World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Sceilg Mhichíl

  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • An Oidhreacht nádúrtha
  • Foilseacháin
  • Gailearaí
  • Eolas do chuairteoirí
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Sceilg Mhichíl
  • An Cúlra staire

An Cúlra Staire

Tagann an t-ainm Sceilg ón bhfocal Sceillic rud a chiallaíonn carraig rite.

Luath-thagairtí do na Scealga

Is sna finscéalta atá an chéad tagairt do na Scealga nuair a ainmníodh an t-oileán mar an áit a adhlacadh ír, mac Míleadh, a bádh nuair a bhí Clanna Míleadh ag teacht i dtír. Tá tagairt i dtéacs ón ochtú nó ón naoú haois d'eachtra achrannach idir Ríthe Iarthar na Mumhan agus Ríthe Chaisil. Luadh gur theith Duí Iarlaithe, Rí Iarthar na Mumhan ‘go dtín Sceilg’.  Deirtear gur tharla é sin le linn an chúigiú haois ach níl bealach ar bith againn le fáil amach an raibh lonnaíocht ar an oileán an tráth sin.

Na Manaigh ar Sceilg Mhichíl

D'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh gur bunaíodh mainistir chomh luath leis an séú haois, ag Naomh Fíonán, de réir mar a deirtear, ach is san ochtú haois a taifeadadh an chéad tagairt chinnte do mhanaigh ar Oileáin na Scealg, nuair a taifeadadh bás ‘Shuibhne na Sceilge’.  Tá tagairt don Sceilg in annálacha a scríobhadh sa naoú agus sa deichiú haois agus is cosúil gur tiomnaíodh do Mhicheál Ardaingeal é am éigin roimh 1044 nuair a taifeadadh bás ‘Aedh Sceilge’. Is dóigh gur ceiliúradh tiomnú sin an oileáin do Naomh Micheál trí theampall Michíl a thógáil sa mhainistir.  Luaigh Giraldus Cambrensis teampall Michíl sa chuid deiridh den dóú haois déag.  Tá sé tugtha le fios ina chuntas ar an mbealach míorúilteach gur soláthraítí fíon comhchoiteann don Aifreann laethúil i dTeampall Michíl go raibh daoine ina gcónaí go leanúnach sa mhainistir an tráth sin.

Sa tríú haois déag, b’fhuaire an aimsir agus ba mhinice stoirmeacha ann toisc go ndeachaigh an aeráid in olcas i gcoitinne.  Ba thús é sin, chomh maith leis na hathruithe ar struchtúr na hEaglaise in Éirinn, leis an bpróiseas lenar tháinig deireadh le pobal na ndíthreabhach ar Sceilg Mhichíl.  Is cosúil gur bhog na manaigh chuig Baile an Sceilg ar an mórthír thart faoin am sin.  Tagraíodh do Phrióir Mhainistir na nAgaistíneach ag Baile an Sceilg mar an Prior de Rupe Michaelis go luath sa cheathrú céad déag, rud a thugann le fios go raibh an t-oileán fós ina chuid thábhachtach dá mainistir an tráth sin.

Sceilg Mhichíl ón trath a d'imigh na manaigh

Tá Sceilg Mhichíl ar roinnt cairteanna portalacha Iodálacha agus Ibéaracha a rinneadh idir an ceathrú agus an séú céad déag agus léirítear i gcuntais Armáid na Spáinne go raibh siad ar an eolas faoin oileán sa bhliain 1588.

Sa bhliain 1578 tugadh an t-oileán do mhuintir de Buitléar tar éis do na mainistreacha a bheith díscaoilte cé go mbíodh tóir ag oilithrigh ar an áit chomh fada leis an ochtú haois déag fós.

Go luath sa naoú céad déag, cheannaigh réamhtheachtaí Choimisinéirí Soilse na hÉireann an t-oileán chun dhá theach solais a thógáil ann.  Thóg siad an caladh thoir atá ann faoi láthair chomh maith le bóthar feadh thaobh theas agus thiar an oileáin chun éascú leo an dá theach solais atá suite ar thaobh thiar an oileáin a thógáil.

Sceilg Mhichíl faoi chúram an stáit

Sa bhliain 1880 chuir Oifig na nOibreacha Poiblí iarsmaí na mainistreach faoi chaomhnóireacht an Stáit agus chuir siad tús le tionscadal chun struchtúir a bhí tite ó chéile a dheisiú.  Tá OOP ag leanúint ar aghaidh le hiarsmaí na mainistreach a dheisiú agus a chaomhnú ón tráth sin.  Sa bhliain 1989 cheannaigh an Stát an t-oileán ó Choimisinéirí Soilse na hÉireann, seachas an teach solais a bhí fós á oibriú agus na limistéir choimhdeacha. Sa bhliain 1996 inscríobhadh Sceilg Mhichíl ar Liosta Oidhreachta Domhanda Eagras Oideachais Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO).

Aerial view of Skellig Michael from the east.
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2022 An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com