World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Brú na Bóinne

  • Miotais agus Béaloideas
  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • Foilseacháin
  • Acmhainní oideachais
  • Gailearaí
  • Eolas do chuairteoirí
  • Grianstad an gheimhridh
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Brú na Bóinne
  • Eolas do chuairteoirí

Eolas faoin Ionad Cuairteora

Tá Ionad Cuairteora Bhrú na Bóinne suite ar thaobh theas Abhainn na Bóinne agus tá radharc amach as ar an Láithreán Oidhreachta Domhanda. Osclaíodh sa bhliain 1997 é.

  • Night view of Visitor Centre
  • Night view of Visitor Centre

Taispeántais

TICÉID A CHUR IN ÁIRITHE ANSEO

Is trí Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne atá gach iontráil chuig Sí an Bhrú agus Cnóbha

Ná téigh go díreach chuig na séadchomharthaí sin mar ní ligfear isteach tú - tugtar cuairteoirí ar bhus tointeála ón Ionad Cuairteoirí chuig na séadchomharthaí

Nasc Anseo

Tá an t-eispéireas tumthach nuascothach úrnua atá curtha ar fáil don chuairteoir ann dírithe ar na séadchomharthaí ón tréimhse Neoiliteach atá suite ag an Láithreán Oidhreachta Domhanda seo. Téann an cuairteoir siar 5000 bliain ar an turas seo, siar go dtí buaicphointe na tógála tuamaí, tráth a raibh roinnt de na foirgnimh is mó ar domhan le fáil i mBrú na Bóinne.

Sna taispeántais atá againn, déantar scrúdú ar an ngné shéasúrach de shochaí na clochaoise, an tábhacht a bhí ag timthriall na gréine an tráth úd, chomh maith leis na searmanais a bhí ag na daoine agus an próiseas a bhí i gceist le séadchomharthaí dá leithéid a thógáil.

ISPÉIREAS DO CUAIRTEOIRÍ

Cineál turais ar fail: Turais Shí an Bhrú móide Taispeántas - Cuairt ar taispeántas agus an Bhrú. Tá an seomra san áireamh.

Ar Fáil ó 4 Samhain 2021 – 2 Márta 2022
Fad na Cuairte, Go Garbh: 2 uair

Caithfear clúdaigh aghaidhe a chaitheamh i rith do chuairte

RÉAMH-ÁIRITHINT RIACHTANACH

Tá méid na dticéad ar fáil an-teoranta.

Caithfidh ticéad a bheith ag gach cuairteoir lena n-áirítear leanaí / naíonáin.

Is féidir áirithint a dhéanamh ar líne suas le 30 lá roimh an gcuairt.

Ba chóir do úsáideoirí cathaoireacha rothaí nó cuairteoirí a dteastaíonn cúnamh speisialta uathu, ríomhphost a sheoladh chuig brunaboinne@opw.ie sula gcuirtear in áirithe iad.

Áirithiní grúpa (15 ticéad+) Seol ríomhphost chuig: brunaboinne@opw.ie

EOLAS EILE

Ta Cnóbha dúnta go dtí 3 Márta.
Tá na séadchomharthaí amuigh faoin aer gan aon foscadh. Caith éadaí atá oiriúnach don aimsir.
Ní cheadaítear dróin a úsáid ag SéadchomharthaíNáisiúnta.
Ní cheadaítear peataí - ceadaítear madraí treorach agus cuidithe a bhfuil aitheantas acu.Tá siopa bronntanas dúnta.

UAIREANTA OSCAILTE

Cliceáil an nasc “TICÉID A CHUR IN ÁIRITHE ANSEO” chun na hamanna áirithinte a fheiceáil

TÁILLÍ ISTEACH

Ó 1 Eanáir - 2 Márta 2022


Turais Shí an Bhrú móide Taispeántas
DUINE FÁSTA: €8
SEANÓIR (60 agus os a chionn): €6
PÁISTE (12+): €4
PÁISTE (páiste faoi 12 bliain d’aois): Saor in Aisce
MAC LÉINN (Aitheantas mic léinn bailí ag teastáil): €4
TEAGHLACH (Beirt fhásta & cúigear páiste in aois 12–18): €20

Taispeántas an Ionaid Chuairteoirí Amháin
DUINE FÁSTA: €5
SEANÓIR (60 agus os a chionn): €4
PÁISTE (12+): €3
PÁISTE (páiste faoi 12 bliain d’aois): Saor in Aisce
MAC LÉINN (Aitheantas mic léinn bailí ag teastáil): €3
TEAGHLACH (Beirt fhásta & cúigear páiste in aois 12–18): €13

  • Brú na Bóinne Visitor Center Entrance
  • Night view of Visitor Centre from pedestrian area
  • Aerial view of Brú na Bóinne Visitor Centre

Léarscáileanna

íoslódáil Léarscáil Láithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne [PDF 1.1MB ]

íoslódáil Léarscáil LOD & Ionad Cuairteora Bhrú na Bóinne [PDF 3.4MB]

íoslódáil Léarscáil Limistéar Ghleann na Bóinne [PDF 472KB]

Cúrsaí Inrochtaineachta agus Cathaoireacha Rothaí

Sí an Bhrú

Níltear in ann dul isteach sa Seomra ag Sí an Bhrú le cathaoireacha rothaí agus tá roinnt céimeanna ar an gcosán ar chúl an dumha. Tá macasamhail lánscála den seomra ina chuid den taispeántas ag an ionad cuairteora.  Táthar in ann dul isteach san ionad le cathaoir rothaí.

Cnóbha

Níltear in ann dul isteach sa seomra ag Cnóbha.  Táthar in ann gach cuid den turas a dhéanamh le cathaoir rothaí seachas seomra beag an taispeántais & barr an dumha.

Ionad Cuairteora


Táthar in ann dul chuig gach cuid den Ionad le cathaoir rothaí. Is féidir cathaoireacha rothaí a fháil ar iasacht le linn do chuairte.

An Bus chuig na Láithreáin

Táthar in ann dul isteach agus amach as an mbus le cathaoir rothaí.

íoslódáil an cháipéis go Sí an Bhrú agus Cnóbha [PDF 135KB]

Leanaí ag Brú na Bóinne

An t-ionad cuairteora

Tá fáilte roimh leanaí in ionad cuairteora Bhrú na Bóinne agus tá roinnt áiseanna ann a chuirfidh le cuairt do theaghlaigh ar an áit:

  • taispeántas agus seó closamhairc
  • caifé
  • áit le malairt chlúidín a chur ar naíonán
  • áit mhór le haghaidh picnicí.


Sí an Bhrú agus Cnóbha

Tá an-fháilte roimh leanaí teacht go Sí an Bhrú agus go Cnóbha.  Ar mhaithe lena sábháilteacht agus lena gcompord féin, ba cheart do dhuine fásta freagrach aire a thabhairt dóibh le linn a gcuairte. Caithfidh duine fásta a bheith i dteannta leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois. Is féidir bugaí a thabhairt tríd an ionad cuairteora, isteach sna busanna agus amuigh faoin aer ag na láithreáin ach ní féidir bugaí a thabhairt isteach sa phasáiste ná sa seomra ag Sí an Bhrú. Ba cheart go dtuigfeadh tuismitheoirí agus caomhnóirí gur turais threoraithe gach cuairt ar na láithreáin agus bítear buíoch díobh a bheith cúirtéiseach agus tuisceanach do chuairteoirí eile. Is amuigh faoin aer a tharlaíonn na turais thart ar na láithreáin mar sin tá sé ríthábhachtach go gcaithfidh daoine éadaí cuí.

Cuairteanna Scoile

Ní mór do scoileanna turais a chur in áirithe roimh ré. Tá saorchead isteach chuig Brú na Bóinne do ghrúpaí scoile má chuireann siad turas in áirithe faoin gclár. Cuir ceist ar dhuine ag an deasc fáiltithe. Ní mór go mbeifí i mbun obair oideachasúil le linn na cuairte go mbeifí in ann leas a bhaint as an saorchead isteach. Iarrtar ar mhúinteoirí bileoga oibre a ullmhú roimhe ré.

Cuairteanna Oideachasúla Saor in Aisce faoi choimirce Oifig na nOibreacha Poiblí

Breathnaigh ar scéim OOP le haghaidh Cuairteanna Oideachasúla Saor in Aisce do scoileanna ar heritageireland.ie

íoslódáil ár gcáipéis Children at Brú na Boinne Document [PDF 1KB]

Leideanna íšsáideacha

Leideanna íssá¡deacha agus cuairt ¡ tabhairt ar Bhrú na Bóinne
Leideanna íssá¡deacha agus cuairt ¡ tabhairt ar Bhrú na Bóinne
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com