlaíodh é le fada. Cosúil leis na séadchomharthaí eile, tógadh breis is 5,000 bliain ó shin é. Más mian le cuairteoirí cuairt a thabhairt ar Dhubhadh, is féidir leo tiomáint díreach chuig an láithreán, ach is trí Ionad Cuairteora Bhrú na Bóinne amháin is féidir teacht ar Shí an Bhrú agus ar Chnóbha. I gcomparáid leis an gcuma atá ar na séadchomharthaí eile, atá sách pioctha néata, is cosúil go bhfuil dumha Dhubhadh ligthe chun báin agus gan choimeád. Faoi láthair, tá an dumha thart ar 85m ar trastomhas agus meastar go bhfuil 115 liag colbha ann, agus níl ach thart faoi leathchuid díobh sin le feiceáil. Ag an gcuid is airde de, tá aird breis is 15m ann ach is dócha go raibh sé níos ísle ná sin i dtosach báire agus gurb éard sa bhuaicphointe sin ábhar a tochlaíodh agus a carnadh ar an dumha. Is eol dúinn gur tochlaíodh cuid mhaith den dumha in 1847 mar iarracht le teacht ar sheomra lárnach. Bhíothas i mbun cairéalachta ar láthair an dumha ina dhiaidh sin.
Chun breathnú ar an mbileog eolais faoi Dhubhadh, breathnaigh ar rannóg na nAcmhainní Oideachais.
Seomraí Adhlactha
Tá dhá sheomra adhlactha sa dumha agus iad achar is lú ná 25 méadar óna chéile. Tá na pasáistí cuid mhaith níos giorra ná na cinn atá i Sí an Bhrú agus ag Cnóbha ach tá na seomraí chomh mór céanna agus tá roinnt de na liaga is mó dá bhfuil le fáil in aon cheann de na láithreáin istigh iontu.
Dubhadh Thuaidh
Tá pasáiste an tuama seo 8.2 méadar ar fad faoi láthair agus roinntear le trí chloch saile é. Téann an pasáiste isteach i seomra ar chruth croise ina bhfuil trí cuasán taoibhe. Tá díon íseal coirbéalta ann (3m ón talamh). Tá mias mór cloiche (1.4m x 1m) ar an urlár sa seomra láir. Tá na ceithre liag ollmhóra a dhéanann teorainn spás an tseomra beagnach 3m ar airde. Tá gné thar a bheith neamhchoitianta amach ón gcuasán ar dheis. Tugtar an for-sheomra air agus tá dhá sheomra breise ann.
Dubhadh Theas
Tuama beag is ea an ceann seo i gcomparáid le Dubhadh Thuaidh. Tá cloch saile ag deireadh an phasáiste ghearr (3.3m), as a dtéitear isteach i seomra atá beagnach ciorclach agus lena ngabhann cuasán amháin. Díon nua-aimseartha coincréite atá ar an bpríomhsheomra. Seans gur díon coirbéalta a bhí air i dtosach báire. Is le cloch saile a dheighltear an cuasán ar dheis ón bpríomhsheomra.

An Uaimh Thalún
Thóg daoine a bhí ina gcónaí ar an dumha nó gar dó an uaimh thalún na mílte bliain tar éis na dtuamaí pasáiste. Tógadh ar an taobh laistigh den cholbha í, agus bhí sí faoi thalamh agus dofheicthe ag duine ar an dromchla. Déanann an uaimh thalún nasc le pasáiste Dhubhadh Thuaidh. íšsáideadh uaimheanna talún (idir an 9ú agus an 11ú céad AD) chun earraí tábhachtacha a stóráil iontu agus mar dhídean sábháilte in am an ghátair.
Chun breathnú ar an mbileog eolais faoi Dhubhadh, breathnaigh ar rannóg na nAcmhainní Oideachais.
An Ealaín
As measc na liag colbha atá infheicthe, tá dearaí snoite ar 15 díobh ar a laghad. Is é liag colbha 51 an ceann is suntasaí díobh, agus tugtar Liag na Seacht nGrian uirthi uaireanta. Laistigh de Dhubhadh Thuaidh, ar an liag dheireanach ar thaobh na láimhe deise den phasáiste, bhain an t-ealaíontóir Neoiliteach úsáid chliste as imeall na léige chun gathanna na gréine a dhéanamh níos suntasaí, agus tá siad le feiceáil go hiontach soiléir. I gcuasán dheas Dhubhadh Theas, tá rud ar a dtugtar pioc-chóiriú déanta timpeall ar dhearadh ardaithe de chiorcal atá greanta ar an liag.
Dul faoi na Gréine tráth Ghrianstad an Gheimhridh
Le blianta beaga anuas, tá daoine ag dul go Dubhadh chun an solas a fheiceáil agus é ag teacht isteach i nDubhadh Theas ón ngrian agus í ag dul faoi. Ar an drochuair, cuireann crainn isteach ar chuid den radharc ach téann roinnt solais ón ngrian isteach sa seomra ar feadh achair ghairid díreach roimh dhul faoi na gréine.