World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Sceilg Mhichíl

  • An Cúlra staire
  • An Oidhreacht fhoirgnithe
  • An Oidhreacht nádúrtha
  • Foilseacháin
  • Gailearaí
  • Eolas do chuairteoirí
  • Ceisteanna coitianta
  • Nuacht
  • Naisc
  • Teagmhálacha
You are here:
  • Sceilg Mhichíl
  • Ceisteanna coitianta

Ceisteanna Coitianta

Leideanna d’úsáideoirí a úsáideann teicneolaíochtaí cabhrach: Cliceáil ar theideal na gceisteanna thíos chun míniú ar an ábhar a leathnú amach agus a léamh.

fold faq

Cathain a bhí­onn an t-oileán oscailte do chuairteoirí­?

Bí­onn an t-oileán ar oscailt ó lár mhí­ na Bealtaine go deireadh mhí­ Mheáin Fómhair, ag brath ar an aimsir. Ba cheart do chuairteoirí­ seiceáil leis na bádóirí­ áitiúla le fáil amach cé acu bádóirí­ ag a bhfuil ceadúnas cuairteoirí­ a thabhairt i dtí­r ar an oileán. Bí­onn an t-oileán dúnta gach tráth eile agus ba cheart go dtuigfeadh cuairteoirí­ nach bhfuil aon seirbhí­s treorach ná sláinte agus sábháilteachta ar an oileán lamuigh de na huaireanta sin.

fold faq

Cén chaoi a sroichfidh mé an t-oileán?

Imí­onn báid as Baile an Ridire (Dairbhre), An Caladh, Baile an Sceilg agus Cathair Dónall. Tá an t-oileán 11.6 km ón mórthí­r agus maireann an turas ar an mbád idir 45 nóiméad agus beagán os cionn dhá uair an chloig, ag brath ar an áit a gcuirtear tús leis an turas. D'fhéadfadh an fharraige a bheith garbh agus ní­or cheart do dhaoine a gcuireann tinneas farraige as dóibh nó nach maith leo báid gan áit faoi dhí­on do phaisinéirí­ an turas a dhéanamh ach le linn soininne.

fold faq

Cén t-eolas atá ar fáil faoin oileán?

Nuair a bhí­onn an t-oileán ar oscailt do chuairteoirí­, bí­onn seirbhí­s treorach ann, agus is ag an mainistir atá bunáit na seirbhí­se sin. Tugann na treoraithe cainteanna ag an mainistir agus bí­onn siad ar fáil chun do chuid ceisteanna a fhreagairt. Bí­onn súil ag na treoraithe ar chúrsaí­ sláinte agus sábháilteachta freisin mar sin déan cinnte go dtabharfaidh tú cluas dóibh agus aon treoir nó ordú á thabhairt acu.

fold faq

An féidir liom fanacht ar an oileán?

Ní­l aon chóirí­ocht ann do chuairteoirí­ ar an oileán.

fold faq

An bhfuil áiseanna leithreasa agus bia ar fáil ar an oileán?

Ní­l aon leithreasa ar an oileán agus ní­l aon soláistí­ ar fáil. Ba cheart do chuairteoirí­ na leithreasa ar an mórthí­r a úsáid agus ba cheart dóibh bia agus deoch a thabhairt leo don turas. Iarrtar ar chuairteoirí­ bia a ithe ag bun na gcéimeanna nó ag Christ’s Saddle. Moltar go dtógfadh cuairteoirí­ go leor uisce leo toisc go bhféadfadh fadhb a bheith ag daoine ó thaobh iad a bheith dí­hiodráitithe agus an aimsir te. Meabhraí­tear freisin do chuairteoirí­ a mbruscar ar fad a thabhairt ar ais leo nuair a fhágann siad an t-oileán.

fold faq

Céard is cóir dom a chaitheamh?

Ní­ féidir an aimsir ar Sceilg Mhichí­l a thuar roimh ré agus ba cheart do chuairteoirí­ éadaí­ teo agus feisteas uiscedhí­onach a thabhairt leo. Tá sé bunriachtanach go gcaithfí­ coisbheart cuí­ freisin toisc go bhféadfadh na céimeanna a bheith sleamhain go háirithe le linn báistí­ nó ina dhiaidh.

fold faq

An mbaineann cúrsaí­ sláinte agus sábháilteachta le hábhar?

Oileán géarchrochta is ea Sceilg Mhichí­l agus bí­onn ar an duine thart faoi 600 céim a dhreapadh ar an mbealach suas go dtí­ an barr chuig an mainistir, atá 180 méadar ar airde ó leibhéal na farraige.  Ba cheart d’aon chuairteoirí­ a bhfuil fadhbanna sláinte acu nó a mbí­onn eagla orthu agus iad ard a machnamh a dhéanamh maidir le cé acu an n-oireann an turas dóibh. Ba cheart do gach cuairteoir a bheith cúramach agus é nó í­ agus dul suas agus anuas na ceimeanna toisc nach bhfuil aon ráille láimhe ann agus go dtéann an talamh le fána go rite amach ó na céimeanna.

fold faq

An féidir liom leanaí­ óga a thabhairt liom?

Moltar do chuairteoirí­ gan leanaí­ óga a thabhairt chuig Sceilg Mhichí­l. Tá fáilte roimh leanaí­ ní­os sine, ar ndóigh, ach moltar do thuismitheoirí­ an chontúirt a bhaineann leis an turas a mhí­niú dóibh agus súil ghéar a choinneáil orthu i gcónaí­.

fold faq

An bhfuil fáil ar eolas ar Sceilg Mhichí­l ar an mórthí­r?

Tá taispeántas agus fí­seán in Skellig Experience ar Dhairbhre, dí­reach os comhair An Caladh.

fold faq

An gceadaí­tear ainmhithe a thabhairt?

Ní­ cheadaí­tear ainmhithe a thabhairt ar an oileán toisc gur Tearmann Dúlra Reachtúil atá ann.

Visitors disembarking at the island’s pier in Blind Man’s Cove
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2022 An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com