© 2022 An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Arna Dhearadh & Arna Fhorbairt ag Roomthree.com
Sceilg Mhichíl
Is éard atá i gCarraigeacha na Scealg ná Sceilg Mhichíl (ar a dtugtar an Sceilg Mhór freisin) agus an Sceilg Bheag agus is creaga fíorarda iad atá san Aigéan Atlantach agus beagnach 12 chiliméadar siar ó Leithinis Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí. Tá siad suite ar imeall iarthar mhórchríoch na hEorpa agus roghnaíodh Sceilg Mhichíl mar cheann scríbe do ghrúpa beag de mhanaigh aiséiteacha a tharraing glan amach ón tsibhialtacht chuig an áit iargúla doshroichte seo ar thóir cumainn níos fearr le Dia. Am éigin idir an séú agus an t-ochtú céad, bunaíodh mainistir ar an gcarraig ghéarchrochta seo rud a d'fhág ceann de na samplaí is iontaí de thréithe na déine a bhain le manachas na Críostaíochta.
Is cosúil gur bhog pobal na manach chuig an mórthír faoin tríú céad déag ach bhí tóir ag oilithrigh ar an oileán ar feadh na gcéadta bliain ina dhiaidh sin freisin. Sa naoú céad déag, tógadh dhá theach solais ar Sceilg Mhichíl, rud a thug le fios a thábhachtaí is a bhí an t-oileán i stair mhuirí na hÉireann.
Tá Sceilg Mhichíl ar cheann de na suíomhanna is tábhachtaí in Éirinn freisin le haghaidh éan mara goir ó thaobh mhéid na gcóilíneachtaí agus éagsúlacht na speiceas.
Tá bail an-mhaith ar iarsmaí na mainistreach agus tá an spioradáltacht a bhain léi tráth fós le brath go láidir ann, agus is rud é sin atá fíormhealltach do shícé an duine. Téann an méid a bhain na manaigh sin amach na céadta bliain ó shin i bhfeidhm go rímhór ar an gcuairteoir agus, in éineacht le braistint an aonarachais, an aigéin agus na n-éan, baineann beagán draíochta leis an oileán freisin. Is álainn mar a chuir George Bernard Shaw an bhraistint sin in iúl, nuair a chuir sé síos ar an ‘incredible, impossible, mad place’ seo mar ‘part of our dream world’ tar éis cuairte i 1910.
D’inscríobh UNESCO oileán Sceilg Mhichíl i 1996 ar an Liosta Oidhreachta Domhanda mar aitheantas ar sárluach uilíoch a bhaineann leis.