© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com
Na Tochailtí Seandálaíochta
Tá imscrúduithe seandálaíochta á ndéanamh ar na séadchomharthaí meigiliteacha i mBrú na Bóinne le breis is céad bliain. Tionscnaíodh na himscrúduithe ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear taighde arbh é an bhunaidhm a bhí leis feabhas a chur ar na bealaí rochtana a bheadh ag cuairteoirí, na séadchomharthaí a léirmhíniú lena gcur i láthair agus chun éascú le hobair caomhnúcháin.
Cuireadh tús le himscrúdú seandálaíochta na linne seo ar shéadchomharthaí meigiliteacha i mBrú na Bóinne sa bhliain 1960 nuair a rinneadh tochailt ag an tuama pasáiste beag ag Halla an Toinlígh. Go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh tús leis na feachtais fhada tochailte ag Sí an Bhrú agus ag Cnóbha faoi stiúir M.J. O'Kelly agus G. Eogan faoi seach. Cé gur tionscnaíodh iad chun feabhas a chur ar na bealaí rochtana do chuairteoirí agus ar an mbealach a chuirfí na séadchomharthaí i láthair, tháinig na tochailtí sin chun bheith ina dtionscadail mhóra taighde de réir a chéile, agus tá torthaí an taighde sin fós ag treorú ár dtuiscinte ar mhuintir na sochaithe a thóg na tuamaí iontacha seo, chomh maith lenár tuiscint ar leanúnachas úsáide na láithreán chomh fada lenár linn féin. Breathnaigh ar rannóg na bhfoilseachán le haghaidh tuilleadh eolais.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar M.J. O’Kelly, breathnaigh ar rannóg na nAcmhainní oideachais.
Leis na tochailtí a rinne P.D. Sweetman sna 1970aidí agus sna 1980aidí, scrúdaíodh roinnt mhaith séadchomharthaí ar chineál heinse a bhí iontu ag Baile Nua na Manach agus ag Sí an Bhrú agus sna 1980aidí chomh maith, rinne A.Lynch tochailt ar scála beag ar chúl an dumha ag Sí an Bhrú chun éascú le hoibreacha ag an gcarn chun an séadchomhartha a dhéanamh níos seasmhaí. D’imscrúdaigh G. Stout coimpléasc créfoirt ag Cnóbha, síos le fána ón bpríomhthuama pasáiste, idir 2002-2004. Léirmhíníodh é sin mar reilig ‘shaolta’ a bhain le tréimhse na meánaoiseanna luatha.
Sa chuid deiridh de na 1990aidí agus go luath sna blianta ó 2000 ar aghaidh, rinneadh tochailtí fairsinge i gcúlchríocha Bhrú na Bóinne, de bharr na mórscéimeanna bonneagair a tionscnaíodh an tráth sin go príomha. Is cinnte go gcabhróidh torthaí na n-imscrúduithe sin go mór lenár dtuiscint ar an gcomhthéacs níos leithne a bhaineann le séadchomharthaí Bhrú na Bóinne.
Tá Creat Taighde curtha le chéile do Láithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne. Leis an gcreat sin, tá na bearnaí móra atá ann inár n-eolas aitheanta agus cabhróidh an creat le taighde a dhéanfar amach anseo a stiúradh i dtreo go méadófar ár dtuiscint ar an áit speisialta seo.