© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com
An Coinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda — Céard atá i gceist leis?
Déanann UNESCO measúnú lena n-inscríobh ar láithreáin a bhfuil tréithe oidhreachta nádúrtha agus cultúir ag baint leo, a mheastar a bheith de ‘Shárluach Uilíoch’, i.e. “a bhfuil suntas cultúir agus/nó nádúrtha ag baint leo atá chomh heisceachtúil sin go meastar tábhacht seachas tábhacht náisiúnta a bheith leo agus a mheastar tábhacht comhchoiteann a bheith leo do ghlúnta reatha agus do ghlúnta amach anseo agus a bhfuil ríthábhacht ag baint lena n-oidhreacht a chosaint go buan don phobal idirnáisiúnta trí chéile.
Ghlacadh leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Oidreacht Domhanda ag Comhdháil Ghinearálta UNESCO i 1972. Faoi láthair, tá 187 tír (ar a dtúgtar "Páirtithe Stáit”) tar éis an Coinbhinsiún a dhaingniú, Éire san áireamh sa bhliain 1991. Bunaíodh an Liosta Oidhreachta Domhanda leis an gCoinbhinsiún mar bhealach go n-aithneofar go mbaineann an oiread tábhacht le roinnt áiteanna, cibé acu áiteanna nádúrtha nó cultúir, go bhfuil freagracht ar an bpobal idirnáisiúnta ar fad ina leith. Nuair a shíníonn Páirtithe Stáit an Coinbhinsiún, geallann siad go gcaomhnóidh siad na Láithreáin Oidhreachta Domhanda ina gcríocha féin, agus ní amháin sin, ach go seachnóidh siad bearta a dhéanfar d’aon turas agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do Láithreáin Oidhreachta Domhanda i dtíortha eile. Ar an ábhar sin, is uirlis caomhnaithe oidhreachta an Liosta Oidhreachta Domhanda.
Is é an Coiste Oidhreachta Domhanda a dhéanann maoirseacht ar an gCoinbhinsiún agus tá an Coiste comhdhéanta de 21 tír atá tofa ag na Páirtithe Stáit. Tacaíonn Ionad Oidhreachta Domhanda UNESCO i bParás leis an gCoiste, a thugann comhairle do Pháirtithe Stáit maidir leis an bpróiseas ullmhúcháin le láithreáin a ainmniú, agus eagraíonn an Coiste cúnamh teicniúil ar iarratas agus comhordaíonn tuairisceoireacht maidir leis an mbail atá ar láithreáin. Comhordaíonn sé gníomhartha éigeandála freisin chun láithreáin atá faoi bhagairt a chosaint agus riarann an Coiste an Ciste Oidhreachta Domhanda freisin.