World Heritage Ireland Website
  • Skip Navigation
  • Baile
  • Téigh i dTeagmháil
  • Mapa an Láithreáin
  • English version
  • Brú na Bóinne
  • Sceilg Mhichíl
  • Liosta Sealadach
  • Eolas Faoi
  • Nuacht
  • Foilseacháin

Nuacht

  • RSS
You are here:
  • Nuacht

Nuashonrú maidir le hullmhú Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda nua d’Éirinn


Ar aon dul le comhairle ó UNESCO go ndéanfaí athbhreithniú ar Liostaí Sealadacha Oidhreachta Domhanda gach deich mbliana ar a laghad, sheol an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta gairm ar iarratais in Eanáir 2019 chun Liosta Sealadach nua de Mhaoin Oidhreachta Domhanda in Éirinn a chruthú agus ba é an spriocdháta a bhí luaite le hiarratais a fháil an 30 Meitheamh 2021. Fuair an Roinn sé hiarratas bhailí chun a bheith páirteach sa Liosta Sealadach nua faoin spriocdháta:

  1. Tírdhreach Cultúrtha Ardtailte Bhoirne, Co. an Chláir;
  2. Inis Cealtra, Co. an Chláir;
  3. Tionól Cábla Trasatlantach: Dairbhre, Co. Chiarraí-Heart's Content, Talamh an Éisc agus Labradar, Ceanada;
  4. Láithreáin Ríoga na hÉireann, Na Contaetha seo a leanas - Cill Dara, an Iarmhí, Tiobraid Árann, Ros Comáin agus An Mhí*;
  5. Tírdhreach Tuama Pasáiste Cho. Shligigh; agus
  6. Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin.

*Tabhair faoi deara: samhlaíonn Láithreáin Ríoga na hÉireann go mbeidh Eamhain Mhacha, Co. Ard Mhacha á chur san áireamh mar chuid d’ainmniúchán trasnáisiúnta Láithreáin Ríoga na hÉireann.

 

Cinneadh i ndiaidh scagadh tosaigh a dhéanamh go gcomhlíonann na sé hiarratas na bunriachtanais a bhaineann le measúnú a bheith á dhéanamh ag Sainghrúpa Comhairleach (SGC) atá bunaithe ag an Aire chun iarratais a mheas (cinneadh nár chomhlíon iarratas a bhain leis an bhFoirgneamh CHQ agus Duga Sheoirse i gCathair Bhaile Átha Cliath na riachtanais seo). Páirteach in SGC tá cuig saineolaithe ón earnáil oidhreachta; an Dr Carol Westrik, Cathaoirleach agus Saineolaí ar Oidhreacht Dhomhanda; an Dr Alison Sheridan, Saineolaí ar Sheandálaíocht Idirnáisiúnta; agus Jane Jackson, Uasal, Saineolaí ar Ailtireacht Thionsclaíoch; Dr Claire Cave , saineolaí oidhreachta nádúrtha; agus Dr William Megarry, Saineolaí Seandálaíochta na hÉireann (tá tuilleadh sonraí maidir le SGC le fáil ag https://www.<wbr />worldheritageireland.ie/<wbr />tentative-list/).

Sna seachtainí amach romhainn, déanfaidh SGC measúnú ar na sé hiarratas bhailí bunaithe ar chumas gach iarratas léargas a thabhairt ar Luach Uilíoch Sármhaith, sláine agus/nó barántúlacht, creataí fadtéarmacha cosanta agus bainistíochta, agus fianaise ar thacaíocht páirtithe leasmhara áitiúla. Tá sé beartaithe go mbeidh a mheasúnú curtha i gcrích ag SGC agus go mbeidh moltaí déanta ag tús mhí Mheán Fómhair maidir leis na láithreáin ba cheart a chur san áireamh ar Liosta Sealadach nua.

Ansin déanfaidh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta breithmheas ar aon mholtaí a bheidh déanta ag SGC bunaithe ar ullmhacht agus oiriúnacht don fhoirm, faoi réir cead a fháil ón Aire, le haghaidh Liosta Sealadach nua na hÉireann. Samhlaítear go gcuirfear an Liosta Sealadach nua de Mhaoin Oidhreachta Domhanda, a thiocfaidh in áit an Liosta Shealadaigh reatha, faoi bhráid Ionad Oidhreachta Domhanda UNESCO go luath in 2022.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, ionas gur féidir leanúint ar aghaidh agus maoin a ainmniú le haghaidh stádas iomlán Oidhreachta Domhanda ina dhiaidh sin, nach mór go mbeadh an mhaoin ainmnithe ar an Liosta Sealadach le haghaidh bliain amháin ar a laghad. Áireofar san ainmniúchán a dhéanfar ar Stádas Oidhreachta Domhanda iomlán ina dhiaidh sin, a bheidh á threorú ag an Roinn i gcomhpháirt le hÚdaráis Áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha, doiciméid ainmniúcháin agus pleananna caomhantais agus bainistíochta a ullmhú. Táthar ag súil go dtógfaidh an chéim mhionsonraithe seo den phróiseas, lena n-áirítear tuilleadh comhairliúcháin phoiblí agus rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara áitiúla, roinnt blianta le cur i gcrích, agus go mbeidh ról lárnach ag tacaíocht áitiúil in aon ainmniúchán a dhéanfar ina dhiaidh sin.

Samhlaítear go n-athosclófar an próiseas a bhaineann le Liosta Sealadach na hÉireann a chur i dtoll a chéile le haghaidh athbhreithnithe am éigin as seo go ceann cúig bliana chun deis a thabhairt don Roinn láithreáin eile a mheas a d'fhéadfaí a mholadh agus a léiríonn Luach Uilíoch Sármhaith. D’fhéadfaí go n-áireofaí ina measc maoin atá ar an Liosta Sealadach reatha nár cuireadh iarratais i dtoll a chéile maidir leo faoin bpróiseas iarratais reatha.

Back to News
  • Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Logo
  • World Heritage Logo
  • Office of Public Works Logo
  • Inrochtaineacht
  • Príobháideacht & Séanadh

© 2022 Department of Housing, Local Government & Heritage.
Designed and Developed by Roomthree.com