© 2022 An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com
An Mhainistir
Tá clós inmheánach agus clós seachtrach thart ar an mainistir atá suite ar an ardchlár carraige a théann le fána ar mhullach oirthuaisceart an oileáin. Is maith mar a roghnaíodh an suíomh go mbeadh foscadh ag an mainistir agus go mbeifí in ann uisce a chruinniú agus bhí an-chuid cloch ar fáil, rud a d'éascaigh leis an bpróiseas leis an mainistir a thógáil. D'úsáid na manaigh córas de bhallaí coinneála chun léibhinn chomhréidhe a thógáil agus thóg siad a bhfoirgnimh orthu sin laistigh den chlós inmheánach. Bhí limistéir gairdín le bia a fhás iontu ar fáil ar na léibhinn níos ísle laistigh den chlós seachtrach.
Is sraith cillíní a dhéanann taobh thuaidh an chlóis inmheánaigh. An cillín comhchoiteann a bhí i gCillín A atá ar aghaidh an Aireagail Mhóir, agus bhí leibhéal uachtair laistigh den chillín sin freisin. Tógadh na cillíní le linn tréimhsí difriúla ama agus léirítear leo an bealach a forbraíodh nósanna tógála cloiche singile le linn thréimhse na meánaoiseanna luatha. Gnáthchillín cónaithe atá i gCillín F. Tá siad ar aghaidh an Aireagail Mhóir, an foirgneamh is tábhachtaí sa mhainistir agus í i mbun feidhme. Tá an limistéar timpeall ar an aireagal pábháilte agus tá limistéar speisialta de phábháil ghrianchloiche sa chuid tosaigh de. Baineann leachta agus Reilig na Manach leis an aireagal.
Cuireadh léibheann breise isteach chun an tAireagal Beag a thógáil. Tá leithreas na mainistreach taobh leis sin agus is struchtúr beag coirceogach atá ann a tógadh thar ailt rite.
An bealach chuig an Mainistir
Thóg na manaigh trí shraith de chéimeanna chuig a mainistir, rud a d’fhág go raibh siad in ann teacht uirthi i gcónaí, cuma cén saghas aimsir a bhí ann. Tugtar na Céimeanna Thoir, Theas agus Thuaidh orthu sin. Ní féidir leis an bpobal ach na Céimeanna Theas a úsáid sa lá atá inniu ann. Ag tús na dtrí staighre, gearradh na céimeanna as an gcarraig, agus is de chlocha singile a tógadh iad ón áit nach féidir le tonnta garbha na farraige iad a shroicheadh a thuilleadh. Tagann an Staighre Theas agus Staighre Thuaidh le chéile ag Christ’s Saddle, an t-aon chuid den oileán atá réasúnta cothrom, agus leanann na staighrí ar aghaidh chomh fada leis an mainistir.
Baineadh cuid ghearr de na Céimeanna Theas bunaidh chun an bóthar chuig an teach solais a chruthrú sna 1820aidí. Is ón mbóthar sin a thosaíonn cuairteoirí ar a dturas suas chuig an mainistir ach ní céimeanna bunaidh an chéad chúpla staighre. Tá an staighre rite go maith agus é ag dul suas timpeall an oileáin agus bíonn radharc iontach ag an duine siar ar an mórthír agus ar an Sceilg Bheag. Tá staighre fada, a théann suas chuig Christ’s Saddle, ann mar ar féidir leis na cuairteoirí a scíth a ligean sula leanann siad orthu suas chun na Mainistreach féin. Ag barr an staighre rochtana, tá bealach isteach a tógadh sa naoú haois déag, as a dtéitear isteach i nGairdín Uachtarach na Manach. Is féidir an bealach isteach a bhí ann ón tús a fheiceáil ag ceann eile an ghairdín sin, agus é suite ag barr na gCéimeanna Thoir.
Na Ballaí Coinneála
Tógadh na ballaí ollmhóra sin de chlocha singile chun léibhinn chomhréidhe a chruthú chun an mhainistir a bhunú. Tá na clocha a úsáideadh réasúnta mór agus is féidir cinn ghearra na gcloch a fheiceáil in éadan an bhalla. Tugann na ballaí foscadh freisin ó na príomhghaoithe agus cruthaítear micrea-aeráid leo, rud a d'éascaigh leis na manaigh bianna bunriachtanacha a fhás. Tógadh na ballaí le linn tréimhsí difriúla agus léiríonn sé sin gur thit siad ó chéile agus gur atógadh iad arís is arís eile le himeacht aimsire.
Na Bealaí Isteach
Bhí roinnt bealaí le dul isteach i gclós na mainistreach, agus tógadh gach ceann in áit ceann a bhí ann roimhe sin. Maidir leis an mbealach isteach atá ann sa lá atá inniu ann, tá sé ar an tríú ceann a tógadh. Bhí geata sa Bhealach Seachtrach Isteach ar barr na gCéimeanna Thoir, agus d’fhéadfaí an geata sin a dhaingniú.
An tAireagal Mór

Is é seo an eaglais is sine dá bhfuil ann fós laistigh de chlós na mainistreach agus is aireagal traidisiúnta atá ann ar chruth báid ar a béal faoi. Tá doras leathan sa taobh thiar ann chomh maith le fuinneog bheag ar chruth dronuilleoige sa bhalla thoir. Cruth dronuilleoige an déanamh a bhí air agus tá ballaí tiubha ann a tógadh de chlocha singile. Tá leideanna le feiceáil ar na ballaí laistigh gur cuireadh aol orthu tráth
Teampall Michíl
Is é seo an t-aon struchtúr mainistreach dá bhfuil ar an oileán a tógadh le moirtéal aoil. Tógadh í le linn dhá thréimhsí ama, b'fhéidir go mbaineann an chéad tréimhse leis an tráth a tiomnaíodh an láithrean do Naomh Micheál sa chuid deiridh den deichiú céad nó go luath san aonú céad déag. Baineann an dara tréimhse leis an dóú céad déag. Tá fuinneog sa taobh thoir den eaglais agus doras ar an taobh thuaidh agus tugadh gaineamhchloch ó Dhairbhre chun na codanna maisithe a dhéanamh. Bheadh an díon déanta de struchtúr adhmaid agus is dócha go raibh sé sclátaithe. Plástráladh go seachtrach é agus is rídhócha gur cuireadh aol air rud a d’fhágfadh go mbeadh cuma an-difriúil air i gcomparáid leis na foirgnimh eile sa mhainistir. Thit cuid den eaglais seo ó chéile de bharr chomh sean is a bhí sí.
Reilig na Manach
Tá reilig na manach suite soir ón Aireagal Mór agus liaga seasta móra fada mar theorainn uirthi feadh a bhun ar an taobh thuaidh agus thiar. Tá méid na reilige níos lú ná mar a bhíodh toisc gur thit cuid den struchtúr ar an taobh thoir ó chéile. Tá sraith na gcroiseanna ar an taobh thiar san áit a bhí siad ar dtús. Tá cuma gharbh ar na croiseanna sin agus tá maisiúchán simplí greanta ar roinnt díobh.
Cillín F
Gnáthchillín cónaithe laistigh de chlós na mainistreach is ea an cillín seo agus is é an t-aon cheann atá suite ar leibhéal íochtarach an chosáin. Tá sé ar chruth cearnóige laistigh beagnach ach déanann sé cruth ciorcail os cionn leibhéal an lindéir, agus déanann sé díon coirbéalta os a chionn sin. Tá an bealach a dtéitear isteach ann pábháilte agus is áiteanna codlata do thriúr manach a bheadh sa chuid ardaithe ar na trí thaobh eile. Bhí cupard dá chuid féin ag gach manach, a bhí tógtha ina chuid de na ballaí, agus tá roinnt bacán cloiche ann a thagann amach as an mballa laistigh go bhféadfaí tiachóga nó málaí agus mar sin de a chrochadh orthu.
An Coirbéaladh
Is leis an gcoirbéaladh a tógadh na foirgnimh uile de chlocha singile ar Sceilg Mhichíl. Teicníc is ea í seo lena leagtar clocha aonair go cothrománach, gach ceann á leagan os cionn na cloiche roimhe sa chaoi is go mbeidh siad crochta amach thar an gceann roimhe ar an taobh istigh. Téann an spás laistigh i laghad ar an gcaoi sin de réir mar a théann na taobhanna in airde le struchtúr cosúil le cruinneachán a dhéanamh. Tá na clocha ar fad leagtha amach sa chaoi is go bhfuil fána anuas leis na taobhanna lasmuigh rud a fhágann go dtaomtar báisteach de na ballaí agus í ag titim agus go mbíonn an foirgneamh uiscedhíonach i gcónaí.
Leachta
íšsáidtear an téarma leacht chun cur síos a dhéanamh ar na struchtúir bheaga ar chruth dronuilleoige a tógadh de chlocha agus a bhíonn le fáil gar d’eaglaisí luatha. Ní léir cén fheidhm a bhí leo go baileach ach d'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh gur tógadh iad chun duine naofa áirithe a chomóradh nó chun bheith ina n-altóir nó stáisiún urnaithe de réir dheasghnátha na heaglaise luaithe.
Idir Teampall Michíl agus an tAireagal Mor tá leacht ann ar struchtúr de chlocha singile atá ann ar tógadh crois mhór cheartdíreach (atá briste anois) sa cheann thiar air. Nochtadh de bharr tochailtí nár adhlacadh aon duine laistigh den struchtúr sin, ach gur adhlacadh triúr timpeall air.
Sistéil Uisce
Toisc nach bhfuil aon soláthar fionnuisce ar Sceilg Mhichíl, cheap na manaigh modh sofaisticiúil chun uisce a chruinniú chun a riachtanais a chomhlíonadh. Tógadh dhá shistéal uisce laistigh de chlós inmheánach na mainistreach agus an tríú ceann beagán siar ón gclós. Dearadh iad sin sa chaoi is go gcruinneofaí uisce ón mbuncharraig chlaonta nochta os cionn na mainistreach. Tógadh na sistéil roimh na cillíní laistigh den mhainistir, rud a thugann le fios a thábhachtaí is a bhí sé uisce a bhainistiú go mairfeadh an pobal. Tógadh an sistéal atá le feiceáil anseo ina chuid de bhun an ardáin atá faoi Chillín B.
Croiseanna
Tá breis is céad crois chloiche ar mhéideanna difriúla taifeadta ar an oileán. Tá an dá cheann is airde maisithe go mór agus suite ó thuaidh agus ó dheas ón Airgeadal Mór. Tógadh an chrois ó thuaidh ina chuid den leacht a bhí ann roimh an aireagal. Baineann na croiseanna sin agus na leachta gaolmhara le ré luath na mainistreach.