Maoin Sealadach

Réadlanna Réalteolaíocha Stairiúla na hÉireann
Tá oidhreacht iontach ag Réadlanna Réalteolaíocha Stairiúla na hÉireann atá ag dul siar go dtí an ré Sheoirseach. Tá stair na réadlanna fite fuaite mar gheall ar na réalteolaithe a raibh cónaí orthu agus a d’oibrigh iontu idir 1785-1908 agus tá a dteileascóip, arbh uirlisí ceannródaíocha a linne iad, fós le fáil in situ den chuid is mó sa lá atá inniu ann. Chuir Réadlann Ard Mhacha, Caisleán Bhiorra agus Réadlann Dhún Sinche go mór le forbairt na réalteolaíochta teileascópaí san 18ú agus sa 19ú haois, rud ar eascair fionnachtana bunúsacha as maidir lenár dtuiscint nua-aimseartha ar an gCosmas.

Tírdhreach na dTuamaí Pasáiste i gContae Shligigh
Tá thart ar chéad láthair le tuamaí pasáiste meigiliteacha, atá ceangailte le chéile, agus cairn, fágtha mar a bhí, i gContae Shligigh, atá lonnaithe i dtimpeallachtaí topagrafacha agus suntasacha go minic. Is féidir an Tírdhreach Tuamaí Pasáiste i gContae Shligigh a shamhlú mar ghrúpa cois cósta thuaidh de thuamaí pasáiste dírithe ar choimpléasc na Ceathrún Móire agus leithinis Chúil Iorra, agus grúpa intíre theas sa Bhricshliabh, daingnithe ag coimpléasc na Ceathrún Caoile, agus dlúthdhlús de shéadchomharthaí san dá áit.

Láithreáin Ríoga na hÉireann
Ón ochtú haois RCH ba iad Emain Macha, Dún Ailinne*, An Caiseal, agus Ráth Cruachanionaid ríoga traidisiúnta na gcúigí sa Tuaisceart, Oirthear, Deisceart agus san Iarthar, mar aon le Teamhair, suíochán na nArd-Rithe, agus Cnoc Uisnigh, croílár samhaltach na hÉireann, mar ghrúpa uathúil atá ina coimpléisc shearmanais seandalaíochta. Is léirithe fisiciúla iad den fhorbairt chumhachta, searmanais agus reiligiún i sibhialtacht Cheilteach nach raibh mórán tionchair uirthi ó na Rómhánaigh.

Tionól Cábla Trasatlantach
Is é an Bailiúchán Cábla Trasatlantach ainmniúchán srathach trasnáisiúnta a chuimsíonn na cinn aistir chladaigh den chéad teileagraf leictreach fomhuirí trasaigéanach buan ar domhan: an Ceann Aistir Oirthearach, Dairbhre, Contae Chiarraí, Éire (dhá chomhpháirt) agus an Ceann Aistir Iartharach, Heart’s Content, Talamh an Éisc, Ceanada (dhá chomhpháirt). Ó 1857 go 1865 rinneadh iarrachtaí éagsúla cábla a chur idir Dairbhre agus Talamh an Éisc.