Séadchomharthaí i bhFócas

Séadchomharthaí i bhFócas: Taiscéalaíocht Radhairc ar Oidhreacht Seandálaíochta na hÉireann

Is iarsmaí inbhraite de stair atá thar a bheith casta agus tarraingteach iad séadchomharthaí seandálaíochta na hÉireann. Tugann 150,000 séadchomhartha seandálaíochta aithnid na hÉireann léargas ar lonnaíocht daonna thar thréimhse 12,000 bliain, mar chuid de thírdhreach oidhreachta atá leabaithe i gcreatlach uile na tíre.

Baineann an-tábhacht leis na háiteanna seo do phobail fud fad na hÉireann, i mbailte, i sráidbhailte agus faoin tuath agus is léiriú iad ar ómós áite, ar leanúnachas agus ar athrú. Tá an oidhreacht ina foinse eolais spreagúil don chultúr, don litríocht, don ealaín agus don teanga.

Le os cionn 150 bliain anuas, is ar Oifig na nOibreacha Poiblí agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta atá an fhreagracht dhíreach maidir le cúram níos mó ná 1,000 séadchomhartha in Éirinn, lena n-áirítear, an dá Láithreán Oidhreachta Domhanda EOECNA (UNESCO), Brú na Bóinne agus Sceilg Mhichíl.

Cuireann na grianghraif atá ar taispeáint sa dánlann seo ar na súile dúinn, an bealach gur féidir le grianghrafadóireacht na linne seo aird a tharraingt ar nádúr an tseaniarsma. Tá tábhacht ar leith le grianghraf a ghlacadh de na séadchomharthaí seo, ar mhaithe le taifead a choinneáil dá gcothabháil agus dá gcaomhnú, agus monatóireacht a dhéanamh ar a mbail agus an tionchar a bhíonn ag creimeadh agus tarluithe adhaimsire orthu.

Tá bailiúchán ollmhór grianghraf ar fáil ag Cartlann Grianghraf Sheirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na hÉireann agus tá taifead anseo ar an gcúram atá curtha ar fáil do na séadchomharthaí seo le 150 bliain anuas. Tugann na híomhánna is luaithe, atá ar phlátghloine, léargas ar na séadchomharthaí agus ar an riocht ina bhfuil siad, agus cheapfá agus tú ag breathnú orthu, go dtéann siad siar sna blianta, chomh fada leis na séadchomharthaí iad féin. Tá na híomhánna luatha seo thar a bheith tábhachtach mar thaifead ar an riocht a bhí orthu san am a chuaigh thart, mar bhonnlíne lena n-éascaítear monatóireacht ar aon athrú san am atá le teacht, a éascú.

Tá an-bhród ar Éirinn na híomhánna seo a chur i láthair mar fhianaise dár dtiomantais chun ár n-oidhreacht chultúrtha a chosaint ar mhaithe le glúnta an lae inniu agus le glúnta atá le teacht, agus muid spreagtha ina leith seo ag na luachanna comhroinnte atá mar bhun agus barr EOECNA.

Balla 2

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 3

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 4

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 5

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 6

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 8

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 11

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 12

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 13

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Balla 14

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Cloch Locha Uachtair

Cloch Locha Uachtair, Co. an Chabháin

Tá an caisleán ag Cloch Locha Uachtair, Co. an Chabháin go hard os cionn an oileáin bhig seo ar Loch Uachtair, agus níl anseo ach ceann amháin den oileán atá scaipthe fud fad dheisceart Uladh. Tógadh an daingean a bhfuil cruth ciorclach air, atá neamhghnách in Éirinn, timpeall AD1220 ag an teaghlach Angla-Normannaigh, de Lacy, mar chuid dá n-iarrachtaí lonnaíochtaí nua ina raibh seilbh acu orthu a chuir faoi chois i gceantair Ghaelacha a bhí i ngiorraíocht do Thiarnas na Mí.


Teach na Manach

Teach na Manach, Conga, Co. Mhaigh Eo

Bhain manaigh phrióireacht Agaistíneach Chonga, Co. Mhaigh Eo, feidhm as an bhfoirgneamh beag seo ón 15ú haois ar aghaidh, nó Teach na Manach mar is fearr aithne air. D’éascaigh poll in urláir an fhoirgnimh rochtain ar uisce Abhainn Chonga, a raibh sruth mall léi, san áit a dtéann sí isteach i Loch Coirib, an loch is mó in iarthar na hÉireann.

Gleann Dá Loch

Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin

Faightear an t-ainm Gleann Dá Loch, ón nGaeilge, Gleann Dá Loch, ar aistriúchán é ar ‘ghleann a bhfuil dhá loch ann’. Bhunaigh Naomh Caoimhín mainistir bheag anseo ag deireadh an 6ú haois (d. c. 620). Le himeacht ama, is gearr go mbeadh sí seo ar cheann de na Mainistreacha ab iontaí a bhain le tréimhse luath-mheánaoisí na hÉireann. Ceapadh Gleann dá Loch mar lárionad dheoise ghearrshaolach ag tús an 12ú haois, agus tá cuid mhór séipéal agus foirgneamh eile le fáil, a tháinig slán ón tréimhse seo.

Cromleac Pholl na Brón

Cromleac Pholl na Brón, Co. an Chláir

Gobann an tuama ursanach ag Poll na Brón, Co. an Chláir amach as pábháil aolchloiche na Boirne, ainm a thagann ón bhfocal Gaeilge, boireann, a bhfuil áit chreagach mar bhrí leis. Thángthas, tar éis tochailt a dhéanamh, ar iarsmaí a bhain le 35 duine ar a laghad, iad curtha taobh istigh den seomra, an duine is luaithe ag dul siar go 5,800 bliain ó shin le linn thréimhse na luath-Neoilitheach, nuair a tógadh an tuama i dtús aimsire.

Cairn Mhéabha

Cairn Mhéabha, Cnoc na Riabh, Co. Shligigh

Is droim sainiúil é Cnoc na Riabh, a bhfuil sleasa géara leis agus é maol ar barr, atá go hard os cionn imeallbhord an Atlantaigh sa réigiún seo. Tá carnán clocha ar a mhullach ar a dtugtar Cairn Mhéabha, ainmnithe as banríon Chonnacht, a bhain le miotaseolaíocht ó ré luath-mheánaoise na hÉireann. Is é fírinne an scéil, ná go bhfuil sé seo ar cheann do na séadchomharthaí is mó a tógadh riamh le linn ré luath-mheánaoise na hÉireann agus tá athrú ó bhun go barr ar phróifíl iomlán na sléibhe dá bharr.

Inis Caoil

Snoíodóireacht ó luath sa mheánaois ar Inis Caoil, Co. Dhún na nGall

Tá na snoiteáin seo ó luath sa mheánaois le fáil ar shuíomh luath-eaglaise ar oileán Inis Caoil amach ó chósta thiar Dhún an nGall. Tá an chloch chun tosaigh deartha ag crosfhí agus seasann sí do chos a bheadh ar chros mhór agus tá an ceann ar iarraidh.

Teamhair

Cnoc na Teamhrach, Co. na Mí

Tá sraith coimpléisc de chréfoirt atá clúdaithe ag féar, tuamaí agus imfháluithe deasghnácha a théann siar go dtí go luath agus go déanach sa tréimhse réamhstaire, le fáil ar Chnoc na Teamhrach. Le linn ré na luath-mheánaoise bhí aithne ar an suíomh seo mar láthair oirnithe thraidisiúnta ard-ríthe na hÉireann. Seasann Teamhair mar shiombail íocónach de Náisiúnachas na hÉireann, sna céadta bliain is déanaí.


Cathair na Stéige

Cathair na Stéige, Co. Chiarraí

Tá an caiseal atá sa Stéig neadaithe i gceann caolghleanna taobh istigh de Leithinis Bhóthar Uíbh Ráthaigh Chiarraí. Níorbh ionann é seo agus an Grianán Ailigh agus Chnoc Droma mar nár tógadh an rath breá seo le go bhfeadfaí radharc a fháil air nó go mbeadh sé go hard os cionn na tuaithe gach taobh dó. Mothaítear go cinnte agus gan ach radharc ar éigean ar an ngleann síos i dtreo an Atlantaigh, nár theastaigh ó na tógálaithe aon aird nach raibh ag teastáil a tharraingt orthu féin.

An Dún

An Dún, Co. Dhún na nGall

Le linn ré na luath-mheánaoise bhí an t-oileán beag seo ar Loch an Dúin timpeallaithe go hiomlán ag caiseal mór millteach. Tá cuma dho-ionsaithe ar an ráth ón mórthír, agus foscadh, a bhí ag teastáil go géar, ó stoirmeacha an Atlantaigh, á chur ar fáil chomh maith, do na háitritheoirí, ag na ballaí móra millteacha. Tá an suíomh thar a bheith go hálainn ach murab ionainn é agus Grianán Ailigh, is mó an bhéim atá ag an suíomh seo ar chosaint a chur ar fáil, agus ní cumhacht pholaitiúil a thabhairt le fios.

Grianán Ailigh

Grianán Ailigh, Co. Dhún na nGall

Ceaptar gur tógadh an ráth, ar a dtugtar Grianán Ailigh, i dtús aimsire am éigin roimh AD800, ag Áed Oirdnide uaillmhianach, rí Cenél nÉogain, ríocht bheag, a bhí taobh le leithinis Inis Eoghain tráth. Bhíodh radharc ag Áed ó mhullach Shliabh Ghrianáin ar a áit dúchais, Inis Eoghain, chomh maith le féachaint amach ar na críocha a bhí sé tar éis a chuir faoi chois, ar fud fad an réigiúin.

Caiseal Chnoc Droma

Caiseal Chnoc Droma, Co. Chorcaí

Chuirfeadh Caiseal Chnoc Droma, atá suite ar mhullach, agus os cionn Chuan Ghleann Bearcháin agus imeallbhord iarthar Chorcaí, Grianán Ailigh i gcuimhne duit. Sa lá atá inniu ann, tá a bhalla ciorclach i bhfad níos ísle ná a bhráthair i nDún na nGall ach tá na trastomhais, a bheag nó a mhór mar a chéile. Tá radharc againn anseo ar fhothrach tí fhairsing dhronuilleogaigh taobh istigh de bhallaí an chaisil.


Ealaín Charraige sa Lios

Ealaín Charraige sa Lios, Co. Chiarraí

Tá an comhchruinniú is mó de shnoíodóireacht Neoiliteach in Éirinn le fáil i sléibhte garbha agus gleannta iarthar Chiarraí. Is léiriú an-mhaith iad na cuasghreantaí atá timpeallaithe ag ciorcail ghreanta de chineál ealaíne a thángthas air, ar lomáin charraige atá scaipthe ar fud an tírdhreacha oscailte, i go leor codanna de chuid na hÉireann ar feadh os cionn 5500 bliain.

Cairn Bán, Loch Craobh

Cairn Bán, Loch Craobh, Co. na Mí.

Cloch cholbha 52 An Ghráinseach Nua

Cloch cholbha Uimhir 52, An Ghráinseach Nua Co. na Mí

Cloch cholbha 67 An Ghráinseach Nua

Cloch cholbha Uimhir 67, An Ghráinseach Nua Co. na Mí

Murab ionann na cuasghreantaí simplí agus fáinní a bhíonn le fáil go coitianta san ealaín charraige amuigh faoin aer, bíonn teacht ar leaganacha níos casta de shnoíodóireacht ag coimpléisc shéadchomharthaí ailtireachta, ar a dtugtar, tuamaí pasáiste, agus a tógadh chomh maith le linn na tréimhse Neoiliteach. Is féidir teacht ar an gcineál ealaíne seo mar dhearadh, atá taobh istigh, ar thuamaí meigiliteacha, ar nós Cairn Bán ag Loch Craobh, chomh maith le Clocha colbha móra ag timpeall ar na tuamaí, cosúil leis an saothar teibí dúisitheach agus na foirmeacha céimseatúla atá le fáil ag Brú na Bóinne sa Ghráinseach Nua.

Halla an Toinlígh

Halla an Toinlígh, Co. Lú Louth

Suite achar gearr ó thuamaí pasáiste breátha Bhrú na Bóinne, tá an sampla seo le fáil ag Halla an Toinlígh, atá beag go leor agus nach bhfuil mórán suntais le baint as. Cé go bhfuil cáil dhomhanda ar Bhrú na Bóinne atá in aice láimhe mar gheall ar ailíniú le héirí na gréine ag grianstad an gheimhridh, níl an trácht céanna ar ailíniú Halla an Toinlígh le héirí na gréine ag grianstad an tsamhraidh.


Cluain Catha

Cluain Catha, Co. Dhún na nGall

Tá an chros ard seo ón 9ú haois atá i gCluain Catha, ar leithinis Inis Eoghain, leagtha síos agus ag tabhairt chun cuimhne, san áit a raibh luath-eaglais atá bainteach le Naomh Baoithín as Iona san Albain, agus dá thoradh sin, seo í an áit a bhunaigh Naomh Colm Cille, an naomh cáiliúil as Dún na nGall.

Mainistir Locha Léin

Mainistir Locha Léin, Co. Chiarraí

Bhunaigh Dónal ‘an Daimh’ (an file) Mac Cárthaigh, tiarna Gaelach iarthar Chiarraí, Mainistir Locha Léin, ar bhruach Loch Léin, timpeall na bliana AD1440. Tá fothracha na mainistreach de chuid na Proinsiasaigh thar a bheith slán, agus tá sé ar cheann de na mainistreacha ó ré na luath-mheánaoise is fearr a ndearnadh caomhnú ar a cuid fothrach, aon áit ar fud na hEorpa.

Inis Faithlinn

Inis Faithlinn, Loch Léin, Co. Chiarraí

Le linn an 6ú haois, deirtear gur bhunaigh Naomh Finian mainistir ar oileán Inis Faithlinn, ar Loch Léin, ceann de Lochanna Chill Airne, a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach acu. Le linn an 12ú haois, chuir Canónaigh Rialta Naomh Agaistín fúthu ansin agus rinne siad an mhainistir a athrú, ach ag am céanna chóiméad mar a bhí cuid de na seaneaglais ar an oileán.

Dolmain Chnoc an Bhrúnaigh

Dolmain Chnoc an Bhrúnaigh, Co. Cheatharlach

Tógadh an tuama ursanach seo, gur fearr aithne go háitiúil air mar Dholmain Chnoc an Bhrúnaigh, timpeall na bliana 3500 RCh. Tá sé ráite go bhfuil 100 tonna meáchain (100,000kg) sa liag mhullaigh mhór mhillteach eibhir, an liag mhullaigh is mó atá ar aon tuama meigiliteach in Éirinn.

Ciorcal Liag na hIúraí

Ciorcal Liag na hIúraí, Co. Chiarraí

Tá ciorcal liag agus gallán na hIúraí, a tógadh timpeall 1500RCh, suite os cionn Loch Inse Choinn. Níl ach cúig chloch sa chiorcal beag searmanais, a bhfuil gallán ollmhór, atá 3 mheadar ar airde, in aice leis.


An Seandaingean, Cionn tSáile

An Seandaingean, Cionn tSáile, Co. Chorcaí

I 1601, tháinig arm ollmhór de shaighdiúirí Spáinneacha i dtír in iarthar Chorcaí, ar chuireadh ó thiarnaí Gaelacha a bhí i mbun feachtais a mhair deich mbliana i gcoinne riail Shasana. Ba é an toradh a bhí leis seo ná Cath Chionn tSáile, nuair a bhí bua gan choinne ag fórsaí corónacha Shasana, agus dá bharr seo, cuireadh deireadh go deo, ar go leor bealaí, le saol meánaoiseach na hÉireann. Chuaigh rialtas Shasana i mbun feachtas gasta ar mhaithe le cósta an deiscirt a chosaint agus na daingniúcháin is nua-aimseartha á dtógáil acu. Cuireadh tús i mí Feabhra 1602, le hurdhún a raibh cruth peinteagánach air a thógáil, ar mhaithe le Cuan Chionn tSáile a chosaint. Tugadh tógáil an urdhúin chun críche in 1604 agus baineadh feidhm as ar fud an 17ú haois.

Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin

Cloch Oghaim Bhéal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí

Seo é ceann de na galláin réamhstairiúil is airde in Éirinn agus é suite os cionn Chuan Bhéal an Churraigh Bháin in iarthar Chorcaí. Agus é beagnach 5 mheádar ar airde, níor bhac duine ná deoraí leis ar feadh os cionn míle bliain, nó gur greanadh inscríbhinn oghaim ar thaobh amháin den chloch i gcuimhne ar mhuintir Uí Thorna, ceannairí mheánaoiseacha an réigiúin.

Ciorcal Liag na Bealtaine

Ciorcal Liag na Bealtaine, Co. Dhún na nGall

Suite in aice Ráth Bhoth i nDún na nGall, seo é ceann de na liagchiorcail is mó in Éirinn, tá 64 cloch ann, iad leagtha síos i gciorcal agus é beagnach 45 méadar ar trastomhas. Tugtar Ciorcal Liag na Bealtaine air, baisteadh an t-ainm sin air mar gheall ar fhéile ársa Bhealtaine, ag tús mhí Bealtaine, nuair a chuirtear tús go traidisiúnta le samhradh na hÉireann.


Carraig Phádraig

Carraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann

Ó thús an tsaoil tháinig Carraig Phádraig chun cinn mar chomhartha de ríogacht na Mumhan, suas go dtí AD1101, nuair a bhronn Muirchertach Ua Briain Carraig Phádraig ar an eaglais ‘mar ofráil ar son Naomh Pádraig agus an Tiarna’. Sa lá atá inniu ann, i dteannta na carraige, tá cloigtheach a théann siar go dtí luath sa 12ú haois (sampla maith de chloigtheach Éireannach), séipéal Rómhánúil agus an ardeaglais ón meánaoiseach déanach is breátha atá fós ann in Éirinn. I dteannta a chéile, is imlínte aitheanta den spéirlíne áitiúil iad agus ní fhéadfar dearmad a dhéanamh orthu.


Mullach Bhaile Shláine

Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí

Tá fothrach séipéil a tréigeadh in 1712, in aice le barr Mhullach Bhaile Shláine, séipéal a bunaíodh ar dtús faoi Naomh Erc, sa 5ú haois, bhí seisean ar dhuine de na chéad mhisinéirí a tháinig go hÉirinn agus ba dheisceabal de chuid Naomh Pádraig é. In aice láimhe, tá iarsmaí de Choláiste canónaigh, a bhunaigh Sir Christopher Fleming agus a bhean chéile Elizabeth Stuckly sa bhliain 1512.

Mainistir na Maighne

Mainistir na Maighne, Co. Mhaigh Eo

Bhunaigh ord Observantaigh na bProinsiasach, Mainistir na Maighne, atá suite ar chladaigh thiar Chuan Chill Ala, timpeall na bliana 1455. Is fothrach atá sa choimpléasc foirgnimh, sa lá atá inniu ann ach seachas sin, tá siad ar na mainistreacha Proinsiasaigh is sláine atá le fáil in aon áit ar fud na hEorpa.


Mainistir Chliara

Mainistir Chliara, Saothair Mhúrealaíne, Co. Mhaigh Eo

Ba ghné choiteann iad na múrphictiúir tráth. Bhí siad le fáil i bhfoirgnimh reiligiúnacha agus shaolta go déanach sa mheánaois ar fud na hÉireann, ach is beag ceann acu a bhí in ann an ceann is fearr a fháil ar aeráid thais na hÉireann agus, mar sin, is rud iontach ar leith é gur tháinig na pictiúir seo slán, agus iad ar oileán iargúlta san Atlantach. Bhí mainistir Chistéirseach Mhainistir Chnoc Muaidhe, Co, na Gaillimhe i bhfeighil ar an séipéal beag seo agus ba í an mhainistir Chistéirseach ba fhaide siar san Eoraip í, le linn thréimhse na Meánaoiseacha déanacha. Tá an tsíleáil luscach os cionn an tsaingil clúdaithe ag radhairc péinteáilte ar leith. Cé gur radhairc reiligiúnacha, gan amhras cuid acu, is cinn fhantaiseacha cuid eile ar nós gríobh agus dragún. Tá radhairc atá ag cur síos ar shealgaireacht le fáil ann chomh maith, lena n-áirítear, carria faoi ionsaí ag cúnna. Bhreathnaítí ar an gcarria mar shuaitheantas ar an aonarachas, geanmnaíocht agus uaisleacht, mar sin, cé go gceapfá, i dtús báire, gur radharc saolta a bhí anseo, is é fírinne an scéil ná go raibh ciall dhomhain reiligiúnach leis, mar chomhartha ar an streachailt idir an Chríostaíocht agus an t-olc.


Inis Gé Thuaidh

Snoiteán de Chéasadh Chríost, Inis Gé Thuaidh, Co. Mhaigh Eo

Tá Oileáin Inis Gé i measc na n-oileán is iargúlta amach ó chósta thiar na hÉireann. Mealladh an oiread sin bunúis heirméiteacha i ndiaidh a chéile le linn an 7ú agus 8ú haois AD, go díreach mar gheall ar cé chomh iargúlta is a bhí na hoileáin seo san Atlantach. Tá iarsmaí de mhainistir bheag, atá tiomnaithe do Naomh Colm Cille ar an oileán is faide ó thuaidh de dhá oileán Inis Gé, lena n-áirítear ceann de na snoiteáin de Chéasadh Chríost de chuid na hÉireann, is luaithe a bhfuil eolas air, a bhaineann le deireadh an 7ú haois is dócha.


Mainistir Sheireapúin

Mainistir Sheireapúin, Snoíodóireacht Cloiche, Co. Chill Chainnigh

Is féidir radharc a fháil den snoíodóireacht seo ar thuamaí atá snoite ag snoíodóir cloiche, Rory O’Tunney as Cill Chainnigh, timpeall lár an 16ú haois. Tá teacht ar na tuamaí seo taobh istigh de shéipéal mhainistir Chistéirseach ag Mainistir Sheireapúin agus roghnaigh na teaghlaigh a rinne iad a choimisiúnú, na haspail agus na naoimh ba mhó a raibh gean acu orthu. Cuirtear radharc de Síomón Díograiseoir agus Naomh Tomás ar na súile dúinn anseo, agus sábh agus claíomh ina lámha acu (siombail do mhairtíreacht na beirte faoi seach), agus ceaptar gurbh é Naomh Iúd (Thaddeus) an duine atá á léiriú sa lár.