Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2025-2035

Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2025-2035

Is í an Straitéis don Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn 2025-2035 an chéad straitéis náisiúnta de chuid na hÉireann chun tacú le Coinbhinsiún 1972 EOECNA maidir le hOidhreacht Dhomhanda a chur i bhfeidhm. Cothóidh an Straitéis cur chuige níos comhtháite, níos cuimsithí agus níos idirdhisciplíní i leith chosaint agus bhainistíocht na hOidhreachta Domhanda go náisiúnta agus go háitiúil araon agus feabhsóidh sí rannpháirtíocht, rannpháirteachas agus cumarsáid i measc na bpáirtithe leasmhara áitiúla i mbainistíocht na Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda agus na láithreán atá ar an Liosta Sealadach atá ann cheana féin agus a bheidh ann amach anseo.

Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún in 1991 agus inscríobhadh an dá Réadmhaoin Oidhreachta Domhanda de chuid na hÉireann ar an Liosta Oidhreachta Domhanda in 1993 (Brú na Bóinne) agus 1996 (Sceilg Mhichíl). Conradh idirnáisiúnta idir Páirtithe Stáit atá sa Choinbhinsiún – agus iarrtar leis próisis, tionscnaimh, maoirseacht agus bainistíocht Stáit ar an Oidhreacht Dhomhanda agus tacaíocht agus rannpháirtíocht phoiblí agus phobail ann chun tacú leo. Mar shínitheoir leis an gCoinbhinsiún, tá dualgas ar Éirinn Sárluachanna Uilíocha na Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda atá aici anois agus amach anseo a chaomhnú, a chur i láthair agus a tharchur chuig na glúnta atá le teacht.

Is é an fhís straitéiseach chun Oidhreacht Dhomhanda a chothú in Éirinn ná cosaint agus bainistiú eiseamláireach ar Réadmhaoin Oidhreachta Domhanda, pobail agus páirtithe leasmhara áitiúla cumhachtaithe, feasacht agus tuiscint fheabhsaithe ar Oidhreacht Dhomhanda go ginearálta, agus inscríbhinn réadmhaoine Éireannacha breise a bheith ar an Liosta Oidhreachta Domhanda.

Leagtar amach sa Straitéis seacht sprioc le baint amach thar na deich mbliana atá romhainn:

  1. Líon na láithreán Éireannach atá inscríofa ar an Liosta Oidhreachta Domhanda* a mhéadú agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar Liosta Sealadach na hÉireann.
  2. Treoir reachtúil agus neamhreachtúil a sholáthar chun Oidhreacht Dhomhanda na hÉireann a fhorbairt agus a bhainistiú.
  3. Feabhas a chur ar inniúlacht agus ar chumas na bpáirtithe leasmhara uile chun Oidhreacht Dhomhanda na hÉireann a chosaint agus a bhainistiú.
  4. Tacú le cosaint, caomhnú, bainistíocht, léirmhíniú agus cur i láthair ceart Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda agus na láithreán ar Liosta Sealadach na hÉireann.
  5. Oidhreacht Dhomhanda a chomhtháthú i gcreat níos leithne na forbartha inbhuanaithe chun tairbhí na bainistíochta oidhreachta in Éirinn a léiriú agus a chur chun cinn.
  6. Cur le tionscnaimh Oidhreachta Domhanda, lena n-áirítear taighde agus comhoibriú idirnáisiúnta.
  7. Luachanna agus tairbhí inscríbhinn Oidhreachta Domhanda a chur in iúl go héifeachtach agus go forleathan.

*Faoi réir formheasa ag an gCoiste Oidhreachta Domhanda EOECNA

Sa Phlean Forfheidhmithe laistigh den Straitéis, leagtar amach sraith de spriocanna straitéiseacha agus de ghníomhartha gaolmhara atá le comhlíonadh faoi na seacht sprioc. Chun go gcuirfear an Straitéis i bhfeidhm go rathúil, beidh cur chuige uile-Rialtais agus comhordú éifeachtach le raon páirtithe leasmhara ag teastáil, in Éirinn, le EOECNA agus le Páirtithe Stáit eile sa Choinbhinsiún.

Strategy for World Heritage in Ireland 2025 to 2035 - English

Stategy for World Heritage in Ireland

2025-2035

Strategy for World Heritage in Ireland 2025 to 2035 - Gaeilge

Straitéis don Oidhreacht
Dhomhanda in Éirinn

2025-2035