World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Eolas Faoi

  • An Coinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda
  • Ceard is Láithreán Oidhreachta Domhanda ann?
  • Ról na Roinne
  • An Próiseas Ainmniúcháin
  • Aimsigh Láithreáin Oidhreachta na hÉireann
You are here:
  • Eolas Faoi
  • An Próiseas Ainmniúcháin

An Próiseas Ainmniúcháin

Ceanglais maidir le Láithreán a Ainmniú do Phróiseas an Liosta Oidhreachta Domhanda

Déanann UNESCO measúnú lena n-inscríobh ar láithreáin a bhfuil tréithe oidhreachta nádúrtha agus cultúir ag baint leo, a mheastar a bheith de ‘Shárluach Uilíoch’, i.e. “a bhfuil suntas cultúir agus/nó nádúrtha ag baint leo atá chomh heisceachtúil sin go meastar tábhacht seachas tábhacht náisiúnta a bheith leo agus a mheastar tábhacht comhchoiteann a bheith leo do ghlúnta reatha agus do ghlúnta amach anseo agus a bhfuil ríthábhacht ag baint lena n-oidhreacht a chosaint go buan don phobal idirnáisiúnta trí chéile.
Caithfear cás mionsonraithe a ullmhú le haghaidh láithreán a ainmneofar, lena leagfar amach go soiléir an "sárluach uilíoch" a bhaineann leis. Caithfear cáipéisí a chur isteach freisin maidir le stair aon oibreacha le fíordheimhneacht an láithreáin a leagan amach. Caithfear a léiriú go bhfuil Plean Bainistíochta cuimsitheach chomh maith le cosaintí faoi reachtaíocht i bhfeidhm don láithreán. Breathnaigh ar www.unesco.org le haghaidh tuilleadh eolais.

Critéir maidir leis an Sárluach Uilíoch

Meastar go mbaineann Sárluach Uilíoch le maoin i gcás go gcomhlíonann sí ceann amháin nó níos mó de na deich gcritéar, de réir Alt 77 de na 'Treoirlínte Oibriúcháin le haghaidh an Coinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda a Chur i nGníomh':

  1. caithfidh sí fianaise ar leith a thabhairt ar thraidisiún cultúir/shibhialtacht atá ar marthain nó imithe i léig
  2. caithfidh gur saothar máistreachtra í lena léirítear sáréirim chruthaitheach an duine;
  3. caithfidh go léiríonn sí idirmhalartú tábhachtach de luachanna an duine, thar thréimhse ama nó laistigh de limistéar cultúir den domhan, maidir le forbairtí ó thaobh na hailtireachta nó na teicneolaíochta, ealaíona na séadchomharthaí, na pleanála baile nó na dearthóireachta tírdhreacha;
  4. caithfidh gur sárshampla í de chineál foirgnimh, cineál coimpléasc ailtireachta nó teicneolaíochta nó cineál tírdhreacha lena léirítear staid(eanna) suntasach(a) i stair an chine dhaonna
  5. caithfidh gur sárshampla í de lonnaíocht thraidisiúnta an duine, d'úsáid thraidisiúnta talún, nó d'úsáid thraidisiúnta farraige lena léirítear cultúr (nó cultúir), nó idirghníomhaíocht an duine leis an gcomhshaol go háirithe i gcás go bhfuil an láithreán tagtha chun bheith leochaileach mar gheall ar thionchar athruithe do-aisiompaithe;
  6. caithfidh go bhfuil sí bainteach go díreach nó ar bhealach infheicthe le himeachtaí nó le traidisiúin bheo, le smaointe, nó le creidimh, le saothair ealaíne agus litríochta lena mbaineann sárshuntas uilíoch. (Measann an Coiste go mb’fhearr go n-úsáidfí an critéar seo i gcomhar le critéir eile)
  7. caithfidh go bhfuil sárfheiniméin nádúrtha ann nó limistéir lena mbaineann sáráilleacht agus tábhacht nádúrtha eisceachtúil;
  8. caithfidh gur sárshampla í lena léirítear céimeanna móra de stair na cruinne, lena n-áirítear taifead an tsaoil, próisis shuntasacha leanúnacha geolaíochta ó thaobh mar a tháinig tírghnéithe chun cinn, nó gnéithe suntasacha geomorfacha nó fiseagrafacha;
  9. caithfidh gur sárshampla í lena léirítear próisis shuntasacha leanúnacha éiceolaíochta agus bitheolaíochta in éabhlóid agus i bhforbairt éiceachóras agus pobal plandaí agus ainmhithe talún, fionnuisce, cois cósta agus muirí;
  10. caithfidh go bhfuil na gnáthóga nádúrtha is tábhachtaí agus is suntasaí iontu leis an éagsúlacht bitheolaíochta a chaomhnú in situ, lena n-áirítear na gnáthóga sin ina bhfuil speicis atá faoi bhagairt agus lena mbaineann sárluach uilíoch ó thaobh na heolaíochta nó cúrsaí caomhnúcháin. Cliceáil anseo le haghaidh Treoirlínte Oibriúcháin UNESCO  www.unesco.org

Iomláine agus/nó Fíordheimhneacht

Sa chaoi go measfar go mbaineann sárluach uilíoch le maoin, caithfear na coinníollacha maidir le hiomláine agus/nó fíordheimhneacht a chomhlíonadh der Dhoiciméad Nara maidir leis an bhFíordheimhneacht. Tá an Fhoireann Chigireachta an-dian maidir leis an gceanglas sin. Le haghaidh láithreán cultúir, is éard a bheadh i gceist leis léiriú soiléir, a dtabharfaí bunús leis go neamhspleách, ar an mbonn cirt a bhí le haon ‘idirghabháil’ a rinneadh tríd an láithreán a chaomhnú/a athchóiriú nó a oiriúnú, mar shampla. ó thaobh láithreán nádúrtha, is ceisteanna ó thaobh mar a chuir an duine isteach orthu a bhíonn i gceist de ghnáth m.sh. forbairt, turasóireacht, truailliú, speicis andúchasacha, srl.

Cosaint agus Bainistiú

Caithfidh leorchórais cosanta agus bainistíochta a bheith i bhfeidhm lena chinntiú go gcoinneofar maoin slán. Bíonn caighdeáin fíorard riachtanach maidir leis sin. Breathnaíonn an Fhoireann Chigireachta go grinn ar na nithe seo a leanas: an creat dlíthiúil, an t-ainmniúchán, an úinéireacht, acmhainní a thiomnófar, an fhealsúnacht bainistíochta, éifeachtacht na mbeart ar an láthair agus bealaí rochtana don phobal. Breathnaigh ar na Pleananna Bainistíochta do Láithreáin Oidhreachta Domhanda na hÉireann.

Próiseas le Láithreán a Inscríobh

Tógann an próiseas ainmniúcháin 1.5 bliain i gcoitinne. Is é an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an Páirtí Stáit atá freagrach as láithreáin a ainmniú do UNESCO don Liosta Oidhreachta Domhanda. 

Nuair a chláraítear an t-ainmniúchán, déanfaidh comhlachtaí comhairleacha a mheas cé acu an mbaineann sárluach uilíoch leis na maoine a ainmníodh.  Déanann ICOMOS láithreáin oidhreachta cultúir ainmnithe a mheas agus déanann IUCN (An tAontas Idirnáisiúnta ar son Acmhainní Dúlra agus Nádúrtha a Chaomhnú) láithreáin Oidhreachta Nádúrtha ainmnithe a mheas. 

  • Cáipéisí maidir le hainmniúchán Bhrú na Bóinne
  • Cáipéisí maidir le hainmniúchán Sceilg Mhichíl

Is é An Coiste Oidhreachta Domhanda a chinneann cé acu ar chóir maoin a inscríobh ar an Liosta Oidhreachta Domhanda, faoi threoir ó na Comhlachtaí Comhairleacha. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le maoin a inscríobh ar an Liosta Oidhreachta Domhanda, glacann an Coiste Ráiteas maidir leis an Sárluach Uilíoch arb é atá ann achoimre ar an measúnacht agus ar na gníomhartha mar an phríomháis tagartha leis an maoin a chosaint agus a bhainistiú amach anseo.

  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com