World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Sceilg Mhichíl

  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
    • An Mhainistir
    • An Díseart
    • Na Tithe Solais
    • Tochailtí Seandálaíochta
    • Oibhreacha Caomhnúcháin
  • An Oidhreacht nádúrtha
  • Foilseacháin
  • Gailearaí
  • Eolas do chuairteoirí
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Sceilg Mhichíl
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • Oibhreacha Caomhnúcháin

Oibreacha Caomhnúcháin

Cuireadh tús le céim reatha na n-oibreacha caomhnúchain i 1978 nuair a rinneadh roinnt deisiúchán práinneach ar bhalla a bhí tite ó chéile sa Mhainistir. Díríodh clár tosaigh na n-oibreacha ar na Céimeanna Theas agus ar na struchtúir laistigh den Mhainistir féin. 

Faoi lár na 1980aidí, athraíodh an fócas le díriú ar struchtúr an láithreáin a chaomhnú agus ar an ngá leis na ballaí coinneála a chomhdhlúthú. Bhí roinnt díobh contúirteach mar gheall ar an mbail a bhí orthu.  Bhí Léibheann an Airgeadail Bhig ar an gcéad cheann díobh sin a cuireadh i gcrích. Tugadh faoi oibreacha ansin ar Ghairdíní Uachtaracha agus íochtaracha na Manach araon agus ar roinnt bealaí isteach. Nuair a bhí cuid mhaith den obair ar an Mainistir curtha i gcrích, deisíodh na Céimeanna Thoir agus Thuaidh.

ó 2004, díríodh clár na n-oibreacha ar iarsmaí fairsinge na struchtúr ar an mBinn Theas a chaomhnú. Ní sraith léibheann agus ardán amháin a bhí i gceist le clár na n-oibreacha sin ach cuimsíodh struchtúr eile freisin a bhain le dhá chuid de bhealaí rochtana chuig an mbinn. Cuireadh an obair dhúshlánach sin chomh maith le taifead iomlán uirthi, i gcrích faoi dheireadh shéasúr 2008.

Tá tuilleadh eolais ar chlár na n-oibreacha caomhnúcháin sa Phlean Bainistíochta atá ar fáil ar an suíomh idirlín seo.

  • Conserving the Outer Terrace on the South Peak
  • Conservation works in progress on the Garden Terrace on the South Peak
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2022 An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com