© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com
Miotais agus Béaloideas
Brú na Bóinne sna Miotais
Is iomaí tagairt atá le fáil i litríocht agus i dtraidisiún na Gaeilge Luaithe do shéadchomharthaí Bhrú na Bóinne (Pálas nó Teach Mór na Bóinne). Baineann siad le Tuatha Dé Danann, dream daoine osnádúrtha a bhain leis an mBandia Danu agus a rialaigh Éire, de réir an tseanchais, sular tháinig na Ceiltigh go hÉireann agus a d’imigh leo siar i ndumhaí agus i liosanna sí ina dhiaidh.
An chaoi ar ainmníodh na séadchomharthaí
Sí an Bhrú
Is íoróineach an rud é go mbaineann an focal ‘nua’ leis an ainm Béarla, Newgrange, atá ar cheann de na séadchomharthaí réamhstairiúla is cáiliúla in Éirinn. Tar éis do Mhainistir na gCistéirseach a bheith curtha ar bun ag Mellifont gar don áit sa bhliain 1141, fuair an t-ord rialta seilbh ar an talamh thart timpeall ar an séadchomhartha. Rinneadh gráinseach de, nó grange sa Bhéarla, arbh é a bhí ann feirm ar imeall thalamh na mainistreach, agus is as sin a d’eascair ainm reatha an tuama pasáiste agus an bhaile fearainn thart timpeall air.
Sna finscéalta, ba é Sí in Bhrú an t-ainm a tugadh ar an séadchomhartha, rud a chiallaigh Dumha Shí an Bhrú. Dúradh gur le hElcmar é a bhí pósta ar Boann (Abhainn na Bóinne). Chuir an Daghda Mór Elcmar ag imeacht ar thuras gnó. A fhad is a bhí Elcmar imithe, bhí mac darb ainm Oengus ag an Dagda agus ag Boann. Bhí Elcmar imithe ar feadh beagnach bliain ach nuair a tháinig sé ar ais, ba chosúil nach raibh sé imithe ach ar feadh oíche amháin. Níos déanaí, bhí ar Oengas cleas a imirt ar a athair, an Daghda Mór, chun Sí in Bhrú a fháil le hoidhreacht.
Mar a insítear i gceann de na scéalta is cáiliúla in Éirinn, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, thug Oengus corp an ghaiscígh Diarmuid ar ais chuig Sí an Bhrú lena choinneáil slán.
Dubhadh
Deirtear gur leis an dorchadas a bhaineann an t-ainm Dubhadh. Deirtear fosta gur duine de ríthe na hÉireann, Bressal Bodibad, a thóg an dumha. Bhí sé ag iarraidh dumha a thógáil a shroichfeadh na flaithis agus níor éirigh leis seirbhís fhir uile na hÉireann a dhaingniú lena thógáil ach ar feadh aon lá amháin. Toisc go raibh faitíos air nár leor é sin, thoiligh a dheirfiúr an ghrian a stopadh sa spéir lena cumhachtaí draíochta sa chaoi is go bhféadfaí an obair a chríochnú in am. Luigh Bressel lena dheirfiúr i rith an lae áfach, is é sin, rinne sé ciorrú coil, agus nuair a chaill sí a cuid cumhachtaí, fágadh sa dorchadas iad. D’fhill gach duine abhaile agus tréigeadh an cnoc. “Dubad meaning darkness shall be the name of that place forever”.
Cnóbha
Tá dhá scéal ann ina n-insítear an chaoi ar baisteadh Cnobga mar ainm ar Chnóbha. Sa chéad scéal, deirtear go dtagann an focal as na focail Cnoc Bua nó Bui. Is é Bui ainm 'chailleach' cháiliúil Bhéarfra. Oireann Bui do Chnóbha mar gheall ar ról na caillí i mbéaloideas na hÉireann mar bhandia na talún, chomh maith lena nasc leis an mbás.
Tá leagan níos áibhéilí ná sin le fáil sa scéal lena ndeirtear gur fuadaíodh leannán Oengus ó fheis a raibh sí ag freastal air. Rith a raibh fágtha dá cuideachta ina diaidh chomh fada le Cnobga. Bhí a cairde ag caoineadh in ard a gcinn agus chothaigh siad iad féin ar aon bhia amháin a rabhadar in ann a aimsiú ansin, an cnó coill.
An Béaloideas
I bhfad sular cuireadh tús leis an obair thochailte ag Sí an Bhrú i 1962, bhí scéal ann go dtiteadh solas na gréine ar dhearadh na dtrí bhís i seomra cúil Shí an Bhrú ar laethanta áirithe sa bhliain (ní raibh aon duine in ann a rá cé na laethanta go baileach). Bhí an tOllamh O’Kelly eolach ar an scéilín sin nuair a chuir sé tús lena chuid oibre. Mheas sé go raibh mearbhall ar lucht inste an scéil agus gur ceapadh go dtarlaíonn an rud céanna ag Sí an Bhrú is a tharlaíonn ag Stonehenge Shasana, áit atá cáiliúil as an mbealach a ailíníonn an ghrian le gnéithe den séadchomhartha sin. Chuimhnigh sé ar an scéal áfach nuair a athfhionnadh bosca an dín i 1963. Fuair sé amach i 1967 go scroicheann an solas, a bhriseann isteach sa seomra ar éirí na gréine lá ghrianstad an gheimhridh, an t-urlár díreach faoi bhun na dtrí bhís. Ní fhéadfadh an solas sa seomra a bheith feicthe ag aon duine eile ar na saolta sin roimh an Ollamh O’Kelly, toisc go raibh bosca an dín líonta le clocha agus clúdaithe de bharr ballaí an chairn a bheith tite anuas. Tá sé beagnach dochreidte gur cruthaíodh go raibh an ceart ag lucht inste scéil ar measadh ar feadh i bhfad nach raibh ann ach seanscéal na gcailleach.
Tugtar ‘na pluaiseanna’ ar shéadchomharthaí Bhrú na Bóinne go háitiúil. Tá sé ina ábhar suntais gur measadh ar feadh i bhfad ar fud an domhain gurbh áiteanna naofa a bhí i ‘bpluaiseanna’ cibé acu pluaiseanna nádúrtha nó saorga a bhí iontu.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le Cuid thrasghearrtha de Dhumha Mór Chnóbha agus a thuamaí , breathnaigh ar an rannóg na nacmhainní oideachais .