© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com
Grianstad an Gheimhridh
Tagann daoine le chéile ag Sí an Bhrú roimhe éirí na gréine gach maidin ón 18ú Nollaig go dtí an 23ú Nollaig. Is ar 8.58am a éiríonn an ghrian.
Is le crannchur amháin a chinntear cé a rachaidh isteach sa seomra. Tá fáilte roimh gach duine eile teacht áfach agus seasamh lasmuigh den séadchomhartha.
Chun d’ainm a chur isteach sa chrannchur, is féidir leat foirm iarratais a chomhlánú in Ionad Cuairteora Bhrú na Bóinne nuair a thugann tú cuairt ar Shí an Bhrú. De rogha air sin, is féidir leat do sheoladh poist, uimhir teagmhála teileafóin agus nóta maidir le cé acu ar thug tú cuairt ar Shí an Bhrú riamh a sheoladh ar an ríomhphost chuig brunaboinne@opw.ie. Comhlánóidh duine den fhoireann iarratas thar do cheann ach na sonraí sin a fháil. Caithfidh iarratasóirí a bheith os cionn 10 mbliana d’aois. Caithfidh duine fásta a bheith i dteannta leanaí faoi bhun 18 bliana d’aois. Ní féidir ach iarratais a dhéantar ar an bhfoirm oifigiúil a chur isteach sa chrannchur. Ní bhíonn iarratais bailí ach do chrannchur na bliana reatha amháin.
Déantar seasca ainm a tharraingt, agus tugtar cuireadh do gach duine den seasca duine sin a bheith i láthair i gcuideachta ar mhaidin ar leith. Bíonn deichniúr buaiteoirí an chrannchuir agus a n-aíanna sa seomra gach maidin. Déantar roinnt ainmneacha breise a tharraingt freisin agus cuirtear ar liosta sealadach iad. Bíonn an liosta sealadach ann i gcás nach mbítear in ann dul i dteagmháil le duine ar tarraingíodh amach a (h)ainm don liosta tosaigh nó sa chás nach mbíonn sé nó sí in ann taisteal chuig Sí an Bhrú ar an dáta a tugadh dó nó di. Áit dho-inaistrithe a bhíonn i gceist leis na háiteanna ag Sí an Bhrú d’éirí na gréine. Ní féidir le buaiteoirí an chrannchuir a n-áit sa seomra a thairiscint do dhuine eile.
Bhí 28,595 iontrálacha ann do Ghrianstad 2018.
Ní féidir aon ráthaíocht a thabhairt go soilseoidh an ghrian an seomra ar aon cheann de na maidineacha….is ar an aimsir go huile is go hiomlán a bhraitheann sé sin!