Réamhrá ar Bhealaí Cultúrtha Chomhairle na hEorpa (Bealaí Cultúrtha)
Leis na Bealaí Cultúrtha, a sheol Comhairle na hEorpa in 1987, léirítear, trí thuras trí am agus spás, an chaoi a gcuireann oidhreacht thíortha éagsúla na hEorpa le hoidhreacht chultúrtha chomhroinnte bheo. Is líonraí pobail iad na Bealaí Cultúrtha a chuireann chun cinn na prionsabail atá mar bhonn le hobair agus luachanna uile Chomhairle na hEorpa: cearta an duine, daonlathas cultúrtha, éagsúlacht chultúrtha, comhthuiscint agus malartuithe thar theorainneacha. Feidhmíonn siad mar bhealaí le haghaidh idirphlé idirchultúrtha agus cuireann siad eolas agus tuiscint níos fearr ar stair na hEorpa chun cinn. Chuaigh Éire isteach go foirmiúil sna Bealaí Cultúrtha in 2025.

Cad iad ‘Bealaí Cultúrtha Chomhairle na hEorpa’?
Is é is aidhm do na Bealaí Cultúrtha ná a léiriú go gcuireann oidhreacht agus cultúr thíortha éagsúla na hEorpa le comhoidhreacht chultúrtha, trí thurais a thairiscint tríd an spás agus tríd an am, ar théamaí éagsúla atá ag roinnt tíortha Eorpacha.
Ligeann na bealaí sin do chuairteoirí áiteanna éagsúla a aimsiú de réir na dtéamaí roghnaithe: bealaí oilithreachta, pearsana stairiúla nó liteartha, oidhreacht inláimhsithe agus dholáimhsithe, na healaíona de gach cineál, traidisiúin bheo, etc.
Cumasaítear leis na bealaí sin comhar in go leor réimsí ó chultúr go hoidhreacht, oideachas agus turasóireacht, agus tugann siad cineálacha éagsúla páirtithe leasmhara le chéile: gairmithe, institiúidí, comhlachais oidhreachta, údaráis áitiúla, páirtithe leasmhara turasóireachta agus fáilteachais, etc.
Tá sé mar aidhm ag na bealaí sin cineálacha nua turasóireachta a spreagadh (turasóireacht bhríomhar, turasóireacht chliste, inbhuanaithe agus fhreagrach, etc.) agus is féidir leo cabhrú chomh maith le cuairteoirí a dháileadh chun plódú ag láithreáin áirithe a sheachaint. Le Bealach Cultúrtha, cuirtear cuairteoirí ar a gcumas eolas a fháil maidir le hoidhreacht inláimhsithe, dholáimhsithe, chultúrtha agus nádúrtha ar fud na hÉireann agus na hEorpa.
Feidhmíonn Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta mar croílár na mBealaí Cultúrtha in Éirinn agus tá sí ina ball de Bhord Rialaithe an Pháirt-Chomhaontaithe Mhéadaithe ar Bhealaí Cultúrtha.
Cad iad na critéir maidir le deimhniú ‘Bealaí Cultúrtha Chomhairle na hEorpa’?
Le bheith deimhnithe mar ‘Bealaí Cultúrtha Chomhairle na hEorpa’, ní mór d’iarratasóirí na critéir seo a leanas a chomhlíonadh.
Téamaí
- Ní mór do líonra féideartha gach ceann de na critéir théamacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- A bheith ionadaíoch maidir le luachanna Eorpacha agus a bheith i gcoiteann ag trí thír Eorpacha ar a laghad;
- Déanfaidh grúpaí saineolaithe ildisciplíneacha ó réigiúin éagsúla na hEorpa taighde agus forbairt orthu chun a chinntiú go mbeidh na gníomhaíochtaí agus na tionscadail a léiríonn é bunaithe ar chomhthoil;
- A bheith ina léiriú ar chuimhne, stair agus oidhreacht na hEorpa agus cur le léirmhíniú ar éagsúlacht na hEorpa sa lá atá inniu ann;
- A bheith ar fáil ar mhaithe le malartuithe cultúrtha agus oideachais do dhaoine óga agus, dá bhrí sin, a bheith i gcomhréir le smaointe agus ábhair imní Chomhairle na hEorpa sna réimsí sin;
- Forbairt tionscnamh agus tionscadal eiseamláireach agus nuálach i réimse na turasóireachta cultúrtha agus na forbartha cultúrtha inbhuanaithe a cheadú;
- A bheith ar fáil ar mhaithe le forbairt táirgí turasóireachta i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí agus oibreoirí turasóireachta atá dírithe ar phobail éagsúla, lena n-áirítear grúpaí scoile;
- A bheith léirithe go soiléir in ainm an bhealaigh chultúrtha; ní mór dó a bheith gonta agus sothuigthe.
Réimsí tosaíochta gníomhaíochta
Ní mór do líonra féideartha a bheith ábhartha do na réimsí tosaíochta seo a leanas:
- Comhar i réimse an taighde agus na forbartha: ní mór ról aontaitheach a bheith ag tionscadail maidir le mórthéamaí Eorpacha agus ní mór dóibh a léiriú conas a léiríonn na téamaí sin luachanna comhroinnte Eorpacha;
- Feabhas a chur ar an gcuimhne, ar an stair agus ar oidhreacht na hEorpa: ní mór do thionscadail an oidhreacht inláimhsithe agus dholáimhsithe a fheabhsú, go háirithe i limistéir nach bhfuil mórán eolais ar fáil fúthu, agus a dtábhacht stairiúil tríd an Eoraip a mhíniú;
- Malartuithe cultúrtha agus oideachais d’Eorpaigh óga: ní mór do thionscadail gníomhaíochtaí a eagrú le daoine óga chun coincheap na saoránachta Eorpaí a chur chun cinn;
- Cleachtas cultúrtha agus ealaíonta comhaimseartha: ní mór do thionscadail gníomhaíochtaí agus cleachtas ealaíonta a spreagadh lena ndéantar iniúchadh ar na naisc idir a dtéama Eorpach agus a gcultúr comhaimseartha;
- Turasóireacht chultúrtha agus forbairt chultúrtha inbhuanaithe: ní mór don tionscadal idirphlé a chur chun cinn idir cultúir uirbeacha agus thuaithe, réigiúin forbartha agus réigiúin faoi mhíbhuntáiste, agus idir tromlach agus mionlach. Ní mór dóibh páirt ghníomhach a thabhairt do na meáin agus comhpháirtíochtaí a lorg le heagraíochtaí turasóireachta chun aird a tharraingt ar a n-oidhreacht Eorpach agus a bheith mar chuid den fhorbairt chríochach inbhuanaithe.
Critéir Líonra
Ní mór do Bhealaí Cultúrtha líonra ildisciplíneach a chruthú atá lonnaithe i roinnt Ballstát de Chomhairle na hEorpa. Chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán, ní mór don líonra:
- Creat coincheapúil a chur i láthair bunaithe ar thaighde a rinneadh ar an téama a roghnaigh agus a ghlac na comhpháirtithe líonra éagsúla;
- rannpháirt a thabhairt do roinnt Ballstát de chuid Chomhairle na hEorpa trína cuid gníomhaíochtaí go léir nó trí chuid díobh gan gníomhaíochtaí de chineál déthaobhach a eisiamh;
- tá sé beartaithe go mbeidh an líon is mó is féidir de na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún Cultúrtha Eorpach (ETS Uimh. 18) agus, i gcás inarb iomchuí, de na Stáit eile rannpháirteach ann
- a chinntiú go bhfuil na tionscadail atá beartaithe inmharthana ó thaobh airgeadais agus eagrúcháin de;
- stádas dlíthiúil a bheith acu, i bhfoirm comhlachais nó cónaidhme comhlachas atá cláraithe i mBallstát de Chomhairle na hEorpa, a bunaíodh dhá bhliain ar a laghad roimh an iarratas a chur isteach;
- feidhmiú go daonlathach, an bhallraíocht is leithne a chinntiú i measc na mBallstát a bhfuil ionadaíocht acu ina gcomhlachtaí rialaithe, comhionannas inscne, agus uainíocht ina bpoist roghnacha.
Nuair a bheidh siad deimhnithe, beidh gach bealach faoi réir meastóireachta gach cúig bliana.
Amlíne an timthrialla deimhniúcháin
Chun deimhniú ‘Bealach Cultúrtha Chomhairle na hEorpa’ a fháil, ní mór do líonraí Bealaí Cultúrtha dul faoi phróiseas meastóireachta faoi chuimsiú Bealaí Cultúrtha bliantúla maidir le Timthriall Deimhniúcháin Chomhairle na hEorpa. Maireann timthriall deimhniúcháin thart ar 10 mí, ón spriocdháta chun na comhaid mheastóireachta a chur faoi bhráid na Rúnaíochta (31 Iúil gach bliain) go dtí an fógra maidir leis an gcinneadh ar athnuachan nó dámhachtain na ndeimhnithe (30 Meitheamh gach bliain).
Iarratas ar dheimhniúchán
Níl an chéad ghlao eile ar iarratais ar dheimhniúchán mar ‘Bealach Cultúrtha Chomhairle na hEorpa’ do Thimthriall Deimhniúcháin 2026-2027 ar oscailt go fóill. De ghnáth ní mór iarratais a chur isteach faoin 31 Iúil in aon bhliain ar leith. Ba cheart do líonraí Bealaí Cultúrtha ar spéis leo iarratas a dhéanamh fógra a thabhairt don Rúnaíocht go bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh trí litir oifigiúil i mBéarla nó i bhFraincis a sheoladh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin an Pháirt-Chomhaontaithe Mhéadaithe maidir le Bealaí Cultúrtha de chuid Chomhairle na hEorpa agus Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Bealaí Cultúrtha, (trí ríomhphost chuig evaluation@culture-routes.lu) tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2026.

Líonraí reatha na hÉireann
Trasnaíonn ceithre cinn de na 48 bealach deimhnithe Éire faoi láthair
Tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin na mBealaí Cultúrtha
Déan teagmháil le: An tAonad Oidhreachta Domhanda, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, ríomhphost: culturalroutes@housing.gov.ie