World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Brú na Bóinne

  • Miotais agus Béaloideas
  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
    • Sí an Bhrú
    • Cnóbha
    • Dubhadh
    • An Ealaín
    • Na Tochailtí Seandálaíochta
  • Foilseacháin
  • Acmhainní oideachais
  • Gailearaí
  • Eolas do chuairteoirí
  • Grianstad an gheimhridh
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Brú na Bóinne
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • Sí an Bhrú

Sí an Bhrú

Is é Sí an Bhrú an tuama pasáiste is cáiliúla in Éirinn agus meastar gur sa bhliain 3,200 RChr a tógadh é. Thart ar 80m ar trastomhas atá an dumha mór agus tá colbha ina bhfuil 97 liag timpeall ar an mbun. Is é an Liag Isteach an ceann is sármhaisithe de na liaga sin.

  • View of Newgrange mound with a guided tour in progress
  • View of Newgrange mound from the road
  • Newgrange entrance stone & roof box
  • Full moon over the great circle at Newgrange

An Carn

Clúdaíonn an carn, a bhfuil barr plánach air, beagnach 0.5 heicteár. Cruth ciorclach atá air, a bheag nó a mhór, agus meastar go bhfuil meachán 200,000 tonna ann san iomlán. Tá sé déanta de liaga a míníodh de bharr ghluaiseacht an uisce agus a tháinig ó léibhinn Abhainn na Bóinne. Fuarthas amach de bharr na dtochailtí gur tháinig na grianchlocha bána ó fhéitheacha grianchloiche i gCo. Chill Mhantáin agus gur úsáideadh bolláin chruinne eibhir ó limistéir Mhúrna agus Chairlinn chun an sroadbhalla a thógáil os cionn na colbha ar aghaidh thosach nó thaobh theas an dumha.

Aerial view of Newgrange mound

An Tuama

Tá an dumha ag clúdach tuama aonair amháin, ina bhfuil pasáste fada agus seomra ar chruth croise. Is ar dheis na gréine atá treo an phasáiste agus tá fad beagán níos lú ná 19m ann. Téitear isteach tríd chuig seomra lena ngabhann trí chuasán. Clúdaíonn díon coirbéalta an seomra.  Chun an díon a thógáil, chuir an lucht tógála sraitheanna de liaga móra os cionn a chéile go dtí go bhféadfaí an díon a shéalú le leac mhullaigh, 6 mhéadar os cionn an urláir. Tar éis 5000 bliain, ní ligeann an díon ag Sí an Bhrú aon bhraon báistí isteach fós. 

  • Corbelled roof (overlaping rings of stones) of the chamber
  • View of the passage of Newgrange from the chamber
  • Newgrange chamber interior with tri-spiral

Na Miasliaga

Is sna miasa sin atá ar urlár gach cinn de na cuasáin a choinnítí iarsmaí na marbh. Thángthas ar iarsmaí cúigir ar a laghad i rith phróiseas na tochailte, cé go mb'fhéidir gur leagadh i bhfad níos mó cnámha ansin i dtosach báire. Bhí formhór na gcnámh a fuarthas créamtha, cé gur thángthas ar líon beag cnámh nár dódh. Cuireadh earraí reilige, amhail muincí coirníní agus siogairlíní a rinneadh de chailc agus de chnámha in éineacht leis na mairbh, chomh maith le roinnt liathróidí de chloch shnasta.

Right recess with basin stone at Newgrange

An Ealaín

Is sárshaothair dhealbhóireachta iad an liag isteach ag Sí an Bhrú agus Liag Cholba 52 ar chúl an dumha, agus meastar iad a bheith ar na saothair is fearr dá bhfuil ann d’Ealaín Neoiliteach na hEorpa. Snoíodh dearthaí ar go leor de na liaga eile colbha freisin, agus is ar an taobh istigh atá na dearthaí ar roinnt díobh, is é sin, ní bheadh siad le feiceáil ag duine a bheadh ina sheasamh lasmuigh.


Sa phasáiste, tá dearthaí áille snoite ar roinnt de na liaga, go háirithe an 19ú liag ar thaobh na láimhe clé, ar a bhfuil dearadh a chuireann cineál éadain duine i gcuimhne do roinnt cuairteoirí. Sa seomra sa chuasán cúil ar thaobh na láimhe deise, tá dearadh na dtrí bhís a bhfuil cáil ar fud an domhain air.

An arrangement of spirals, lozenges and zigzags on a passage orthostat (L19)

Grianstad an Gheimhridh

As an iomaí gné a bhaineann le Sí an Bhrú atá ina hábhar suntais, is é an oscailt bheag nó ‘bosca an dín’ sa díon os cionn an bhealaigh isteach sa phasáiste an ceann an cáiliúla díobh. Ar éirí na gréine lá ghrianstad an gheimhridh, an lá is giorra sa bhliain (an 21ú Nollaig) agus ar feadh roinnt laethanta roimhe agus ina dhiaidh, téann ga gréine isteach sa seomra tríd an oscailt sa bhosca sin. 

De réir chultúr Neoiliteach Ghleann na Bóinne, b'ionann grianstad an gheimhridh agus tús na Bliana Nua -- comhartha na hathbhreithe ar dlúthchuid den dúlra í agus rud lena ngealltar beocht athnuaite do bharra, d'ainmhithe agus do dhaoine.  Tharlódh sé freisin go raibh sé ina shiombal cumhachtach ar bhua dosheachanta na beatha ar an mbás, rud lenar gealladh beocht nua do spioraid na marbh b'fhéidir.

  • Winter Solstice sun in the passage of Newgrange
  • Winter Solstice sun shining through roof box at Newgrange

Aos Eascra na hAoise Neoilití Déanaí / na Cré-Umha Aoise Luaithe

Thart faoin mbliain 2000 RCh, tháinig daoine nua nó smaointe nua a fhad le hÉirinn. Tugtar an Ré Eascra ar an tréimhse sin mar gheall ar an gcineál potaireachta suaithinsí a bhain léi, agus bhí an mhiotalóireacht ag dul i dtreis ag an am céanna cé go rabhthas ag baint úsáide as uirlisí cloiche fós. Thóg muintir an Aosa Eascra clós ollmhór, a bhí ina ionad creidimh a bhí chomh tábhachtach lena linn féin agus a bhíodh an tuama pasáiste. De bharr tochailtí seandálaíochta a rinne David Sweetman, nochtadh go mbíodh sé ina ciorcal mór dúbailte de chuaillí adhmaid (thart ar 100m ar trastomhas) ina ndéantaí codanna d’ainmhithe a chréamadh agus a adhlacadh i gclaiseanna. Tugtar Ciorcal na bPoll air. 

 
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Chiorcail Heinsí Adhmaid /Chiorcail na bPoll  , breathnaigh ar rannóg nAcmhainní Oideachais .

 

View of Newgrange mound from the road

Ciorcal na Liag

Tá ciorcal de ghalláin timpeall ar Shí an Bhrú freisin. Ní léir an cuspóir a bhain leis, cé gur tugadh le fios de bharr taighde a rinneadh le déanaí go mb’fhéidir gur bhain feidhm ó thaobh na réalteolaíochta leis. Tógadh Ciorcal na Liag am éigin tar éis 2000 RCh toisc gur taispeánadh de bharr tochailtí go bhfuil ceann de liaga an chiorcail ina luí díreach os cionn Chiorcal na bPoll ón gCré-Umha Aoise Luath. B’fhéidir go raibh tuilleadh liag sa chiorcal i dtosach báire. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh gur briseadh roinnt díobh ina bpíosaí in imeacht na mblianta. Ba é seo an chéim dheireanach sa phróiseas lenar tógadh Sí an Bhrú.

Full moon over the great circle at Newgrange
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com