Tá Sceilg Mhichíl ar cheann amháin as deich gcinn de Láithreáin Oidhreachta Domhanda a roghnaíodh le bheith mar chuid den chéad tionscadal atá á mhaoiniú ag National Geographic, is é sin ‘Oidhreachtaí á gCaomhnú’, taobh le láithreáin cháiliúla eile cuir i gcás Petra san Iordáin, Léibhinn na Ríse i gCordailléaraí na nOileán Filipíneach agus Páirc Sheandálaíochta Angkor sa Chambóid.
An phríomhaidhm atá ann leis an tionscadal na pobail áitiúla a chur ar an eolas le go mbeidh siad in ann a n-oidhreacht chultúrtha féin a chosaint. Bhí Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair i gcomhar le chéile ar an tionscadal seo. Ceann de na torthaí ba thábhachtaí a bhí le cur ar fáil ná Measúnacht Leochaileachta Aeráide do Sceilg Mhichíl.
Tugadh faoin measúnacht i gcaitheamh na tréimhse 2023/2024 agus bhí ról ag saineolaithe teicniúla agus pobail lena linn. Déantar achoimre sa tuarascáil ar na próisis ag baint le Measúnacht Leochaileachta Aeráide ar Láithreán Oidhreachta Domhanda Sceilg Mhichíl agus ar na torthaí ón Measúnacht. Is iad Carrig Conservation a rinne an tuarascáil a dhréachtú do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus d’Oifig na nOibreacha Poiblí. Tugtar sonraí sa tuarascáil ar na rioscaí atá ann don Sceilg mar gheall ar an athrú aeráide, idir rioscaí aitheanta agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Tugtar gníomhartha molta chun tabhairt faoi bhearta maolaithe agus oiriúnaithe ina leith.
Nuair a dhéantar comparáid idir na torthaí ón Measúnacht Leochaileachta Aeráide seo agus Measúnacht a rinneadh deich mbliana ó shin, feictear go bhfuil cuid de na hiarmhairtí a tuaradh ansin tar éis dul in olcas ar an láithreán, cuir i gcás maidhm charraige, creimeadh agus fadhbanna rochtana. Luaitear chomh maith go bhfuil na hiarrachtaí bainistíochta atá déanta chun dul i ngleic leis na hiarmhairtí tar éis cuidiú a thabhairt leis an riosca a mhaolú agus le caomhnú leanúnach na háite, go háirithe na hiarrachtaí sin ag baint le maidhm charraige. Léiríonn sé seo a thábhachtaí atá an measúnú riosca mar chuid de phróiseas bainistíochta atriallach.
Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag obair i dteannta a chéile i gcónaí chun gníomhartha a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le bagairtí reatha. Bímid ag pleanáil don mheántéarma agus don fhadtéarma ionas go ndéanfar oidhreacht shuntasach chultúrtha agus nádúrtha Sceilg Mhichíl a chosaint agus a chaomhnú don am atá le teacht. Céim thábhachtach thosaigh is ea foilsiú na Tuarascála ón Measúnacht Leochaileachta Aeráide sna hiarrachtaí le dul i ngleic leis an tionchar ón athrú aeráide ar an Láithreán Oidhreachta Domhanda seo againne.
Seoladh an tuarascáil i nDairbhre, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin an 12 Samhain 2025 mar chuid d’ócáid don phobal a bhí páirteach san obair chun í a dhréachtú. Is féidir an tuarascáil a fháil ar an nasc seo.
